
Cuspóir
1. Leagtar amach san fhógra seo na socruithe le haghaidh suíonna cúirte i rith mhí Lúnasa agus mhí Mheán Fómhair 2026.
2. Tabhair do d’aire go nglactar agus go n-ionchorpraítear go foirmiúil leis na socruithe sin anois an tsamhail saoire chéimnithe a triaileadh ar bhonn píolótach in 2024 agus 2025 faoi scáth an Tionscadail Phíolótaigh Saoire Fhada (an ‘Tionscadal Píolótach’).
Cúlra an Tionscadail Phíolótaigh
3. Tá cúlra iomlán an Tionscadail Phíolótaigh leagtha amach i mo chuid fógraí ar 21 Nollaig 2023, 4 Márta 2024 agus 25 Márta 2025; ach, i mbeagán focal, d’eascair an Tionscadal Píolótach as moladh[1] a leagtar amach sa Tuarascáil ón Meitheal um Pleanáil Bhreithiúnach (Feabhra 2023) gur cheart machnamh a dhéanamh ar shaoire chúirte chéimnithe.
4. Ghlac an Rialtas leis an Tuarascáil, ina ndearnadh foráil freisin maidir le dhá bhreitheamh Ard-Chúirte breise déag a cheapadh in dhá chéim,[2] agus chuir Uachtaráin na Cúirte fáilte roimpi. Ba léir, áfach, go mbeadh tionchar suntasach ag cur chun feidhme na moltaí eile a leagtar amach sa Tuarascáil ar cheapadh na mbreithiúna breise sin. Dá réir sin, lean an Ard-Chúirt ar aghaidh le cur chun feidhme an Tionscadail Phíolótaigh. Ceapadh an chéad seisear den dáréag breithiúna breise in 2023 agus táthar ag súil go gceapfar an seisear breithiúna eile in 2026.
5. Thug an Tionscadal Píolótach samhail laethanta saoire céimnithe isteach do thrí liosta Ard-Chúirte a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo: (a) Teaghlach, (b) Neamh-Ghiúiré/Athbhreithniú Breithiúnach/Tearmann agus Inimirce, agus (c) Pleanáil agus Comhshaol. Faoin tsamhail seo, ghlac cúigear breithiúna a dtréimhse saoire ar fud Iúil agus Lúnasa, seachas an tréimhse saoire traidisiúnta Lúnasa agus Meán Fómhair, agus lean siad orthu ag tabhairt faoi ghnáthshuíonna saoire, oiliúint bhreithiúnach agus obair bhreithiúnach eile. Chiallaigh sé seo gur thosaigh gnó na liostaí seo arís i mí Mheán Fómhair, mí níos luaithe ná mar is gnách.
Aiseolas maidir le Tionscadal Píolótach 2024 agus 2025
6. Tháinig tréimhse chomhairliúcháin sna sála ar thabhairt i gcrích Thionscadal Píolótach 2024 inar tugadh cuireadh d’aiseolas ó chleachtóirí, ó ghrúpaí cleachtóirí, ó na comhlachtaí ionadaíocha gairmiúla, ó chláraitheoirí, ó fhoireann na cúirte agus ó bhreithiúna maidir le hoibriú an Tionscadail Phíolótaigh. Rinneadh coigeartuithe ansin roimh Thionscadal Píolótach 2025 chun a áirithiú gur tugadh aghaidh ar aon saincheist a sainaithníodh i ndáil le hoibriú Thionscadal Píolótach 2024.
7. Cinneadh Tionscadal Píolótach 2025 a reáchtáil ar na liostaí céanna mar a cumhdaíodh le Tionscadal Píolótach 2024. Bhí sé seo mar gheall ar an ualach oibre méadaitheach a bhain leis na liostaí sin, a dtábhacht straitéiseach agus an gá atá ann clúdach breithiúnach leordhóthanach a chinntiú le linn Laethanta Saoire an tSamhraidh. Chomh maith leis sin, tríd an Tionscadal Píolótach a reáchtáil don dara bliain ar na liostaí céanna, beifear in ann measúnú níos fearr a dhéanamh ar thionchar an Tionscadail Phíolótaigh.
8. Bunaithe ar an aiseolas dearfach a fuarthas inar leagadh béim ar na tairbhí a bhaineann le Tionscadal Píolótach 2025, cinneadh go n-aistreoidh na socruithe sin anois chuig suíonna ‘gnó mar is gnách’ a thosóidh in 2026.
Mionsonraí Shuíonna Samhraidh 2026
9. I measc liostaí na hArd-Chúirte atá clúdaithe ag Suíonna Saoire an tSamhraidh 2026 tá:
(a) Teaghlach
(b) Cúram Speisialta
(c) Coinbhinsiún na Háige/Lucsamburg
(d) Neamh-Ghiúiré/Athbhreithniú Breithiúnach/Tearmann agus Inimirce
(e) Pleanáil agus Comhshaol
(f) Tráchtáil
(g) Araíonacht Ghairmiúil
(h) Cumas Dlínse Bhunúsach
(i) Bannaí
(j) Eiseachadadh
10. Foilseofar socruithe mionsonraithe maidir le gach ceann de na liostaí thuasluaite sa Dialann Dlí laistigh de 21 lá ó dháta an Fhógra seo.
11. Tabharfar solúbthacht do na breithiúna a bheidh páirteach i Suíonna an tSamhraidh 2026 maidir lena dtréimhse saoire, agus iad ag leanúint orthu ag comhlíonadh a ndualgas breithiúnach eile, lena n-áirítear a ngnáth-oibleagáidí suí saoire, ullmhú agus scríobh breithiúnais, freastal ar chomhdhálacha agus oiliúint bhreithiúnach a dhéanamh.
12. Déanfaidh Uachtarán na hArd-Chúirte agus na breithiúna eile atá i gceannas ar na liostaí a bheidh páirteach i Suíonna an tSamhraidh 2026 iarracht a chinntiú go n-oibreoidh na socruithe chomh réidh, chomh cothrom agus chomh héifeachtúil agus is féidir do gach duine atá páirteach. Tá sé beartaithe gur ar bhonn comhthoiliúil den chuid is mó a dhéanfar na cásanna a chumhdaítear le Suíonna Samhraidh 2026 a liostú. D’ainneoin sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh sé indéanta i ngach cás cásanna a liostú ar bhonn comhthoiliúil agus is faoi rogha an bhreithimh atá i gceannas ar an liosta ábhartha a bheidh sé dátaí a shocrú ar deireadh.
13. Ar deireadh, ní bheifear ag súil ná ní gá d’abhcóide gléasadh suas agus iad i láthair i gcásanna a chumhdaítear leis na Suíonna Samhraidh agus ba chóir dóibh gléasadh mar a dhéanfaidís le haghaidh suí saoire.
2 Márta 2026
An Breitheamh Onórach David Barniville
Uachtarán na hArd-Chúirte
[1] Caibidil 4, moladh 12.
[2] Caibidil 3, moladh 1.