Seirbhís Ghiúire
Tá seirbhís ghiúiré ar cheann de na dualgais is tábhachtaí is féidir a iarraidh ort a dhéanamh mar shaoránach Éireannach. Tá seirbhís ghiúiré ann chun cearta an duine aonair a chosaint agus chun páirt a thabhairt don phobal i riaradh an cheartais.
Cé is moite de roinnt eisceachtaí, is féidir le haon duine a chúisítear i gcion coiriúil tromchúiseach triail ghiúiré a roghnú. Déantar roinnt cásanna sibhialta a thriail le giúiréithe freisin (amhail cásanna clúmhillte nó díobhála pearsanta). Tugann giúiré, atá comhdhéanta de 12 ghiúróir, fíorasc bunaithe ar an bhfianaise a thugtar i gcás cúirte.
Tá sé i gcroílár ár gcóras ceartais in Éirinn agus tá sé ar cheann de na traidisiúin is sine atá againn freisin.
-
Freagair do ghairm ghiúiré ar líne
Freagair do ghairm ghiúiré ar ár dtairseach ar líne. Is é an bealach is tapúla agus is éasca chun freagairt do do ghairm ghiúiré.
-
Conas freagra a thabhairt ar do thoghairm ghiúiré
Foghlaim conas freagra a thabhairt ar do thoghairm ghiúiré agus ullmhú le haghaidh seirbhís ghiúiré.
-
Cad atá i gceist le seirbhís ghiúiré
Foghlaim cad is brí le bheith i do ghiúróir agus cad le bheith ag súil leis le linn seirbhís ghiúiré.
-
Iarratas ar dhíolúine ó sheirbhís ghiúiré a dhéanamh
Foghlaim conas díolúine ó sheirbhís ghiúiré a lorg mura féidir leat freastal.
-
Do chearta fostaíochta le linn seirbhís ghiúiré
D’fhéadfadh sé go gciallódh seirbhís ghiúiré a bheith as láthair ón obair. Féach cad a chiallaíonn sé seo duitse.