Mar chuid dár gClár Nuachóirithe, tá eolas nua ceadúnaithe forbartha ag an bhFoireann um Athchóiriú Sibhialta ar Courts.ie.
Dhírigh ár gcuid oibre ar a chinntiú go bhfuil an t-eolas nua cuimsitheach, scríofa i mBéarla simplí, agus ag teacht le rialacha cúirte. Agus é á chinntiú againn go bhfuil sé inrochtana agus níos éasca dár n-úsáideoirí é a thuiscint.
Leagtar amach an méid seo a leanas san eolas úsáideach nua sin:
- cad dó a dtagraíonn ceadúnú sna cúirteanna,
- cad iad na hiarratais a dhéantar sa Chúirt Dúiche agus sa Chúirt Chuarda,
- an próiseas atá i gceist, agus na cruthúnais riachtanacha,
- cad a tharlaíonn ag an gcúirt cheadúnaithe bhliantúil,
- conas agóid a dhéanamh i gcoinne ceadúnas a athnuachan,
- cad é an clár ceadúnaithe,
- conas an clár ceadúnaithe a chuardach.
Rinneamar teagmháil le réimse leathan úsáideoirí cúirte chun an t-eolas seo a fhorbairt, lena n-áirítear foireann na Seirbhíse Cúirteanna, Breithiúna, Cleachtóirí Dlí, baill AGS agus grúpaí úsáideoirí eile.
Féach ar ár n-eolas nua maidir le ceadúnú inár rannán ar an suíomh gréasáin nua maidir le ceadúnú.
Má tá aon cheist nó aiseolas agat ar na leathanaigh nua, ba bhreá leis an bhfoireann um Athchóiriú Sibhialta cloisteáil uait ag [email protected].