Níl ábhair an tsuímh seo ag maíomh a bheith mar chomhairle dlí agus ní chóir a bheith ag brath air mar chomhairle dlí. Má tá comhairle dlí nó comhairle ghairmiúil ag teastáil uait, ba cheart duit dul i gcomhairle le duine cáilithe, cuí.
Coinnímid ár suíomh gréasáin beo le rochtain chuig seirbhísí agus eolas fúinn a chur ar fáil don phobal dlí.
Rinneadh gach iarracht a chinntiú go bhfuil an t-eolas atá ar fáil cruinn agus suas chun dáta. Má thugann tú aon earráidí nó easnaimh faoi deara, cuir scéala chugainn chomh luath agus is féidir le do thoil trí ríomhphost a sheoladh chuig [email protected]. Níl aon ráthaíochtaí, gealltanais ná barántaí maidir leis an chruinneas, iomláine ná an cineál eolais suas chun dáta atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin agus ní ghlactar le dliteanas a bhaineann le haon earráidí ná le heasnaimh.
Coinnímid an ceart athrú a chur ar chuid den eolas nó an t-eolas ar fad atá ar fáil ag am ar bith, ach nílimid freagrach as ná faoi dhliteanas i dtaca le hathrú ar bith ar an eolas. Níl aon dliteanas ar an tSeirbhís Chúirteanna ar aon chailliúint ó úsáid d’eolais atá ar fáil ar an suíomh gréasáin seo. Tá na naisc go léir ónár suíomh gréasáin go dtí suíomhanna gréasáin seachtracha ar bhonn éascaíochta amháin.