Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na Cúirte Dúiche

Sceideal: C - Foirmeacha in imeachtaí sibhialta

Foirm: 53A.03 Nós Imeachta um Éilimh Bheaga: fógra i dtaobh dliteanas a ghlacadh
I.R. Uimh. 17 de 2014
53A.03

Nós Imeachta um Éilimh Bheaga: fógra i dtaobh dliteanas a ghlacadh


Sceideal C
Ordú 53A r. 6

AN CHÚIRT DÚICHE

THE DISTRICT COURT


Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath/Ceantar Cúirte Dúiche ...........

Dúiche Uimh. ...........


Nós Imeachta na Cúirte Dúiche um Éilimh Bheaga

FÓGRA I dTAOBH DLITEANAS A GHLACADH


ÉILITHEOIR: Ainm agus seoladh an duine atá ag déanamh an éilimh ............

FREAGRÓIR: Ainm agus seoladh an duine a bhfuil an t-éileamh á dhéanamh ina choinne nó ina coinne ...........

Admhaím an t-éileamh a rinneadh i mo choinne san ábhar thuas agus

*Comhaontaím an méid a éilítear a íoc agus cuirim isteach leis seo seic/ordú poist (orduithe poist) /ordú airgid (orduithe airgid) is infheidhme, a bheidh déanta iníoctha leis an éilitheoir, le haghaidh suim € ..... mar shocraíocht iomlán.

*Comhaontaím an méid a éilítear a íoc agus déanfaidh mé an méid iomlán a aisíoc leis an éilitheoir nuair a thabharfaidh an t-éilitheoir na hearraí ar ais.

*Toilím go dtabharfar breithiúnas i mo choinne.

*Is mian liom an méid a éilítear a íoc i dtráthchodanna € ..... sa *tseachtain/*mhí.

Arna dhátú an ...... lá seo de .......... 20...

........
Síniú an Fhreagróra

Do: an Cláraitheoir um Éilimh Bheaga,

Oifig na Cúirte Dúiche, i ........

*Scrios i gcás nach n-oireann