| |
Rialacha na nUaschúirteannaAn tAcht um an gCúirt Achomhairc 2014 : I.R. Uimh. 485 de 2014
Foscríbhinn FF
Ordú 58,
riail 15
Uimh. 1
AN CHÚIRT UACHTARACH
Iarratas ar Chead Achomhairc agus Fógra Achomhairc
Don Oifig
Uimhir thaifid na Cúirte Uachtaraí don achomharc seo ....
Ábhar i gcomhair innéacsú ....
Tá cead á lorg chun achomharc a dhéanamh ó ....
An Chúirt Achomhairc ....
An Ard-Chúirt ....
[Teideal agus uimhir thaifid de réir imeachtaí na hArd-Chúirte]
... V ...
Dáta an chomhdaithe ....
Ainm(neacha) an Iarratasóra / na nIarratasóirí / an Achomharcóra / na nAchomharcóirí ...
Aturnaetha thar ceann an Iarratasóra / na nIarratasóirí / an Achomharcóra / na nAchomharcóirí ....
Ainm an Fhreagróra / na bhFreagróirí ....
Aturnaetha an Fhreagróra ....
An ndearnadh aon achomharc (nó iarratas ar chead achomhairc) a thaisceadh roimhe seo sa Chúirt Uachtarach i leith na n-imeachtaí? ....
Rinneadh ....
Ní dhearnadh ....
Má rinneadh, tabhair uimhir thaifid / uimhreacha taifid na Cúirte Uachtaraí ....
An bhfuil iarratas á dhéanamh agat ar fhadú ar an tréimhse ama chun iarratas a dhéanamh ar chead achomhairc?
Má Tá, mínigh cén fáth, le do thoil ....
1. An bhreith a bhfuiltear ag iarraidh achomharc a dhéanamh ina coinne
2. Mionsonraí an Iarratasóra / na nIarratasóirí / an Achomharcóra / na nAchomharcóirí
I gcás ina bhfuil an fógra seo á chomhdú ag beirt iarratasóir/achomharcóir nó níos mó, nó thar ceann beirt iarratasóir/achomharcóir nó níos mó, soláthair mionsonraí iomchuí i leith gach duine de na hiarratasóirí / na hachomharcóirí, le do thoil Mura bhfuil dlíodóir ag feidhmiú ar son an Iarratasóra / Achomharcóra, comhlánaigh an méid seo a leanas, le do thoil
Ainm iomlán an Achomharcóra
Stádas bunaidh
Gearánaí ....
Cosantóir ....
Iarratasóir ....
Freagróir ....
Ionchúisitheoir ....
Fógra-pháirtí ....
Achainíoch ....
Aturnae
Ainm an ghnólachta ....
Ríomhphost ....
Seoladh ....
Uimh. theileafóin ....
Uimh. Mhalartáin Doiciméad ....
Postchód ....
Tag. ....
Conas ab fhearr leat go ndéanfaimis cumarsáid leat? ....
Malartán Doiciméad ....
Ríomhphost ....
Post ....
Eile (sonraigh, le do thoil) ....
Abhcóide
Abhcóide
Mura bhfuil dlíodóir ag feidhmiú ar son an Iarratasóra / Achomharcóra, comhlánaigh an méid seo a leanas, le do thoil
3. Mionsonraí an Fhreagróra / na bhFreagróirí
I gcás ina ndéanann an t-iarratas seo ar chead achomhairc difear do bheirt fhreagróir nó níos mó, soláthair mionsonraí iomchuí, más eol iad, i leith gach duine de na freagróirí sin, le do thoil Mura bhfuil dlíodóir ag feidhmiú ar son an Fhreagróra, comhlánaigh an méid seo a leanas, le do thoil
Ainm iomlán an Fhreagróra
Stádas bunaidh ....
Gearánaí ....
Cosantóir ....
Iarratasóir ....
Freagróir ....
Ionchúisitheoir ....
Fógra-pháirtí ....
Achainíoch ....
Aturnae
Ainm an ghnólachta ....
Ríomhphost ....
Seoladh ....
Uimh. theileafóin ....
Uimh. Mhalartáin Doiciméad ....
Postchód ....
Tag. ....
Conas ab fhearr leat go ndéanfaimis cumarsáid leat? ....
Malartán Doiciméad ....
Ríomhphost ....
Post Eile (sonraigh, le do thoil) ....
Abhcóide
Abhcóide
Mura bhfuil dlíodóir ag feidhmiú ar son an Fhreagróra, comhlánaigh an méid seo a leanas, le do thoil
Seoladh poist reatha ....
Seoladh ríomhphoist ....
Uimh. theileafóin ....
Conas ab fhearr leat go ndéanfaimis cumarsáid leat?
4. Faisnéis faoin mbreith a bhfuiltear ag iarraidh achomharc a dhéanamh ina coinne
Leag amach thíos, le do thoil:
1. Cibé acu an bhfuiltear ag iarraidh achomharc a dhéanamh (a) i gcoinne iomlán na breithe nó (b) i gcoinne coda nó codanna den bhreith, agus más (b) leag amach thíos an chuid shonrach nó na codanna sonracha den bhreith lena mbaineann
2. (a) Ráiteas comair i dtaobh na bhfíricí a chinn cúirt na trialach (in ord cróineolaíoch) a bheith iomchuí maidir leis an tsaincheist / na saincheisteanna a shainaithnítear in Alt 5 thíos agus ar a bhfuil tú ag seasamh (áirigh, más iomchuí, má tá fíricí áirithe á gconspóid)
(b) Sa chás ina bhfuiltear ag iarraidh achomharc a dhéanamh in imeachtaí coiriúla, soláthair ráiteas comair i dtaobh na bhfíricí nach bhfuil faoi dhíospóid, le do thoil
3. Na horduithe agus na cinntí iomchuí a rinneadh san Ard-Chúirt agus/nó sa Chúirt Achomhairc
..... ..... ..... .....
5. Cúiseanna ar ceart don Chúirt Uachtarach cead achomhairc a dheonú
I gcás iarratais ar chead achomhairc a bhfuil feidhm ag Airteagal 34.5.3° den Bhunreacht maidir leis (i.e., i gcás ina bhfuiltear ag iarraidh achomharc a dhéanamh ón gCúirt Achomhairc)—
Liostaigh (mar 1, 2, 3, etc), go comair, le do thoil, na cúiseanna sa dlí gur breith lena ngabhann ní a bhfuil tábhacht phoiblí i gcoitinne ann í an bhreith a bhfuiltear ag iarraidh achomharc a dhéanamh ina coinne agus / nó gur gá, ar mhaithe leis an gceartas, achomharc chun na Cúirte Uachtaraí a bheith ann
I gcás iarratais ar chead achomhairc a bhfuil feidhm ag Airteagal 34.5.4° den Bhunreacht maidir leis (i.e., i gcás ina bhfuiltear ag iarraidh achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Uachtaraí ón Ard-Chúirt)—
Liostaigh (mar 1, 2, 3, etc), go comair, le do thoil, na cúiseanna sa dlí:
i. gur breith lena ngabhann ní a bhfuil tábhacht phoiblí i gcoitinne ann í an bhreith a bhfuiltear ag iarraidh achomharc a dhéanamh ina coinne agus / nó gur gá, ar mhaithe leis an gceartas, achomharc chun na Cúirte Uachtaraí a bheith ann agus
ii. go bhfuil imthosca neamhchoiteanna ann a fhágann gur gá achomharc díreach chun na Cúirte Uachtaraí a bheith ann
..... ..... ..... .....
6. Foras/Forais achomhairc a mbeifear ag seasamh orthu má dheonaítear cead achomhairc
Liostaigh (mar 1, 2, 3, etc), go comair, le do thoil:
1. foras sonrach / forais shonracha an achomhairc agus an earráid / na hearráidí dlí a bhaineann le gach foras uimhrithe
2. na prionsabail dlí a bhaineann le gach foras uimhrithe agus daingniú i dtaobh conas tá feidhm ag an bprionsabal / na prionsabail dlí sin maidir leis na fíorais nó leis an tát / na táit iomchuí atá á bhaint / á mbaint astu
3. na forálacha sonracha den Bhunreacht, den Acht / de na hAchtanna den Oireachtas, den Ionstraim Reachtúil / de na hIonstraimí Reachtúla agus d’aon ionstraimí dlí eile a bhfuil tú ag seasamh orthu
4. an tsaincheist / na saincheisteanna dlí atá faoi bhráid na Cúirte óna bhfuil achomharc á dhéanamh sa mhéid go bhfuil siad iomchuí maidir leis an tsaincheist / na saincheisteanna a bhfuil achomharc á dhéanamh ina leith
..... ..... ..... .....
Ainm an aturnae nó (má tá abhcóide áirithithe) an abhcóide nó ainm an iarratasóra/achomharcóra i bpearsa:
7. Faisnéis iomchuí eile
Lua neodrach an bhreithiúnais a bhfuil achomharc a dhéanamh ina choinne, m.sh. An Chúirt Achomhairc [2015] IECA 1 nó An Ard-Chúirt [2009] IEHC 608
....
Tagairtí do Thuairisc Dlí ina bhfuil tuairisc ar aon bhreithiúnas iomchuí
....
8. An tOrdú / Na hOrduithe a lorgófar
Leag amach foirm bheacht an ordaithe / na n-orduithe a lorgófar ón gCúirt Uachtarach má dheonaítear cead agus má éiríonn leis an achomharc:
....
Cén t-ordú a bheidh á lorg agat má éiríonn leat?
An t-ordú a bhfuil achomharc á dhéanamh ina leith:
cur ar ceal ....
athrú/ionadú ....
An t-ordú bunaidh:
cur ar ceal ....
tabhairt ar ais ....
athrú/ionadú ....
Má tá dearbhú míbhunreachtúlachta á lorg, déan an fhoráil shonrach / na forálacha sonracha den Acht den Oireachtas a éilítear a bheith aimhréireach leis an mBunreacht a shainaithint, le do thoil
....
Má tá dearbhú um neamh-chomhoiriúnacht don Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine á lorg déan an fhoráil reachtúil shonrach / na forálacha reachtúla sonracha nó an riail shonrach / na rialacha sonracha dlí a éilítear gan í / iad a bheith ag luí leis an gCoinbhinsiún a shainaithint, le do thoil
....
An bhfuil tú ag iarraidh ar an gCúirt Uachtarach:
tarchur a dhéanamh chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh?
An iarrfaidh tú éisteacht tosaíochta?
Cuir d’fhoirm chomhlánaithe, le do thoil, faoi bhráid:
Oifig Chláraitheoir na Cúirte Uachtaraí
Na Ceithre Chúirt
Cé na nÓstaí
Baile Átha Cliath
mar aon le cóip dheimhnithe den Ordú agus den Bhreithiúnas a bhfuiltear ag iarraidh achomharc a dhéanamh ina leith.
Tá an fógra seo le seirbheáil, laistigh de sheacht lá tar éis é a thaisceadh, ar gach páirtí a ndéanann an t-iarratas ar chead achomhairc nó an t-achomharc difear dó nó di go díreach.
Uimh. 2
O. 58,
r. 18(1)
AN CHÚIRT UACHTARACH
Fógra an Fhreagróra
Uimhir thaifid na Cúirte Uachtaraí
[Teideal agus uimhir thaifid de réir imeachtaí na hArd-Chúirte]
- V -
1. Mionsonraí an Fhreagróra / na bhFreagróirí
I gcás ina bhfuil an fógra seo á chomhdú ag beirt fhreagróir nó níos mó, nó thar ceann beirt fhreagróir nó níos mó, soláthair mionsonraí iomchuí, freisin, i leith an fhreagróra / na bhfreagróirí sin, le do thoil
Ainm iomlán an fhreagróra
Seirbheáladh an t-iarratas ar chead achomhairc agus fógra achomhairc ar an bhfreagróir ar an (dáta)
Tá ar intinn ag an bhfreagróir:
…. cur i gcoinne an iarratais ar fhadú ar an tréimhse ama chun cead achomhairc a iarraidh
…. gan cur i gcoinne an iarratais ar fhadú ar an tréimhse ama chun cead achomhairc a iarraidh
…. cur i gcoinne an iarratais ar chead achomhairc
…. gan cur i gcoinne an iarratais ar chead achomhairc
…. iarraidh ar an gCúirt Uachtarach an t-achomharc a dhíbhe
…. iarraidh ar an gCúirt Uachtarach breith na Cúirte Achomhairc nó na hArd-Chúirte a dhaingniú ar fhorais seachas na forais sin atá leagtha amach i mbreith na Cúirte Achomhairc nó na hArd-Chúirte
….Eile (sonraigh, le do thoil)
Má tá mionsonraí ionadaíocht an fhreagróra ceart iomlán ar an bhfógra achomhairc, cuir tic sa bhosca seo a leanas agus fág an chuid eile den alt seo bán; nó comhlánaigh an chuid eile den alt seo mura bhfuil na mionsonraí ar áireamh san fhógra achomhairc nó má tá siad éagsú il leis na mionsonraí atá ar áireamh ann.
Tá mionsonraí ionadaíocht an fhreagróra ceart iomlán ar an bhfógra achomhairc: …..
Ionadaíocht an Fhreagróra
Aturnae
Abhcóide
Abhcóide
Mura bhfuil dlíodóir ag feidhmiú ar son an Fhreagróra, comhlánaigh an méid seo a leanas, le do thoil
2. Cúiseanna an Fhreagróra le cur i gcoinne fadú ar an tréimhse ama
Má bhaineann sé le hábhar, leag amach go comair anseo na cúiseanna atá ag an bhfreagróir gur ceart fadú ar an tréimhse ama don iarratasóir / achomharcóir chun cead achomhairc chun na Cúirte Uachtaraí a iarraidh a dhiúltú
3. Faisnéis faoin mbreith a bhfuiltear ag iarraidh achomharc a dhéanamh ina coinne
Leag amach go comair an bhfuil aon ní atá leagtha amach san fhaisnéis atá curtha ar fáil ag an iarratasóir/achomharcóir faoin mbreith a bhfuiltear ag iarraidh achomharc a dhéanamh ina leith (Alt 4 den fhógra achomhairc) á dhíospóid ag an bhfreagróir agus sonraigh na nithe atá faoi dhíospóid:
4. Cúiseanna an Fhreagróra le cur i gcoinne ceada achomhairc
Má tá cead achomhairc á chonspóid, leag amach go comair anseo cúiseanna an fhreagróra:
I gcás iarratais ar chead achomhairc a bhfuil feidhm ag Airteagal 34.5.3° den Bhunreacht maidir leis (i.e., i gcás ina bhfuiltear ag iarraidh achomharc a dhéanamh ón gCúirt Achomhairc)—
*nach breith lena ngabhann ní a bhfuil tábhacht phoiblí i gcoitinne ann í an bhreith a bhfuil cead achomhairc á lorg ina leith *nach gá, ar mhaithe leis an gceartas, achomharc chun na Cúirte Uachtaraí a bheith ann
I gcás iarratais ar chead achomhairc a bhfuil feidhm ag Airteagal 34.5.4° den Bhunreacht maidir leis (i.e., i gcás ina bhfuiltear ag iarraidh achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Uachtaraí ón Ard-Chúirt)—
*nach breith lena ngabhann ní a bhfuil tábhacht phoiblí i gcoitinne ann í an bhreith a bhfuil cead achomhairc á lorg ina leith *nach gá, ar mhaithe leis an gceartas, achomharc chun na Cúirte Uachtaraí a bheith ann *nach bhfuil aon imthosca neamhchoiteanna ann a fhágann gur gá achomharc díreach chun na Cúirte Uachtaraí a bheith ann.
*scrios i gcás nach n-oireann
5. Cúiseanna an Fhreagróra le cur i gcoinne achomhairc má dheonaítear cead achomhairc
Liostaigh (mar 1, 2, 3, etc., in ord), go comair, le do thoil, forais freasúra an Fhreagróra leis an bhforas / na forais achomhairc atá leagtha amach i bhfógra achomhairc an Achomharcóra (Alt 6 den fhógra achomhairc):
…… …… ……
…… …… ……
…… …… ……
Ainm an abhcóide nó an aturnae a shocraigh na forais freasúra (má tá dlíodóir ag feidhmiú ar son an fhreagróra), nó ainm an fhreagróra i bpearsa:
6. Forais bhreise ar ar ceart an bhreith a dhaingniú
Leag amach anseo aon fhorais seachas na forais sin atá leagtha amach i mbreith na Cúirte Achomhairc nó na hArd-Chúirte ar a n-éilíonn an Freagróir gur ceart don Chúirt Uachtarach breith na Cúirte Achomhairc nó na hArd-Chúirte a dhaingniú:
…… …… ……
An bhfuil tú ag iarraidh ar an gCúirt Uachtarach:
imeacht ó cheann dá breitheanna féin (nó idirdhealú a dhéanamh ina leith)?
Tá ……
Níl ……
Má Tá, tabhair mionsonraí thíos, le do thoil:
…… …….
tarchur a dhéanamh chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh?
Tá ……
Níl ……
Má Tá, tabhair mionsonraí thíos, le do thoil:
…… ……
An iarrfaidh tú éisteacht tosaíochta?
Iarrfaidh mé ……
Ní iarrfaidh mé ……
Más rud é go nIarrfaidh tú, tabhair cúiseanna thíos, le do thoil:
…… ……
Cuir d’fhoirm chomhlánaithe, le do thoil, faoi bhráid:
Oifig Chláraitheoir na Cúirte Uachtaraí
Na Ceithre Chúirt
Cé na nÓstaí
Baile Átha Cliath
Tá an fógra seo le taisceadh agus le seirbheáil ar an achomharcóir agus ar gach freagróir eile laistigh de 14 lá tar éis an fógra achomhairc a sheirbheáil.
Uimh. 3
O.58, r.21(1)(c)(i)
An Chúirt Uachtarach
Fógra go bhfuil ar Intinn Dul ar Aghaidh le hAchomharc
Uimhir thaifid na Cúirte Uachtaraí ......
[Teideal agus uimhir thaifid amhail de réir imeachtaí na hArd-Chúirte]
.... V ....
Dáta an chomhdaithe ....
Aturnaetha an achomharcóra ....
Aturnaetha an fhreagróra ....
1. Ordú ag deonú ceada
Dáta ordú na Cúirte Uachtaraí ag deonú ceada achomhairc ....
2. Fógra an Achomharcóra
Maidir leis an achomharcóir san achomharc seo:
tá ar intinn aige/aici dul ar aghaidh leis an achomharc
Tá ....
Níl ....
tá ar intinn aige/aici dul ar aghaidh leis an achomharc ar na forais go léir ar ar deonaíodh cead achomhairc
Tá ....
Níl ....
Mura bhfuil, sonraigh na forais bheachta ar ar tugadh cead achomhairc agus a bhfuil ar intinn ag an achomharcóir dul ar aghaidh orthu:
... ... ...
tá ar intinn aige/aici an t-achomharc a tharraingt siar nó a thréigeann
Tá ....
Níl ....
Arna shíniú: ... ...
An t-achomharcóir / Aturnae thar ceann an achomharcóra
Cuir d’fhoirm chomhlánaithe, le do thoil, faoi bhráid:
Oifig Chláraitheoir na Cúirte Uachtaraí
Na Ceithre Chúirt
Cé na nÓstaí
Baile Átha Cliath
Uimh. 4
O. 58, r. 27(1)
AN CHÚIRT UACHTARACH
Fógra Iarratais
Uimhir thaifid na Cúirte Uachtaraí ....
[Teideal agus uimhir thaifid amhail de réir imeachtaí na hArd-Chúirte]
.... V ....
Dáta an chomhdaithe ....
Aturnaetha an iarratasóra .....
Aturnaetha an achomharcóra ....
Aturnaetha an fhreagróra ....
1. Dáta fillte (Tabhair do d’aire: ní bhaineann sé seo le hiarratais faoi Airteagal 64.3.3° nó Airteagal 64.4.1° den Bhunreacht)
BÍODH SEO INA FHÓGRA go bhfuil an t-iarratas seo liostaithe lena éisteacht ar an dáta agus ag an am seo a leanas:
Dáta ...
Am ...
2. Mionnscríbhinn(í) a bhfuil an páirtí tionscanta ag seasamh uirthi/orthu mar thaca leis an iarratas seo (i gcás ina mbaineann sé seo le hábhar)
Teisteoir ....
Dáta an mhionnaithe ....
Má tá mionsonraí ionadaíocht an iarratasóra ceart iomlán ar an bhfógra achomhairc (nó, de réir mar a bheidh, ar fhógra an fhreagróra), cuir tic sa bhosca seo a leanas agus fág an chuid eile den alt seo bán; mura bhfuil, comhlánaigh an chuid eile den alt seo.
Tá mionsonraí ionadaíocht an iarratasóra ceart iomlán ar an bhfógra achomhairc (nó ar fhógra an fhreagróra): ... ... ...
Tá an fógra seo le taisceadh agus le seirbheáil ar gach freagróir laistigh de 28 lá tar éis don Chúirt Uachtarach cead achomhairc a dheonú.
3. Mionsonraí an iarratasóra
Ainm iomlán an iarratasóra
Stádas bunaidh
Gearánaí .....
Cosantóir .....
Iarratasóir .....
Freagróir .....
Ionchúisitheoir .....
Fógra-pháirtí .....
Achainíoch .....
Aturnae
Conas ab fhearr leat go ndéanfaimis cumarsáid leat?
Abhcóide
Abhcóide
Mura bhfuil dlíodóir ag feidhmiú ar son an Iarratasóra / Achomharcóra, comhlánaigh an méid seo a leanas, le do thoil
Conas ab fhearr leat go ndéanfaimis cumarsáid leat?
4. Cineál an iarratais
Is éard atá á iarraidh ag an iarratasóir
Fadú ar an tréimhse ama .....
Cead idiragartha .....
Urrús i leith costas .....
Ordú le haghaidh seirbheála ionadaí .....
Éisteacht bhrostaithe .....
Athbhreithniú ar bhreith an Chláraitheora faoi Ordú 58, riail 14(2) .....
Ordú faoi Airteagal 64.3.3° den Bhunreacht .....
Ordú faoi Airteagal 64.4.1° den Bhunreacht .....
Ordú eile (sonraigh, le do thoil) .....
5. Forais ar a bhfuil an t-iarratas á dhéanamh
Cad iad na forais ar a bhfuil an t-iarratas seo á dhéanamh agat?
..... ..... .....
6. Toiliú leis an iarratas / Agóid i gcoinne an iarratais
Toilíonn na páirtithe seo a leanas leis an iarratas seo
.... .... ....
Féach an litir / na litreacha atá i gceangal leis seo agus dar dáta: ....
Déanann na páirtithe seo a leanas agóid i gcoinne an iarratais seo
.... .... ....
Féach an litir / na litreacha atá i gceangal leis seo agus dar dáta: ....
* 7. Mionsonraí faoi bhreith an Chláraitheora a bhfuil achomharc á dhéanamh ina leith
.... .... ....
* Cuir isteach i gcás ina bhfuil iarratas á dhéanamh ar athbhreithniú ar bhreith an Chláraitheora |