Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na Cúirte Cuarda

Leasuithe ar: Ginearálta
I.R. Uimh. 251 de 2009: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Ilghnéitheach) 2009


1. Tiocfaidh na Rialacha seo, arb é na Rialacha Cúirte Cuarda (Ilghnéitheach) 2009 is teideal dóibh, i ngníomh an 28ú lá d’Iúil 2009.

2. Forléireofar na Rialacha seo i dteannta na Rialacha Cúirte Cuarda 2001 go 2009.

3. Leasaítear na Rialacha Cúirte Cuarda:

      (i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “an Chúirt” sna forálacha a bhaineann le “Léiriú Téarmaí”:

      “6. Ciallaíonn “an Chúirt” an Chúirt Chuarda arna bunú le hAcht na gCúirteanna (Bunú agus Comhdhéanamh) 1961.”;

................