Rialacha na Cúirte DúicheNós imeachta Eorpach um éilimh bheaga (le hadgaidh éilimh bheaga thrasteorann laistigh den Aontas Eorpach)
1 Mínithe
1. San Ordú seo—
ciallaíonn “Rialacháin 2008” Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Nós Imeachta um Éilimh Bheaga), 2008 (I.R. 533 de 2008);
ciallaíonn “foirm éilimh” an doiciméad tionscnaimh arna chomhlánú ag éilitheoir i gCás Eorpach um Éilimh Bheaga i bhFoirm A san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán AE agus i bhFoirm 53B.01, Sceideal C;
ciallaíonn an “Rialachán AE” Rialachán (CE) Uimh. 861/2007 an 11 Iúil 2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 199 an 31 Iúil 2007, leathanach 1) lena mbunaítear Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga;
ciallaíonn “Éileamh Beag Eorpach” éileamh dá dtagraítear in Airteagal 2(1) den Rialachán agus nach n-eisiafar ó chur chun feidhme an Rialacháin AE le hAirteagal 2(2) den Rialachán AE;
ciallaíonn “Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga” an modh dá bhforáiltear sa Rialachán AE agus san Ordú seo chun Éileamh Beag Eorpach a thosú agus chun déileáil leis;
ciallaíonn “Ballstát” Ballstát den Aontas Eorpach seachas an Danmhairg;
tá le “Cláraitheoir um Éilimh Bheaga” nó le “Cláraitheoir” an bhrí chéanna atá leo in Ordú 53A agus, chun amhras a sheachaint, folaíonn siad Cléireach Cúirte Dúiche a bheidh sannta don cheantar Cúirte Dúiche ina ndéanfar Éileamh Beag Eorpach a thaisceadh a mbeidh feidhmeanna na Cúirte a shonraítear i Rialacháin 2008 á gcomhlíonadh aige nó aici de thuras na huaire, is feidhmeanna a fhéadfaidh Cléireach Cúirte Dúiche a fheidhmiú.
2 Ionad
2. Faoi réir fhorálacha an Ordaithe seo, ní foláir imeachtaí a mbeidh feidhm ag an Ordú seo maidir leo a thionscnamh agus a chinneadh de réir fhorálacha Ordú 40, riail 4 agus, más infheidhme, Ordú 41B, rialacha 2 agus 3.
3 Comhdú leictreonach
3. (1) D’ainneoin aon fhoráil eile de na Rialacha seo, i gcás go mbeidh saoráidí oiriúnacha bunaithe ag an tSeirbhís Chúirteanna chuige sin, agus go n-ordóidh an Chúirt nó an Cláraitheoir amhlaidh, beidh seirbheáil aon doiciméid a cheanglófar a chur, a sheachadadh, a sheoladh nó a sheirbheáil faoin Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga bailí más rud é go dtarchuirfear i bhfoirm leictreonach í mar theachtaireacht leictreonach chuig seoladh poist leictreonaigh an éilitheora nó an fhreagróra (arna shainaithint ar aon cheannpháipéar nó stáiseanóireacht de chuid an éilitheora nó an fhreagróra, nó arna úsáid ag ceachtar acu chun aon chumarsáid a chur chuig an gCláraitheoir) nó chuig seoladh poist leictreonaigh an Chláraitheora (arna shainaithint ar aon suíomh gréasáin arna oibriú ag an tSeirbhís Chúirteanna) ar choinníoll, i gcás nach deimhin leis an seoltóir gur seachadadh an chumarsáid leictreonach ar an bhfaighteoir beartaithe (mar gheall ar aon teachtaireacht maidir le stádas seachadta arna fáil) nó i gcás nach mbeidh freagra ar bith faighte laistigh de thréimhse seacht lá tar éis tarchur den sórt sin, ansin nach foláir déileáil leis an gcumarsáid leictreonach amhail is nár cuireadh riamh í agus nach foláir an doiciméad iomchuí a sheirbheáil mar a fhoráiltear a mhalairt san Ordú seo laistigh d’ocht lá tar éis tréimhse den sórt sin.
(2) Ní bheidh doiciméad ar bith arna chur de bhun fhorálacha na rialach seo neamhbhailí ná gan éifeacht de bhíthin amháin nach n-áirítear síniú lámhscríofa leis.
(3) I gcás go gceanglófar le foráil den Ordú seo go ndéanfar aon táille nó íocaíocht “a chur ag gabháil le” doiciméad, ní foláir a mheas gur íocadh an táille sin nó go ndearnadh an íocaíocht sin go bailí ar choinníoll go gcuirfear chuig an gCláraitheoir í a luaithe is féidir tar éis an tarchuir, de réir na rialach seo, den doiciméad a bheidh i gceist agus go mbeidh nóta i scríbhinn ag gabháil léi ina luafar aon uimhir thagartha nó éilimh arna tabhairt i leith an Éilimh Bhig Eorpaigh lena mbaineann sí.
(4) Ní bheidh doiciméad ar bith arna chur de bhun fhorálacha na rialach seo neamhbhailí ná gan éifeacht de bhíthin amháin go ndéanfar aon táille a ghabhann le taisceadh nó le seachadadh an doiciméid sin a thaifeadadh nó a admháil ar shlí seachas trí mhúnla de stampa a bheith ar an doiciméad bunaidh.
4 Iarratas chun imeachtaí i leith éileamh beag Eorpach a thionscnamh
4. (1) Féadfaidh duine a bhfuil ar intinn aige nó aici Éileamh Beag Eorpach a thosú sa Chúirt (dá ngairtear “an t-éilitheoir” anseo ina dhiaidh seo):
an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga a thosú trí fhoirm éilimh chomhlánaithe a mbeidh ag gabháil léi, más cuí, aon doiciméid tacaíochta iomchuí, a chomhdú leis an gCláraitheoir cuí, agus a mbeidh an táille chuí ag gabháil leo.
(2) Féadfar an fhoirm éilimh and na doiciméid tacaíochta a chomhdú leis an bpost cláraithe nó, i gcás go mbeidh feidhm ag riail 3, i bhfoirm leictreonach.
(3) Féadfaidh an t-éilitheoir teagmháil a dhéanamh leis an oifig chúirte má bhíonn cúnamh ag teastáil chun an fhoirm éilimh a chomhlánú.
(4) Ní choiscfidh aon ní san Ordú seo ar éilitheoir iarratas a dhéanamh chun an Chláraitheora chuí um Éilimh Bheaga chun a éileamh nó a héileamh a phróiseáil tríd an Nós Imeachta um Éilimh Bheaga de réir Ordú 53A (in ionad an Nóis Imeachta Eorpaigh um Éilimh Bheaga), i gcás go mbeidh an nós imeachta sin ar fáil i leith an éilimh.
5 Iarratas a thaifeadadh
5. Ní foláir don Chláraitheoir, i leith gach foirme éilimh a bheidh faighte, ainm agus seoladh an éilitheora, ainm agus seoladh an fhreagróra a bheidh ainmnithe san fhoirm éilimh, dáta na foirme éilimh, an cineál éilimh agus aon mhionsonraí iomchuí eile a thaifeadadh i scríbhinn (a fhéadfaidh a bheith i bhfoirm leictreonach).
6 Iarratas a dhiúltú nó a ghlacadh
6. (1) I gcás nach dtiocfaidh an t-éileamh laistigh de raon an Nóis Imeachta Eorpaigh um Éilimh Bheaga, ní foláir don Chláraitheoir an méid sin a chur in iúl don éilitheoir ar an modh céanna ar ar cuireadh iarratas an éilitheora chuig an gCláraitheoir, más féidir (agus mura féidir, leis an bpost cláraithe nó leis an bpost seachadta arna thaifeadadh) agus ní foláir dó nó di comhairle a thabhairt don éilitheoir go bhféadfaidh sé nó sí:
(a) an t-éileamh a tharraingt siar nó
(b) imeachtaí a thosú ar an éileamh mar ghnáthimeachtaí sibhialta os comhair na Cúirte de réir fhorálacha Ordú 40, riail 4 nó, más infheidhme, Ordú 41B, riail 2 nó 3.
(2) I gcás go dtarraingeoidh an t-éilitheoir siar an t-éileamh, ní foláir don Chláraitheoir aon táille a aisíoc.
(3) I gcás go measfaidh an Cláraitheoir, maidir leis an bhfaisnéis a sholáthróidh an t-éilitheoir, nach leor í nó nach bhfuil sí sách soiléir, nó nach bhfuil an fhoirm éilimh líonta isteach go cuí, ní foláir dó nó di iarraidh a chur chuig an éilitheoir (ar an modh ar cuireadh an fhoirm éilimh chuige nó chuici) i bhFoirm B san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán AE a bheidh le comhlánú ag an éilitheoir agus le cur ar ais chuig an gCláraitheoir ar an modh céanna laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe ag an gCláraitheoir, is tréimhse nach foláir gur tréimhse 21 lá í tar éis don Chláraitheoir Foirm B a chur, nó cibé tréimhse is faide ná sin a fhéadfaidh an Cláraitheoir a shonrú.
(4) I gcás go measfaidh an Cláraitheoir gur léir go bhfuil an t-éileamh comhlánaithe gan bhunús nó go bhfuil an t-iarratas neamhinghlactha, féadfaidh sé nó sí an t-éileamh a tharchur chun na Cúirte Dúiche a fhéadfaidh an t-éileamh a dhíbhe nó cibé ordú eile a dhéanamh a mheasfaidh sí is gá sna himthosca.
(5) In imthosca den sórt sin ní foláir don Chláraitheoir fógra a thabhairt don éilitheoir i dtaobh an ordaithe ón gCúirt agus aon táille a aisíoc, más cuí.
(6) I gcás go measfaidh an Cláraitheoir go dtagann an t-éileamh, a bheidh líonta isteach go cuí, laistigh de raon an Nóis Imeachta Eorpaigh um Éilimh Bheaga, ní foláir dó nó di, laistigh den teorainn ama arna forordú le hAirteagal 5.2 den Rialachán AE:
(a) Cuid I den fhoirm freagartha chaighdeánach a chomhlánú, i bhFoirm C san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán AE, agus
(b) cóipeanna den fhoirm éilimh, de na doiciméid tacaíochta (más infheidhme) agus den fhoirm freagartha a sheirbheáil leis an bpost cláraithe (nó, más iomchuí, de réir mar a cheadaítear a mhalairt le riail 3) ar an bhfreagróir.
7 Freagróir d’admháil éileamh beag Eorpach
7. (1) Más rud é go nglacfaidh an freagróir leis an éileamh go hiomlán, ní foláir dó nó di íocaíocht trí sheic, trí ordú poist nó trí orduithe poist nó trí ordú airgid nó trí orduithe airgid a bheidh déanta iníoctha leis an éilitheoir, nó íocaíocht ar mhodhanna ceadaithe eile, le haghaidh an mhéid iomláin a éilítear, a chur ar aghaidh chuig an gCláraitheoir mar aon leis an bhfoirm freagartha a bheidh comhlánaithe go cuí nó le freagra a bheidh i bhfoirm scríofa eile.
(2) Ar íocaíocht den sórt sin a fháil ní foláir don Chláraitheoir an céanna a tharchur chun an éilitheora. Más rud é go bhfuil coinníoll ag gabháil le glacadh an fhreagróra leis an éileamh, (e.g. go dtabharfaidh an t-éilitheoir earraí ar ais), ní foláir don Chláraitheoir an méid sin a chur in iúl don éilitheoir agus a chomhaontú nó a comhaontú a lorg chun aon choinníoll a bheidh sonraithe ag an bhfreagróir a chomhlíonadh.
8 Freagra an fhreagróra mura ndéanfar éileamh a admháil
8. (1) Ní foláir an táille chuí a bheith ag gabháil le haon fhrithéileamh ón bhfreagróir.
(2) Ní foláir don Chláraitheoir cóipeanna de fhreagra an fhreagróra a sheoladh, lena n-áirítear Cuid II den fhoirm freagartha chaighdeánach agus í comhlánaithe nó freagra i bhfoirm scríofa eile agus na doiciméid tacaíochta arna soláthar (más infheidhme), chuig an éilitheoir leis an bpost cláraithe (nó, más iomchuí, de réir mar a cheadaítear a mhalairt le riail 3) laistigh den teorainn ama arna forordú le hAirteagal 5(4) den Rialachán AE.
(3) Ní foláir don Chláraitheoir cóipeanna d’aon fhrithéileamh agus aon doiciméid tacaíochta arna soláthar (más infheidhme) a sheoladh chuig an éilitheoir leis an bpost cláraithe (nó, más iomchuí, de réir mar a cheadaítear a mhalairt le riail 3) laistigh den teorainn ama arna forordú le hAirteagal 5(6) den Rialachán AE.
(4) I gcás go n-éileoidh an freagróir, ina fhoirm freagartha chaighdeánach nó ina foirm freagartha chaighdeánach nó ina fhreagra nó ina freagra i bhfoirm scríofa eile, gur mó an luach d’éileamh neamhairgeadaíochta ná an teorainn €2,000 a leagtar amach in Airteagal 2(1) den Rialachán AE, ní foláir don Chláraitheoir an t-imeacht a tharchur chun na Cúirte Dúiche, a fhéadfaidh cibé ordú a dhéanamh de réir mar a mheasfaidh sí is gá sna himthosca.
(5) I gcás gur mó frithéileamh ná an teorainn a leagtar amach in Airteagal 2(1) den Rialachán AE ní ceadmhach don éileamh ná don fhrithéileamh dul ar aghaidh sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga agus ní foláir don Chláraitheoir an méid sin a chur in iúl don éilitheoir agus don fhreagróir ar an modh céanna ar ar cuireadh iarratas an éilitheora chuig an gCláraitheoir, más féidir (agus mura féidir, leis an bpost cláraithe nó leis an bpost seachadta arna thaifeadadh).
(6) Ní foláir don Chláraitheoir comhairle a thabhairt don éilitheoir agus don fhreagróir go bhféadfaidh sé nó sí imeachtaí a thosú ar an éileamh (nó ar an bhfrithéileamh) mar ghnáthimeachtaí sibhialta os comhair na cúirte de réir fhorálacha Ordú 39 nó, más infheidhme, Ordú 41B, riail 2 nó 3.
(7) Ní foláir don Chláraitheoir fógra a thabhairt don éilitheoir i dtaobh aon ordú arna dhéanamh ag an gCúirt faoin riail seo.
(8) Beidh feidhm ag forálacha an Ordaithe seo maidir le haon fhrithéileamh arna dhéanamh faoin Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga amhail mar a bheidh feidhm acu maidir le haon Éileamh Beag Eorpach, fara aon mhodhnuithe is gá.
9 Socraíocht
9. (1) Aon uair a mheasfaidh sé nó sí is cuí, ní foláir don Chláraitheoir, de réir Airteagal 12(3) den Rialachán AE, féachaint le teacht ar shocraíocht idir na páirtithe. I dtaca leis sin, féadfaidh sé nó sí na páirtithe agus aon duine eile, ar mian le ceachtar páirtí go n-éistfidh sé nó sí leis nó léi, a chur faoi agallamh (i bpearsa nó ar cibé modh eile is cuí leis nó léi). I gcás go dtiocfar ar shocraíocht, ní foláir sonraí na socraíochta a thaifeadadh i scríbhinn.
(2) Gan dochar do ghinearáltacht Airteagal 14 den Rialachán AE, féadfaidh an Cláraitheoir na teorainneacha ama dá bhforáiltear sa Rialachán AE a fhadú i gcás go mbeidh sé nó sí ag féachaint le teacht ar shocraíocht idir na páirtithe.
(3) I gcás nach gcomhlíonfar na téarmaí socraíochta, féadfaidh an Cláraitheoir, más rud é go n-iarrfaidh an t-éilitheoir air nó uirthi déanamh amhlaidh, dul ar aghaidh chun breithiúnais i gcoinne an pháirtí eile de réir fhorálacha riail 14.
10 Mainneachtain
10. (1) I gcás go mainneoidh an freagróir an fhoirm freagartha a chur ar ais chuig an gCláraitheoir nó freagra i bhfoirm scríofa eile a sheachadadh air nó uirthi laistigh den tréimhse 30 lá a cheadaítear le hAirteagal 5(3) den Rialachán AE, nó i gcás go mainneoidh an t-éilitheoir freagra a thabhairt don Chláraitheoir ar aon fhrithéileamh laistigh den tréimhse 30 lá a cheadaítear le hAirteagal 5(6) den Rialachán AE, ní foláir breithiúnas a thaifeadadh más rud é go ndéanfar mainneachtain freagra a thabhairt de réir fho-riail (2).
(2) I gcás go lorgófar breithiúnas mainneachtana faoi fho-riail (1) in éileamh nó i bhfrithéileamh ar mhéid leachtaithe, féadfaidh an t-éilitheoir nó an freagróir (de réir mar a bheidh) mionnscríbhinn i dtaobh féich a mhionnú agus an mhionnscríbhinn a chomhdú leis an gCláraitheoir, agus ní foláir don Chláraitheoir dul ar aghaidh chun breithiúnais de réir fhorálacha Ordú 47 amhail is dá mb’fhógra éilimh arna eisiúint agus arna sheirbheáil an fhoirm éilimh nó an frithéileamh (de réir mar a bheidh).
(3) Féadfar na foirmeacha mionnscríbhinne agus breithiúnais a sholáthraítear in Ordú 47, fara modhnuithe is gá, a úsáid chun na críche sin.
(4) Féadfaidh an t-éilitheoir dul chuig an oifig Chúirte nó teagmháil a dhéanamh léi má bhíonn cúnamh ag teastáil chun na foirmeacha a chomhlánú.
(5) I gcás a bhfuil feidhm ag fo-riail (2) maidir leis, i gcás go n-iarrfaidh an t-éilitheoir nó (de réir mar a bheidh) an freagróir é, ní foláir don Chláraitheoir deimhniú le haghaidh an mhéid ar tugadh breithiúnas ina leith de réir riail 14 a eisiúint chuig an éilitheoir nó (de réir mar a bheidh) chuig an bhfreagróir.
(6) I gcás gur le haghaidh méid neamhleachtaithe a bheidh éileamh nach mbeidh foirm freagartha ar bith ná freagra ar bith i bhfoirm scríofa eile curtha ar ais ina thaobh laistigh den tréimhse ama a cheadaítear nó a bheidh frithéileamh nach mbeidh freagra ar bith soláthartha ina thaobh laistigh den tréimhse ama a cheadaítear, ní foláir don Chláraitheoir na himeachtaí a tharchur chun na Cúirte de réir riail 11.
11 Tarchur chun na Cúirte chun éisteacht a fháil
11. (1) I gcás gur deimhin leis an gCláraitheoir, laistigh den tréimhse ama a fhorordaítear le hAirteagal 7(1) den Rialachán AE, nó cibé tréimhse ama arna fadú a bheidh ceadaithe ag an gCláraitheoir, nach féidir teacht ar shocraíocht i dtaobh na n-imeachtaí, ní foláir don Chláraitheoir na himeachtaí a tharchur chun na Cúirte agus ní foláir dó nó di fógra a thabhairt do na páirtithe i dtaobh na háite, an dáta agus an ama ag a mbeidh, nó ar a mbeidh, na himeachtaí liostaithe os comhair na Cúirte.
(2) Ní foláir don Chláraitheoir é nó í féin a chur ar fáil chun cuidiú leis an gCúirt na himeachtaí a bhreithniú.
(3) Nuair a bheidh na himeachtaí os comhair na Cúirte:
(a) féadfaidh an Chúirt a ordú de réir Airteagal 7(1)(a) den Rialachán AE go ndéanfar mionsonraí breise a bhaineann leis an éileamh a éileamh ó na páirtithe laistigh de thréimhse ama a bheidh sonraithe ag an gCúirt, agus ar an gcéanna a bheith tugtha nó ar an tréimhse ama a cheadaítear chun an céanna a thabhairt a bheith caite, go ndéanfar na himeachtaí a atógáil os comhair na Cúirte;
(b) féadfaidh an Chúirt a ordú de réir Airteagal 7(1)(b) den Rialachán AE go ndéanfar fianaise a ghlacadh agus féadfaidh sí ordacháin a thabhairt chun fianaise a ghlacadh de réir Airteagal 9 den Rialachán AE de réir mar is cuí;
(c) féadfaidh an Chúirt a ordú de réir Airteagal 7(1)(c) den Rialachán AE go ndéanfar na páirtithe a thoghairm chun éisteachta ó bhéal agus féadfaidh sí cibé ordacháin a thabhairt chun an éisteacht ó bhéal a sheoladh de réir Airteagal 8 den Rialachán AE nó ar shlí eile, de réir mar is cuí;
(d) i gcás go ndéanfaidh páirtí éisteacht ó bhéal a iarraidh agus go mbreithneoidh an Chúirt, ag féachaint d’imthosca an cháis, nach gá éisteacht ó bhéal chun na himeachtaí a sheoladh go cóir, féadfaidh an Chúirt iarraidh den sórt sin a dhiúltú agus na cúiseanna le diúltú den sórt sin a shonrú, agus féadfaidh sí dul ar aghaidh chun breithiúnas a thabhairt ar an éileamh agus ar aon fhrithéileamh;
(e) i gcás nach ndéanfaidh páirtí ar bith éisteacht ó bhéal a iarraidh agus nach mbreithneoidh an Chúirt gur gá éisteacht ó bhéal, féadfaidh an Chúirt dul ar aghaidh chun breithiúnas a thabhairt ar an éileamh agus ar aon fhrithéileamh.
(4) Ní foláir don Chláraitheoir fógra a thabhairt do na páirtithe, nó don pháirtí iomchuí, i scríbhinn:
(a) i dtaobh aon mhionsonraí breise a bhaineann leis an éileamh arna éileamh agus i dtaobh na tréimhse ama nach foláir iad a sholáthar lena linn;
(b) i dtaobh na háite, an dáta agus an ama ag a mbeidh, nó ar a mbeidh, fianaise le glacadh nó ag a mbeidh, nó ar a mbeidh, aon éisteacht ó bhéal le seoladh (agus más iomchuí, aon teicneolaíocht cumarsáide trína ndéanfar amhlaidh);
(c) i dtaobh na gcúiseanna a bhainfidh le haon iarraidh ar éisteacht ó bhéal a dhiúltú;
(d) i dtaobh aon bhreithiúnas arna thabhairt ar aon éileamh agus/nó frithéileamh.
(5) Ní foláir don Chláraitheoir é nó í féin a chur ar fáil chun cuidiú leis an gCúirt le linn aon fhianaise a ghlacadh nó ag aon éisteacht ó bhéal, más rud é go n-iarrfaidh an Chúirt air nó uirthi déanamh amhlaidh.
12 Aistriúcháin
12. (1) Más rud é go gcuirfear doiciméad (seachas doiciméad dá dtagraítear in Airteagal 6(1) den Rialachán AE) faoi bhráid na Cúirte i dteanga seachas Gaeilge nó Béarla, féadfaidh an Cláraitheoir, i gcás gur dealraitheach gur gá aistriúchán ar an doiciméad sin chun breithiúnas a thabhairt ar an éileamh nó ar an bhfrithéileamh, a cheangal ar an bpáirtí a sholáthair an doiciméad aistriúchán ar an doiciméad sin a sholáthar de réir Airteagal 6 den Rialachán AE laistigh de cibé tréimhse ama a shonróidh an Cláraitheoir, is tréimhse ama nach féidir léi a bheith níos faide ná 21 lá de ghnáth.
(2) I gcás go ndiúltóidh páirtí in Éileamh Beag Eorpach doiciméad a ghlacadh mar gheall nach bhfuil sé:
ní foláir don Chláraitheoir an méid sin a chur in iúl don pháirtí eile agus a iarraidh ar an bpáirtí eile sin aistriúchán ar an doiciméad lena mbaineann a sholáthar laistigh de cibé tréimhse ama a shonróidh an Cláraitheoir, is tréimhse ama nach féidir léi a bheith níos faide ná 21 lá de ghnáth.
(3) Más rud é, ar é a iarraidh, go mainneoidh páirtí na ceanglais aistriúcháin a leagtar amach in Airteagal 6(2), in Airteagal 6(3)(a)nóin Airteagal 6(3)(b) den Rialachán AE a chomhlíonadh, de réir mar is cuí, ní foláir don Chláraitheoir dul ar aghaidh amhail is nach bhfuair an Chúirt, ná an páirtí eile, de réir mar a bheidh, an doiciméad lena mbaineann riamh.
13 Costais
13. Féadfaidh an Chúirt cibé ordú a dhéanamh is cuí léi le haghaidh costais in imeachtaí ar aon Éileamh Beag Eorpach a bheidh i gcomhréir le ceanglais Airteagal 16 den Rialachán AE.
14 Cúirt d’eisiúint doiciméad tar éis breithiúnais
14. (1) I gcás go dtabharfar breithiúnas i gcás lena mbaineann an tOrdú seo, ní foláir don Chúirt (a) an fhoirm chuí breithiúnais nó ordaithe a eisiúint; (b) fógra a thabhairt don pháirtí a mbeidh sí eisithe ina choinne nó ina coinne agus/nó (c) i gcás go n-iarrfaidh an t-éilitheoir é nó (de réir mar a bheidh) go n-iarrfaidh an freagróir ar an éilitheoir é nó go n-iarrfaidh an freagróir é, deimhniú (i bhFoirm D san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán AE) a eisiúint le haghaidh mhéid aon bhreithiúnais arna thabhairt ar an éileamh nó ar an bhfrithéileamh, gan aon chostas breise a bheith i gceist.
(2) Ní foláir don Chláraitheoir sonraí i dtaobh na hiarrata a thaifeadadh i scríbhinn (a fhéadfaidh a bheith i bhfoirm leictreonach) chun aon bhreithiúnas nó ordú a eisiúint agus chun fógra a thabhairt ina thaobh agus chun aon deimhniú den sórt sin a eisiúint.
15 Iarratas chun ordú a athrú nó a chur ar ceal
15. (1) Maidir le freagróir a mbeidh breithiúnas mainneachtana tugtha ina choinne nó ina coinne in Éileamh Beag Eorpach de réir fhorálacha an Ordaithe seo, féadfaidh sé nó sí iarratas a dhéanamh, trí fhógra foriarratais (i bhFoirm 44.01, Sceideal C, fairis na modhnuithe is gá) chun na Cúirte sa cheantar Cúirte ina mbeidh an t-ordú faighte, ar ordú chun an t-ordú sin a chur ar ceal agus/nó a athrú ar aon cheann de na forais a shonraítear in Airteagal 18(1) den Rialachán AE.
(2) Ní foláir an fógra foriarratais a sheirbheáil ar an éilitheoir nó ar an aturnae ar son an éilitheora, más ann dó nó di, laistigh de dheich lá glan ón dáta ar a bhfuair an freagróir eolas go raibh an breithiúnas mainneachtana tugtha.
(3) Ní oibreoidh seirbheáil an fhógra foriarratais mar bhac ar imeachtaí.
(4) Féadfaidh an Chúirt a dhearbhú gur leor seirbheáil an fhógra foriarratais mar a rinneadh é a sheirbheáil iarbhír.
(5) Ní foláir go leagfar amach go soiléir agus go hachomair san fhógra foriarratais na forais a shonraítear in Airteagal 18(1) den Rialachán AE ar a mbeidh an páirtí a dhéanfaidh an t-iarratas ag seasamh.
(6) Féadfaidh an Chúirt, ar an bhforiarratas a éisteacht, géilleadh don iarratas nó an t-iarratas a dhiúltú ar bhonn fhorálacha Airteagal 18(1) den Rialachán AE.
(7) I gcás go ndiúltóidh an Chúirt don athbhreithniú ar an mbonn nach bhfuil feidhm ag aon cheann de na forais dá dtagraítear in Airteagal 18(1) den Rialachán AE, fanfaidh an breithiúnas i bhfeidhm.
(8) I gcás go gcinnfidh an Chúirt gur chóir an t-athbhreithniú a dhéanamh ar cheann de na cúiseanna a leagtar síos in Airteagal 18(1) den Rialachán AE, ansin ní foláir an breithiúnas a bheidh tugtha sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga a chur ar ceal agus beidh sé ar neamhní.
16 Forfheidhmiú
16. (1) Faoi réir an Rialacháin AE, féadfar forálacha Orduithe 51 agus 51A, a mhéid a fhéadfar iad a chur chun feidhme maidir le breithiúnas ón gCúirt Dúiche, a chur chun feidhme maidir le breithiúnas a bheidh tugtha sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga i mBallstát, agus folaíonn aon tagairt in Orduithe 51 agus 51A do “breithiúnas”, i gcás go gceadaíonn an comhthéacs é, tagairt do bhreithiúnas den sórt sin. I gcás den sórt sin, féadfar aon Fhoirm iomchuí i Sceideal C ina bhfuil tagairt do bhreithiúnas, nó d’ordú a oiriúnú chun tagairt a dhéanamh do bhreithiúnas den sórt sin.
(2) I gcás go ndéanfaidh creidiúnaí iarratas ar fhorfheidhmiú de réir Ordú 51, riail 3 i leith breithiúnas a bheidh tugtha sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga i mBallstát seachas an Stát, ní foláir don chreidiúnaí breithiúnais, mar aon leis an toghairm i ndúblach agus an dearbhú reachtúil a thaisceadh leis an gCléireach, na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 21(2) den Rialachán AE a sholáthar don Chléireach.
17 Iarratas chun forfheidhmiú a dhiúltú
17. (1) I gcás go ndéanfar forfheidhmiú breithiúnais a bheidh tugtha sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga i mBallstát seachas an Stát faoi na Rialacha seo a lorg de réir riail 16, féadfaidh an páirtí a lorgófar forfheidhmiú ina choinne nó ina coinne iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar ordú lena ndiúltófar d’fhorfheidhmiú ar bhonn fhorálacha Airteagal 22(1) den Rialachán AE, nó ar ordú lena gcuirfear bac ar fhorfheidhmiú, nó lena gcuirfear teorainn le forfheidhmiú, ar bhonn fhorálacha Airteagal 23 den Rialachán AE.
(2) Ní foláir gur trí fhógra foriarratais i bhFoirm 53B.02, Sceideal C, a bheidh iarratas faoi fho-riail (1). Ní foláir go sonrófar san fhógra foriarratais na forais líomhnaithe ar a lorgófar an faoiseamh.
(3) Mura gceadóidh an Chúirt a mhalairt, ar a bheith deimhin gur iarratas práinneach an t-iarratas, ní foláir don fhreagróir cóip den fhógra foriarratais a sheirbheáil:
18 Scéala ó Chláraitheoir
18. Aon scéala nó fógra a thabharfaidh an Cláraitheoir do pháirtí in Éileamh Beag Eorpach chun aon chríche a leagtar amach sa Rialachán AE, ní foláir é a thabhairt ar an modh ar a mbeidh an páirtí sin tar éis é a chur i bhfios dó nó di (nó chuig an seoladh nó chuig an mionsonra teagmhála a bheidh soláthartha don pháirtí sin) agus ní foláir go n-áireofar ann sonraí agus aon uimhir thaifid don Éileamh Beag Eorpach lena mbaineann.
19 Éisteachtaí trí nasc físe nó ar an teileafón
19. (1) Chun críocha an Ordaithe seo, ní foláir a mheas gurb ionann nascadh comhaimseartha ar an teileafón nó ar mhodh eile cumarsáide leictreonaí idir daoine atá i dteideal nó a gceadaítear dóibh a bheith i láthair sa Chúirt ag éisteacht agus éisteacht os comhair na Cúirte, agus beidh feidhm ag na forálacha go léir sna Rialacha seo i dtaobh éisteachtaí maidir le héisteacht den sórt sin, ar choinníoll:
(2) Ní fhéadfaidh duine scor de pháirt a ghlacadh in éisteacht a sheolfar de réir na rialach seo trína theileafón nó trína teileafón nó trína mhodh nó trína modh eile cumarsáide a dhícheangal mura mbeidh toiliú sainráite faighte aige nó aici roimhe sin ón mBreitheamh nó ón gCláraitheoir agus ní foláir go dtoimhdeofar go cinntitheach go raibh duine i láthair gach tráth le linn na héisteachta mura mbeidh toiliú sainráite faighte aige nó aici roimhe sin ón mBreitheamh nó ón gCláraitheoir chun an éisteacht a fhágáil.” |