Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na nUaschúirteanna

Ordú: 70

Cúiseanna agus ábhair maidir le pósadh

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

Uim70-I.R. Uimh. 97 De 1990: Rialacha Na Nuaschúirteanna (Uimh. 1) 1990
Uim70-I.R. Uimh. 307 De 2017: Rialacha Na Nuaschúirteanna (Coinbhinsiún Lugano, Cothabháil Agus Seirbhís) 2013

I. Achainí.

1. Déanfar imeachtaí i gcúiseanna agus in ábhair maidir le pósadh a thionscnamh trí achainí a chomhdú, arna díriú chuig an Ard-Chúirt, agus is i bhFoirm Uimh. 1 i bhFoscríbhinn L a bheidh sí. (Is iad na foirmeacha atá leagtha amach san Fhoscríbhinn sin na foirmeacha dá dtagraítear anseo ina dhiaidh seo san Ordú seo.)


2. I ngach achainí lena dtionscnófar imeachtaí den sórt sin luafar sainchónaí na bpáirtithe ar dháta an phósta agus ar dháta na hachainí, faoi seach, áit an phósta, seoladh agus tuairisc gach páirtí, agus an líon leanaí ón bpósadh.


3. Beidh mionnscríbhinn, arna déanamh ag an achainíoch, ag gabháil le gach achainí, lena bhfíorófar na fíorais a mbeidh eolas pearsanta aige nó aici orthu, agus ina dteisteofar é nó í a bheith á chreidiúint gur fíor do na fíorais eile a bheidh líomhnaithe san achainí, agus déanfar an mhionnscríbhinn sin a chomhdú leis an achainí.


4. I gcásanna ina mbeidh foraithne neamhnithe pósta, nó foraithne idirscartha a mensa et thoro, á lorg ag an achainíoch, luafar thairis sin i mionnscríbhinn an achainígh, a chomhdófar leis an achainí uaidh nó uaithi, gan aon chlaonpháirteachas nó cúlcheadú a bheith idir an t-achainíoch agus an páirtí eile sa phósadh nó sa phósadh líomhnaithe, agus i gcásanna ina mbeidh foraithne á lorg ag an achainíoch chun go ndéanfaí cearta an phósta a aiseag luafar thairis sin sa mhionnscríbhinn a chomhdófar leis an achainí fíorais dhóthanacha chun a thaispeáint éileamh i scríbhinn ar chomhchónaí agus aiseag chearta an phósta a bheith déanta ag an achainíoch ar an bpáirtí a bheidh le forghairm, agus, tar éis deise réasúnaí chun déanamh de réir an éilimh sin, an comhchónaí sin agus aiseag sin chearta an phósta a bheith ceilte.

II. Forghairm.

5. Gach achainíoch a chomhdóidh achainí agus mionnscríbhinn déanfaidh sé forghairm, faoi shéala na Cúirte, a bhaint amach láithreach lena seirbheáil ar gach freagróir sa chúis.


6. Is i bhFoirm Uimh. 2 a bheidh gach forghairm, agus déanfaidh an páirtí a bheidh á baint amach, nó a aturnae, an fhorghairm sin, mar aon le praecipe, a thógáil ar láimh agus cuirfidh sé á síniú í. Sa praecipe beidh áit chláraithe ghnó an aturnae a mbeidh sé á thaisceadh aige, nó mura mbeidh aon aturnae ann, seoladh i gcomhair seirbheála laistigh den dlínse ina bhféadfar fógraí, pléadálacha, orduithe, barántais agus doiciméid eile a fhágáil i gcomhair an pháirtí sin.

III. Seirbheáil.

7. Déanfar forghairmeacha a sheirbheáil go pearsanta nuair is féidir sin a dhéanamh.


8. Déanfar forghairm a sheirbheáil trí chóip dhílis di a sheachadadh go pearsanta ar an bpáirtí forghairthe, agus tríd an gcóip bhunaidh a thabhairt ar aird, má éilítear sin.


9. Déanfar cóip dheimhnithe den achainí faoi shéala na Cúirte a sheachadadh, mar aon leis an gcóip den fhorghairm, ar gach duine ar a seirbheálfar forghairm.


10. I gcásanna nach féidir seirbheáil phearsanta a dhéanamh, féadfar iarratas a dhéanamh le foriarratas chun na Cúirte chun modh seirbheála éigin eile a chur in ionad na seirbheála pearsanta.


11. Tar éis seirbheáil a dhéanamh, déanfar an fhorghairm, agus deimhniú seirbheála i bhFoirm Uimh. 3 formhuinithe uirthi, a chomhdú láithreach sa Phríomh-Oifig.


12. Nuair a ordófar forghairm a fhógairt, déanfar na nuachtáin ina mbeidh an fógrán a chomhdú sa Phríomh-Oifig i dteannta na forghairme.


13. Beidh feidhm ag rialacha 7 go 12, a mhéid a bhaineann siad le seirbheáil forghairmeacha, maidir le seirbheáil gach doiciméid eile is gá a sheirbheáil go pearsanta.


14. Ní rachaidh achainíoch ar aghaidh, tar éis forghairm a bhaint amach, go dtí go mbeidh láithreas taifeadta ag na freagróirí nó thar a gceann, nó go dtí go suífear le mionnscríbhinn, arna comhdú sa Phríomh-Oifig, iad a bheith forghairthe go cuí agus gan a bheith tar éis láithriú.


15. Cuirfear an fhorghairm dá dtagrófar sa mhionnscríbhinn seirbheála i gceangal leis na mionnscríbhinní sin, agus déanfaidh an duine a mionnófar í os a chomhair í a mharcáil. Is i bhFoirm Uimh. 4 a bheidh mionnscríbhinn seirbheála forghairme.

IV. Láithreas.

16. Gach láithreas de réir forghairme déanfar é a thaifeadadh sa Phríomh-Oifig i leabhar a bheidh curtha ar fáil chun na críche sin, agus is i bhFoirm Uimh. 5 a bheidh sé.


17. Féadfar láithreas a thaifeadadh tráth ar bith sula mbeidh imeacht tionscanta d’éagmais láithris, nó dá éis sin le cead na Cúirte, agus i ngach láithreas beidh áit chláraithe ghnó an aturnae a mbeidh an láithreas á thaifeadadh aige, nó, mura mbeidh aon aturnae ann, seoladh le haghaidh seirbheála mar a fhorordaítear le riail 6.


18. Más mian le páirtí forghairthe aon cheist a tharraingt anuas i dtaobh dhlínse na Cúirte, taifeadfaidh sé láithreas i ndiaidh agóide, agus laistigh d’ocht lá comhdóidh sé sa Phríomh-Oifig a ghníomh ar achainí ag cur leis an agóid sin, agus an lá céanna seachadfaidh sé cóip den chéanna ar an achainíoch, nó ar a aturnae. Tar éis láithreas iomlánach a thaifeadadh de réir na forghairme, ní féidir le páirtí forghairthe aon agóid a dhéanamh i dtaobh dlínse.

V. Idiragróir.

19. Maidir le hiarratas ar chead chun idiragairt in aon chúis, déanfar chun na Cúirte é, le foriarratas, a mbeidh mionnscríbhinn mar thaca leis, agus glacfaidh gach páirtí a bheidh ag idiragairt páirt sna himeachtaí ag cibé céim a bheidh bainte amach acu, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, ach féadfaidh an Chúirt cead a thabhairt do pháirtí a bheidh ag idiragairt pléadáil, amhail is dá mba pháirtí sna himeachtaí ó thús é.

VI. Freagra.

20. Gach freagróir a mbeidh láithreas taifeadta aige féadfaidh sé, laistigh d’ocht lá is fiche tar éis an fhorghairm a sheirbheáil air, freagra ar an achainí, i bhFoirm Uimh. 6, a chomhdú sa Phríomh-Oifig.


21. Déanfaidh gach freagróir, an lá ar a gcomhdóidh sé freagra, cóip den fhreagra sin a sheachadadh ar an achainíoch, nó ar a aturnae.


22. Gach freagra ina mbeidh ábhar seachas séanadh simplí ar na fíorais a bheidh luaite san achainí, beidh mionnscríbhinn arna déanamh ag an bhfreagróir ag gabháil leis, lena bhfíorófar an t-ábhar eile nó breise sin, a mhéid a bheidh eolas pearsanta aige air, agus ina dteisteofar é a bheith á chreidiúint gur fíor don chuid eile den ábhar eile nó breise sin, agus déanfar an mhionnscríbhinn sin a chomhdú leis an bhfreagra.


23. I gcásanna a bhainfidh le foraithne neamhnithe pósta, nó foraithne idirscartha a mensa et thoro, luafaidh an freagróir, arb é fearchéile an achainígh é nó arb í banchéile an achainígh í, thairis sin, sa mhionnscríbhinn a chomhdófar leis an bhfreagra, gan aon chlaonpháirteachas nó cúlcheadú a bheith idir an teisteoir agus an t-achainíoch.

VII. Tuilleadh pléadálacha.

24. Laistigh de cheithre lá dhéag ó dháta comhdaithe agus seachadta an fhreagra féadfaidh an t-achainíoch freagra a chomhdú ar an bhfreagra sin, agus ní cheadófar a thuilleadh pléadála gan cead ón gCúirt.


25. Déanfar cóip de gach freagra ar fhreagra agus pléadáil ina dhiaidh sin a sheachadadh ar na páirtithe freasúracha nó ar a n-aturnaetha ar lá comhdaithe an fhreagra agus na pléadála.

VIII. Rialacha ginearálta i dtaobh pléadálacha.

26. Ceachtar páirtí ar mian leis aon phléadáil a athrú nó a leasú déanfaidh sé cead chun sin a dhéanamh a iarraidh ar an Máistir le foriarratas iar bhfógra, mura rud é nach mbeidh san athrú nó sa leasú ach athrú nó leasú foclaíochta, nó athrú nó leasú de chineál earráide cléireachais, agus i gcás den sórt sin, féadfar an t-iarratas a dhéanamh ex parte.


27. Nuair a bheidh ordaithe achainí, freagra nó pléadáil eile a athrú nó a leasú, is ó thráth comhlíonta an ordaithe a ríomhfar an tréimhse ama chun cóip den chéad phléadáil eile a chomhdú agus a sheachadadh.


28. Déanfar cóip de gach pléadáil ina dtaispeánfar na hathruithe agus na leasuithe a bheidh déanta inti a sheachadadh ar na páirtithe freasúracha lá déanta na n-athruithe agus na leasuithe sin sa phléadáil a bheidh comhdaithe sa Phríomh-Oifig; agus beidh de chead ag na páirtithe freasúracha, más rud é go mbeidh pléadáilte acu cheana féin, an phléadáil sin a leasú laistigh de cheithre lá tar éis an tseachadta sin, nó laistigh de cibé tréimhse ama bhreise a lamhálfar chuige sin.


29. Má loiceann ceachtar páirtí sa chúis cóip den fhreagra, den fhreagra ar an bhfreagra nó den phléadáil eile a chomhdú nó a sheachadadh, nó é nó í a athrú nó a leasú, nó cóip d’aon phléadáil athraithe nó leasaithe a sheachadadh, laistigh den tréimhse ama a bheidh lamháilte chuige sin, ní bheidh an páirtí ar ar chóir an chóip den fhreagra sin, den fhreagra sin ar an bhfreagra nó den phléadáil eile sin, nó den phléadáil athraithe nó leasaithe sin, a sheachadadh faoi cheangal í a ghlacadh, agus ní chomhdófar an freagra sin, an freagra sin ar an bhfreagra nó an phléadáil eile sin, nó ní dhéileálfar leis nó léi mar fhreagra nó pléadáil a mbeifear tar éis é nó í a chomhdú nó ní mheasfar é nó í a bheith comhdaithe, nó ní athrófar nó ní leasófar é nó í, ach amháin le hordú ón gCúirt. Is ar an bpáirtí a mbeidh an t-ordú sin á iarraidh aige a thitfidh costas fála an ordaithe, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.


30. Maidir le hiarratais ar a thuilleadh sonraí i dtaobh ábhar a bheifear tar éis a phléadáil, déanfar chun na Cúirte iad le foriarratas iar bhfógra.


31. Ní dhéanfar aon phléadáil in aon chúis nó ábhar maidir le pósadh, ach amháin an achainí lena dtionscnófar na himeachtaí, a chomhdú, a sheachadadh nó a leasú le linn na Saoire Fada mura n-ordóidh an Chúirt sin, ach féadfar gach achainí den sórt sin a sheachadadh le linn na Saoire Fada gan aon ordú.

IX. Scrúdú liachta.

32. (1) In imeachtaí chun pósadh a neamhniú ar fhoras leimhe nó éagumais, iarrfaidh an t-achainíoch ar an Máistir, tar éis an phléadáil deiridh a chomhdú nó, mura mbeidh aon láithreas taifeadta nó aon fhreagra comhdaithe, tar éis an tréimhse ama a bheidh lamháilte chun láithreas a thaifeadadh nó freagra a chomhdú (de réir mar a bheidh) a bheith caite, cinneadh a dhéanamh ar cheart lia-chigirí a cheapadh chun na páirtithe a scrúdú.


(2) Ar an iarratas sin a dhéanamh chuige féadfaidh an Máistir beirt lia-chigire a cheapadh chun na páirtithe a scrúdú agus toradh an scrúdaithe sin a thuairisciú don Chúirt.


(3) Nuair a bheidh aon imeachtaí den sórt sin á n-éisteacht féadfaidh an Chúirt lia-chigire nó beirt lia-chigire a cheapadh chun aon pháirtí nach mbeidh scrúdaithe a scrúdú nó chun aon pháirtí a bheidh scrúdaithe a scrúdú tuilleadh, agus chun toradh an scrúdaithe sin a thuairisciú don Chúirt.


(4) In imeachtaí chun pó sadh a neamhniú ar an bhforas nach mbeifear tar éis an pósadh a chur i gcrích mar gheall ar dhiúltú toiliúil an fhreagróra déanamh amhlaidh, féadfaidh ceachtar páirtí, tar éis an phléadáil deiridh a chomhdú, a iarraidh ar an Máistir lia-chigirí a cheapadh chun na páirtithe a scrúdú agus toradh an scrúdaithe sin a thuairisciú don Chúirt. Ar an iarratas sin a dhéanamh chuige ceapfaidh an Máistir beirt lia-chigire agus beidh de chead ag ceachtar de na páirtithe dul faoi scrúdú ag duine amháin de na cigirí nó ag an mbeirt chigire a cheapfar amhlaidh.


(5) An páirtí a mbeifear tar éis lia-chigirí a cheapadh mar a dúradh ar iarratas uaidh, cuirfidh sé faoi deara fógra faoi thráth agus áit an scrúdaithe a thabhairt don pháirtí eile.


(6) Is i seomraí comhairle duine de na lia-chigirí a bheidh ceaptha mar a dúradh, nó in áit chaoithiúil éigin eile a bheidh le sonrú san ordú á gceapadh, a chuirfear gach scrúdú ar siúl.


(7) Freastalóidh Cláraitheoir san áit a bheidh socraithe don scrúdú agus iarrfaidh sé ar na haturnaetha thar ceann na bpáirtithe aithne a thabhairt ar na páirtithe a bheidh le scrúdú. Nuair a bheidh aithne tugtha ar na páirtithe, deimhneoidh an Cláraitheoir an t-aitheantas sin i bhFoirm Uimh. 8, agus cuirfidh sé na lia-chigirí faoi mhionn i bhFoirm Uimh. 9 agus síneoidh siadsan an Fhoirm sin. Comhdóidh an Cláraitheoir an deimhniú aitheantais agus an mionn sa Phríomh-Oifig.


(8) Déanfaidh na lia-chigirí gach tuarascáil a thabharfar faoin riail seo a chur leis an bpost cláraithe réamhíoctha chuig an Máistir sna Ceithre Chúirt, Baile Átha Cliath, agus air sin comhdófar sa Phríomh-Oifig í, agus beidh ceachtar páirtí i dteideal cóip di a fháil ar an táille fhorordaithe a íoc.

X. Triail nó éisteacht.

33. Ní ghlaofar aon chúis le haghaidh trialach nó éisteachta go dtí go mbeidh deich lá caite ón lá a mbeidh an t-iarratas chun modh na trialach a shocrú éiste, mura ndéanfar sin le toiliú nó le hordú speisialta.


34. Féadfar aon fhreagróir sa chúis, tar éis láithreas a thaifeadadh, gan freagra ar an achainí sa phríomhchúis a chomhdú, a éisteacht i leith aon cheiste i dtaobh costas.


35. Féadfaidh an Chúirt, le linn aon chúis a bheith á triail nó á héisteacht, atráthú a ordú go dtí cibé tráth agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh costas agus eile is cuí léi.

XI. Fianaise arna tógáil le mionnscríbhinn.

36. Nuair a bheidh ordaithe ag an gCúirt gach ceann nó aon cheann de na fíorais a bheidh leagtha amach sna pléadálacha a chruthú le mionnscríbhinní, comhdófar na mionnscríbhinní sin sa Phríomh-Oifig laistigh d’ocht lá ó thráth tabhartha an ordacháin sin, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.


37. Féadfar frith-mhionnscríbhinní i dtaobh aon fhíoras a bheidh le cruthú le mionnscríbhinn a chomhdú laistigh d’ocht lá ó dháta comhdaithe na mionnscríbhinní a mbeidh beartaithe iad a fhreagairt leo.


38. Déanfar cóipeanna de na mionnscríbhinní uile a sheachadadh, lá comhdaithe mionnscríbhinní, ar na páirtithe eile a bheidh le héisteacht le linn thriail nó éisteacht na cúise, nó ar a n-aturnaetha.


39. Ní dhéanfar mionnscríbhinní mar fhreagra ar fhrithmhionnscríbhinní a chomhdú gan cead ón gCúirt.


40. Féadfaidh an Chúirt, ar aon pháirtí dá iarraidh sin, a ordú d’aon duine a mbeidh mionnscríbhinn déanta aige freastal lena chroscheistiú.

XII. Imeachtaí le hachainí.

41. Féadfaidh aon pháirtí i gcúis, a mbeidh láithreas taifeadta aige, a iarraidh ar an gCúirt, le foriarratas, é a éisteacht ar a achainí i dtaobh aon cheisteanna comhthaobhacha a thiocfaidh chun cinn in agra.


42. Déanfaidh an páirtí a mbeidh cead éisteachta ar a achainí tugtha dó a ghníomh ar achainí a chomhdú sa Phríomh-Oifig laistigh d’ocht lá, agus seachadfaidh sé cóip de an lá céanna ar cibé páirtithe sa chúis a gceanglófar orthu é sin a fhreagairt.


43. Déanfaidh gach páirtí ar a seachadfar cóip de ghníomh ar achainí a fhreagra air a chomhdú sa Phríomh-Oifig laistigh d’ocht lá tar éis dó an chóip sin a fháil, agus ar an lá céanna seachadfaidh sé cóip den fhreagra sin ar an bpáirtí freasúrach, agus leanfar an cúrsa céanna i leith aon phléadála ina dhiaidh sin. Ach ní cheadófar aon phléadáil tar éis an fhreagra ar fhreagra gan cead ón gCúirt.


44. Déanfaidh na páirtithe sa ghníomh ar achainí, faoi seach, laistigh d’ocht lá ón lá a gcomhdófar an phléadáil deiridh (mura mbeidh a mhalairt de mhodh cruthúnais ordaithe ag an gCúirt), cibé mionnscríbhinn agus cruthúnais eile is gá, mar thaca lena ndeimhnisc leithleacha, a chomhdú sa Phríomh-Oifig.


45. Tar éis don tréimhse ama chun mionnscríbhinní agus cruthúnais a chomhdú a bheith caite, mura mbeidh a mhalairt de mhodh cruthúnais ordaithe ag an gCúirt, déanfaidh páirtí comhdaithe an ghnímh ar achainí an achainí a chur síos lena héisteacht; agus i gcás ina loicfidh sé déanamh amhlaidh laistigh de mhí féadfaidh aon pháirtí a mbeidh freagra uirthi comhdaithe aige an céanna a chur síos lena éisteacht, agus éistfidh an Chúirt an achainí gan ghiúiré.


46. Déanfar socrú chun an achainí a éisteacht leis an ordú a luaitear i rialacha 44 agus 45 lena n-ordófar a mhalairt de mhodh cruthúnais.

XIII. Ailiúnas.

47. Féadfaidh an banchéile, arb í an t-achainíoch i gcúis í, ailiúnas ag feitheamh ar agra a iarraidh le foriarratas iar bhfógra, a mbeidh mionnscríbhinn mar thaca leis, tráth ar bith tar éis an fhorghairm a sheirbheáil go cuí ar an bhfearchéile nó tar éis don Chúirt ordú a dhéanamh chun an tseirbheáil sin a ligean thar ceal, ar an gcoinníoll go mbeidh factum an phósta idir na páirtithe suite le mionnscríbhinn a bheidh comhdaithe roimhe sin.


48. Féadfaidh an banchéile, arb í an freagróir i gcúis í, tar éis láithreas a thaifeadadh, ailiúnas ag feitheamh ar agra a iarraidh, freisin, le foriarratas iar bhfógra a mbeidh mionnscríbhinn mar thaca leis.


49. Déanfaidh an fearchéile, laistigh d’ocht lá tar éis an fógra foriarratais agus an chóip den mhionnscríbhinn mar thaca leis a sheirbheáil, mionnscríbhinn mar fhreagra a chomhdú agus fógra faoina comhdú a thabhairt don bhanchéile.


50. Déanfaidh an fearchéile, arb é an freagróir sa chúis é, láithreas a thaifeadadh sular féidir leis mionnscríbhinn a chomhdú mar fhreagra ar iarratas ar ailiúnas.


51. Mura mbeidh an banchéile sásta le dóthanacht na mionnscríbhinne mar fhreagra, ón bhfearchéile, féadfaidh sí, le foriarratas, a iarraidh ar an gCúirt a ordú dó mionnscríbhinn bhreise agus níos iomláine mar fhreagra a thabhairt, nó a ordú dó freastal nuair a bheidh an foriarratas á éisteacht chun go ndéanfaí é a cheistiú fúithi.


52. I gcá s ina líomhnó far sa mhionnscríbhinn mar fhreagra, ón bhfearchéile, maoin dá cuid féin a bheith ag an mbanchéile, féadfaidh sí, laistigh d’ocht lá tar éis fógra a fháil faoi chomhdú na mionnscríbhinne, mionnscríbhinn mar fhreagra ar an líomhain sin a chomhdú, ach ní bheidh de chead ag an bhfearchéile mionnscríbhinn a chomhdú mar athfhreagra gan cead ón gCúirt.


53. Mura gcomhdóidh an fearchéile aon mhionnscríbhinn mar fhreagra féadfaidh an banchéile dul ar aghaidh leis an bhforiarratas nó féadfaidh sí a iarraidh ar an gCúirt, le foriarratas, a ordú dó freastal tráth éisteachta an fhoriarratais chun é a cheistiú faoi.


54. Féadfaidh banchéile a mbeidh foraithne chríochnaitheach a mensa et thoro faighte aici leithroinnt bhuanailiúnais a iarraidh ar an gCúirt, le foriarratas, ar an gcoinníoll go dtabharfaidh sí fógra faoin iarratas sin don fhearchéile nó dá aturnae ocht lá ar a laghad sula ndéanfaidh sí an t-iarratas.


55. Féadfaidh banchéile, tráth ar bith tar éis ailiúnas a leithroinnt uirthi, cibé acu is ailiúnas ag feitheamh ar agra nó buanailiúnas é, iarratas a dhéanamh, le foriarratas, ar mhéadú ar an ailiúnas a bheidh leithroinnte mar gheall ar acmhainní méadaithe an fhearchéile nó de dheasca laghdú a bheith tagtha ar a hacmhainní féin, nó féadfaidh fearchéile iarratas a dhéanamh, le foriarratas, ar laghdú ar an ailiúnas a bheidh leithroinnte mar gheall ar acmhainní laghdaithe nó mar gheall ar acmhainní méadaithe an bhanchéile, agus beidh an cúrsa imeachta i gcásanna den sórt sin ar aon dul lena gceanglaítear leis an Ordú seo i leith an iarratais bhunaidh ar ailiúnas, agus leithroinnt an ailiúnais sin, a mhéid is infheidhme an céanna.


56. Mura n-ordófar a mhalairt, tosóidh buanailiúnas agus déanfar é a ríomh ó dháta na foraithne críochnaithí ón gCúirt.


57. Déanfar ailiúnas ag feitheamh ar agra, agus buanailiúnas freisin, a íoc leis an mbanchéile nó le duine éigin a bheidh le hainmniú i scríbhinn aici agus le ceadú ag an gCúirt mar iontaobhaí thar a ceann.

XIV. Aiseag chearta an phósta.

58. Tráth ar bith tar éis imeachtaí a thionscnamh chun cearta an phósta a aiseag, féadfaidh an freagróir ordú a iarraidh ar an gCúirt chun na himeachtaí sa chúis a bhacadh mar gheall ar é a bheith toilteanach atosú nó filleadh ar chomhchónaí leis an achainíoch.

XV. Caomhnóirí naíon.

59. Féadfaidh naíon aon duine amháin nó níos mó dá neasghaolta a roghnú mar chaomhnóir, d’fhonn imeachtaí a shaothrú thar a cheann mar achainíoch, mar fhreagróir nó mar idiragróir i gcúis.


60. Comhdófar an ionstraim roghnaithe is gá sa Phríomh-Oifig sula bhféadfar ligean don chaomhnóir roghnaithe forghairm a bhaint amach nó láithreas a thaifeadadh thar ceann an naín.


61. I gcás nach mbeidh caomhnóir roghnaithe ag naíon mar a dúradh, déanfaidh an Chúirt caomhnóir a shannadh don naíon le haghaidh an agra sin.

XVI. Astú agus Forghabháil.

62. I ngach cúis agus ábhar maidir le pósadh, beidh orduithe astaithe agus orduithe forghabhála le hullmhú ag an bpáirtí ar ar a thionscnamh a bheifear tar éis an t-ordú chun iad a eisiúint a fháil, nó ag páirtí iarrtha a n-eisiúna, agus beidh siad le tabhairt go dtí an Phríomh-Oifig, maille le cóip fhianaithe den ordú, más rud é go mbeidh ordú déanta, agus praecipe le haghaidh an ordaithe, agus, nuair a bheidh siad formheasta nó sínithe ag an Máistir nó ag an gCláraitheoir, séalófar iad, agus ní gá don Bhreitheamh na horduithe sin a shéalú.


63. Féadfaidh aon duine a bheidh i gcoimeád faoi ordú astaithe a iarraidh ar an gCúirt é a scaoileadh.

XVII. Fógraí.

64. Síneoidh an páirtí nó a aturnae gach fógra a cheanglaítear leis an Ordú seo nó le cleachtas na Cúirte a thabhairt.

XVIII. Pléadálacha, fógraí, 7rl., a sheirbheáil.

65. Gach pléadáil, fógra agus doiciméad eile a cheangláýtear leis an Ordú seo a thabhairt do na páirtithe freasúracha sa chúis, nó dá n-aturnaetha, nó a sheachadadh orthu, agus nach gceanglaítear go sainráite í nó é a sheirbheáil go pearsanta, is leor í nó é a fhágáil ag an áit chláraithe ghnó nó ag an seoladh le haghaidh seirbheála a bheidh tugtha mar a dúradh ag an achainíoch agus ag an bhfreagróir faoi seach.


66. I gcás inar gá fógra a thabhairt faoi aon fhoriarratas a bheidh le déanamh chun na Cúirte, seirbheálfar an fógra sin ar na páirtithe freasúracha a mbeidh láithreas taifeadta acu dhá lá glan sula n-éistfear an foriarratas sin, agus déanfar cóip den fhógra arna sheirbheáil amhlaidh a chomhdú sa Phríomh-Oifig, ach ní bheidh aon chruthúnas i leith sheirbheáil an fhógra ag teastáil, mura n-ordóidh an Chúirt é.


67. Má fhaightear ordú le foriarratas gan fógra cuí do na páirtithe freasúracha, cealófar an t-ordú sin, ar na páirtithe ar cheart go mbeifí tar éis an fógra a sheirbheáil orthu dá iarraidh sin; agus, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, is ar an bpáirtí a mbeidh an t-ordú sin faighte aige a thitfidh caiteachas cealaithe an ordaithe sin agus an caiteachas a thiocfaidh ón gcealú sin.


68. Nuair is gá aon bhreithiúnas nó ordú a sheirbheáil go pearsanta, déanfar an breithiúnas bunaidh nó an t-ordú bunaidh, nó cóip fhianaithe de, a thabhairt ar aird don pháirtí a mbeidh seirbheáil á déanamh air, agus cuirfear é nó í i gceangal leis an mionnscríbhinn seirbheála.

XIX. Aturnae a mhalartú.

69. Féadfaidh páirtí ordú a fháil chun a aturnae nó a haturnae a mhalartú, ar iarratas a dhéanamh chuig an Máistir.


70. I gcás ina bhfailleoidh an t-iar-aturnae a bhille costas a chomhdú lena bhfómhas an tráth a bheidh ceangailte leis an ordú a bheidh seirbheáilte air, féadfaidh an páirtí, le ceadú na Cúirte, dul ar aghaidh sa chúis tríd an aturnae nua, gan na costais sin a íoc roimh ré.

XX. Páipéir fhoriarratais.

71. Leagfar amach i bpáipéir fhoriarratais teideal agus cuspóir na cúise nó an imeachta a bheidh os comhair na Cúirte, maille le hainmneacha agus tuairiscí na bpáirtithe a bheidh sa chúis nó san imeacht; na himeachtaí a bheidh tar éis bheith sa chúis cheana féin agus dátaí na n-imeachtaí sin; impí an pháirtí a mbeidh an foriarratas á dhéanamh thar a cheann, agus, go haicearrach, na himthosca ar a mbeidh sé bunaithe.


72. Má bhíonn na páipéir fhoriarratais a thairgfear easnamhach in aon cheann de na sonraí sin thuas, ní ghlacfar iad gan cead ón Máistir.


73. Déanfar an páipéar foriarratais agus an mhionnscríbhinn a bheidh mar thaca leis, maille le gach doiciméad bunaidh dá dtagrófar i mionnscríbhinní den sórt sin, a chomhdú sa Phríomh-Oifig agus a fhágáil inti.

XXI. Costais, 7rl.

74. Déanfaidh an Máistir Fómhais gach bille costais i leith gnó i gcúiseanna agus in ábhair maidir le pósadh a fhómhas.


75. Tar éis ordacháin a bheith tugtha i dtaobh mhodh éisteachta nó trialach cúise, nó i gcéim níos luaithe de chúis, i gcás ina ndéanfar imthosca speisialta a shuíomh, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas le foriarratas ó bhanchéile is achainíoch nó a mbeidh láithreas taifeadta aici (mura rud é go gcruthóidh an fearchéile eastát leordhóthanach ar leith a bheith ag an mbanchéile nó mura ndéanfaidh sé cúis mhaith eile a shuíomh), ordú a dhéanamh á ordú don fhearchéile costais an bhanchéile a íoc i leith na cúise suas go dtí dáta an iarratais sin, maille lena costais bhreise de die in diem suas go dtí an triail nó an éisteacht, agus á ordú don Mháistir Fómhais na costais sin a fhómhas agus, tráth an fhómhais sin (má bhíonn ordacháin tugtha roimh an bhfómhas sin i dtaobh an mhodha éisteachta nó trialach), a fhionnadh agus a dheimhniú cén tsuim airgid is leor a íoc isteach sa Chúirt nó cén t-urrús is leor don fhearchéile a thabhairt faoi chomhair chostais an bhanchéile a ghabhfaidh agus a bhainfidh le héisteacht nó triail na cúise.


76. I ngach cás ina ndéanfaidh an Chúirt, tráth éisteachta cúise, aon pháirtí san agra a dhaoradh i leith costas, féadfaidh aturnae an pháirtí a mbeidh na costais sin le híoc leis a bhille costas a thaisceadh láithreach agus coinne a fháil don fhómhas, ar an gcoinníoll nach ndéanfar an fómhas sin sula mbeidh an tréimhse ama a bheidh lamháilte chun triail nua a iarraidh caite.


77. Nuair a bheidh a dheimhniú fómhais, nó a dheimhniú i dtaobh urrúis, sínithe ag an Máistir Fómhais, féadfaidh an páirtí a mbeidh an deimhniú sin á fháil aige é a thaisceadh sa Phríomh-Oifig, agus eiseoidh an Máistir ordú láithreach chun an tsuim a íoc nó urrús a thabhairt laistigh de sheacht lá, agus seirbheálfar an t-ordú sin ar an bpáirtí a bheidh faoi dhliteanas nó ar a aturnae, ach ní eiseofar aon fhorghabháil chun an íocaíocht sin a chur i bhfeidhm, mura rud é go bhfaighfear cead ón gCúirt.


78. Nuair a bheidh breith na Cúirte nó fíorasc an ghiúiré, ar chúis a éisteacht nó a thriail, i gcoinne an bhanchéile, ní cheadófar aon chostais de chuid an bhanchéile a ghabhfaidh agus a bhainfidh leis an éisteacht nó an triail sin amhail i gcoinne an fhearchéile, ach amháin cibé costais díobh a ndéanfar iarratas orthu, agus a n-ordóidh an Chúirt iad a cheadú tráth na héisteachta nó na trialach sin.

XXII. Ginearálta.

79. I gcás nach láithreoidh páirtí a mbeidh forghairm seirbheáilte air laistigh den tréimhse ama a bheidh ceaptha le haghaidh láithris, féadfaidh an chúis, ar an achainíoch do chomhdú mionnscríbhinne cuí seirbheála, dul ar aghaidh amhail is dá mbeadh an páirtí sin tar éis láithriú, ach déanfar aon phléadálacha nó foriarratais a cheanglófar a sheirbheáil ar an bpáirtí sin a chomhdú leis an oifigeach cuí sa Phríomh-Oifig in ionad iad a sheirbheáil.