Rialacha na Cúirte Dúiche
Sceideal: C - Foirmeacha in imeachtaí sibhialta Foirm: 53B.01 Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga: Foirm A / Foirm éilimh
I.R. Uimh. 17 de 2014
53B.01
Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga: Foirm A/Foirm éilimh
(Airteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 861/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga)
Sceideal C
Ordú 53A r. 1
Cás uimhir (*)
Arna fháil ag an gCúirt an:....... /......./....... (*)
(*) Le líonadh isteach ag an gCúirt
FAISNÉIS THÁBHACHTACH LÉIGH NA TREOIRLÍNTE I dTOSACH GACH ROINNE — BEIDH SIAD INA gCABHAIR AGAT CHUN AN FHOIRM SEO A LÍONADH ISTEACH
Teanga
Líon isteach an fhoirm seo sa teanga a úsáidtear sa chúirt chun a gcuirfidh tú d’iarratas. Tabhair do d’aire go bhfuil an fhoirm ar fáil i dteangacha oifigiúla uile institiúidí an Aontais Eorpaigh ar shuíomh gréasáin an Atlais Bhreithiúnaigh Eorpaigh ag http://ec.europa.eu/justice_home/judicialatlascivil/html/index_en.htm. D’fhéadfadh go mbeadh sé ina chabhair agat an fhoirm a líonadh isteach sa teanga riachtanach.
Doiciméid tacaíochta
Tabhair do d’aire gur chóir, más cuí, aon doiciméid tacaíochta iomchuí a bheith ag gabháil leis an bhfoirm éilimh. Ní chuirfidh sé sin cosc ort, áfach, fianaise bhreise a chur isteach, más cuí, le linn an nóis imeachta.
Déanfar cóip den fhoirm éilimh agus, más cuí, de na doiciméid tacaíochta a sheirbheáil ar an gcosantóir. Beidh deis ag an gcosantóir freagra a chur isteach.
1. Cúirt/binse
Is cóir duit, sa réimse seo, an chúirt/an binse a bhfuil d’éileamh á dhéanamh agat os a comhair/os a chomhair a shainaithint. Is gá duit, agus cinneadh á dhéanamh agat i dtaobh na cúirte/an bhinse a roghnóidh tú, na forais a bhíonn ag gabháil le dlínse na cúirte/an bhinse a bhreithniú. Tá liosta neamhchuimsitheach de na forais a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil le dlínse le fáil i roinn 4.
1. Cén chúirt/cén binse a mbeidh d’éileamh á dhéanamh agat os a comhair/os a chomhair?
1.1 Ainm: ........ Cúirt Dúiche ........
1.2 Sráid agus uimhir/Bosca Poist: ............
1.3 Cathair agus cód poist: .........
1.4 Tír: ............Éire ........
2. Éilitheoir
Ní foláir gur tusa agus d’ionadaí, más ann, a dhéanfar a shainaithint sa réimse seo. Tabhair do d’aire nach bhfuil sé éigeantach aturnae ná gairmí dlí eile a bheith ag feidhmiú thar do cheann.
D’fhéadfadh nach leor i dtíortha áirithe gan ach Bosca Poist a thabhairt mar an seoladh agus is cóir duit, mar sin, ainm agus uimhir na sráide mar aon le cód poist a thabhairt. Mura ndéanfaidh tú amhlaidh d’fhéadfadh nach ndéanfaí an doiciméad a sheirbheáil.
D’fhéadfadh faisnéis trína bhféadfaí thú a shainaithint a bheith san áireamh le ‘mionsonraí eile’, mar shampla, do dháta breithe, do shlí bheatha, do phost sa chuideachta, do chód aitheantais phearsanta agus an cód i gclár na gcuideachtaí i mBallstáit áirithe.
I gcás níos mó ná aon éilitheoir amháin a bheith ann, úsáid bileoga breise.
2. Mionsonraí an éilitheora
2.1 Sloinne, céadainm/ainm na cuideachta nó na heagraíochta: .........
2.2 Sráid agus uimhir/Bosca Poist: ............
2.3 Cathair agus cód poist: .........
2.4 Tír: ........
2.5 Teileafón (*): ...........
2.6 Ríomhphost (*): ........
2.7 Ionadaí an éilitheora, más ann, agus mionsonraí teagmhála (*): ........
2.8 Mionsonraí eile (*): ..........
(*) Roghnach
3. Cosantóir
Is cóir duit, sa réimse seo, an cosantóir agus, más eol, a ionadaí nó a hionadaí a shainaithint. Tabhair do d’aire nach bhfuil sé éigeantach aturnae ná gairmí dlí eile a bheith ag feidhmiú thar ceann an chosantóra.
D’fhéadfadh nach leor i dtíortha áirithe gan ach Bosca Poist a thabhairt mar an seoladh agus is cóir duit, mar sin, ainm agus uimhir na sráide mar aon le cód poist a thabhairt. Mura ndéanfaidh tú amhlaidh d’fhéadfadh nach ndéanfaí an doiciméad a sheirbheáil.
D’fhéadfadh faisnéis trína bhféadfaí an duine a shainaithint a bheith san áireamh le ‘mionsonraí eile’, mar shampla, dáta breithe, slí bheatha, post sa chuideachta, cód aitheantais phearsanta agus an cód i gclár na gcuideachtaí i mBallstáit áirithe. I gcás níos mó ná aon chosantóir amháin a bheith ann, úsáid bileoga breise.
3. Mionsonraí an chosantóra
3.1 Sloinne, céadainm/ainm na cuideachta nó na heagraíochta: .........
3.2 Sráid agus uimhir/Bosca Poist: ............
3.3 Cathair agus cód poist: .........
3.4 Tír: ........
3.5 Teileafón (*): ...........
3.6 Ríomhphost (*): ........
3.7 Ionadaí an chosantóra, más eol, agus mionsonraí teagmhála ........
3.8 Mionsonraí eile (*): ..........
(*) Roghnach
4. Dlínse
Ní foláir d’iarratas a thaisceadh leis an gcúirt/leis an mbinse a bhfuil dlínse aici/aige chun déileáil leis. Ní foláir dlínse a bheith ag an gcúirt/ag an mbinse de réir rialacha Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle maidir le dlínse agus maidir le haithint agus le forfheidhmiú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála.
Tá liosta neamhchuimsitheach de na forais a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil le dlínse le fáil sa roinn seo.
Gheobhaidh tú faisnéis faoi na rialacha a bhaineann le dlínse ar shuíomh gréasáin an Atlais Bhreithiúnaigh Eorpaigh ag http://ec.europa.eu/justice_home/judicialatlascivil/html/index_en.htm.
Féadfaidh tú féachaint ar http://ec.europa.eu/civiljustice/glossary/glossary_en.htm freisin chun míniú a fháil ar chuid de na téarmaí dlí a úsáidtear.
4. Cén foras a measann tú dlínse a bheith ag an gcúirt/ag an mbinse ina leith? .....
4.1 Sainchónaí an chosantóra .....
4.2 Sainchónaí an tomhaltóra .....
4.3 Sainchónaí an tsealbhóra polasaí, an árachaí nó an tairbhí in ábhair árachais .....
4.4 An áit inar comhlíonadh an oibleagáid atá i gceist .....
4.5 An áit inar tharla an teagmhas dochrach .....
4.6 An áit ina bhfuil an mhaoin dhochorraithe .....
4.7 An rogha cúirte/binse lenar chomhaontaigh na páirtithe .....
4.8 Eile (sonraigh le do thoil): .....
5. Cásdechineál trasteorann
D’fhonn Úsáid a bhaint as an NÓs Imeachta Eorpach um É ilimh Bheaga, ný´ foláir, maidir le do chás, gur cás de chineál trasteorann a bheidh ann. Is ionann cásde chineál trasteorann agus cás ina bhfuil sainchÓnaý´ nÓ cÓnaý´ rialta ar pháirtý´ amháin ar a laghad de na páirtithe i mBallstát seachas Ballstátna cÚirte/an bhinse.
5. Cás de chineál trasteorann
5.1 An tír ina bhfuil sainchónaí nó cónaí rialta ar an éilitheoir: ........
5.2 An tír ina bhfuil sainchónaí nó cónaí rialta ar an gcosantóir:........
5.3 Ballstát na cúirte/an bhinse:........
6. Mionsonraí bainc (roghnach)
Féadfaidh tú an modh trína bhfuil ar intinn agat an táille iarratais a íoc a chur in iúl don chúirt/don bhinse i réimse 6.1. Tabhair do d’aire nach gá go mbeidh na modhanna íocaíochta go léir ar fáil sa chúirt/sa bhinse a mbeidh d’iarratas á chur agat chuici/chuige. Is cóir duit na modhanna íocaíochta a nglacfaidh an chúirt/an binse leo a fhíorú. Féadfaidh tú é sin a dhéanamh trí dhul i dteagmháil leis an gcúirt/leis an mbinse lena mbaineann nó trí fhéachaint ar shuíomh gréasáin an Líonra Bhreithiúnaigh Eorpaigh in Ábhair Shibhialta agus Thráchtála ag http://eceuropa.eu/civiljustice.
Má roghnaíonn tú íoc le cárta creidmheasa nó ligean don chúirt/don bhinse an táille a bhaint as do chuntas bainc, is cóir duit na mionsonraí riachtanacha i dtaobh do chárta creidmheasa nó do chuntais bainc a thabhairt san Fhoscríbhinn a ghabhann leis an bhfoirm seo. Is faisnéis le haghaidh na cúirte/an bhinse amháin a bheidh san Fhoscríbhinn agus ní chuirfear ar aghaidh chuig an gcosantóir í.
Tugtar deis duit, i réimse 6.2, an modh trínar mian leat íocaíocht a fháil ón gcosantóir a chur in iúl, mar shampla, más mian leis an gcosantóir íocaíocht a dhéanamh láithreach, fiú sula dtabharfar an breithiúnas, nó más mian leat íocaíocht a fháil trí aistriú bainc, luaigh na mionsonraí bainc a theastaíonn.
6. Mionsonraí bainc (*)
6.1 Conas a íocfaidh tú an táille iarratais?
6.1.1 Trí aistriú bainc
6.1.2 Trí chárta creidmheasa (líon isteach an Fhoscríbhinn)
6.1.3 Dochar díreach as do chuntas bainc (líon isteach an Fhoscríbhinn)
6.1.4 Eile (sonraigh le do thoil): ........
6.2 Luaigh an cuntas ar mian leat go n-íocfaidh an cosantóir aon mhéid a éilítear nó a dhámhtar isteach ann?
6.2.1 Sealbhóir an chuntais: .........
6.2.2 Ainm an bhainc, BIC nó cód bainc iomchuí eile ...........
6.2.3 Uimhir chuntais/IBAN: ...........
(*) Roghnach
7. Éileamh
Raon: Tabhair do d’aire go bhfuil raon teoranta ag an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga. Ní féidir déileáil faoin nós imeachta seo le héileamh ar bith arb airde a luach ná EUR 2000 ná atá liostaithe in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 861/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga, agus mura mbaineann d’éileamh le caingean laistigh de raon an Rialacháin sin de réir Airteagal 2, leanfar leis na himeachtaí os comhair na gcúirteanna/na mbinsí a bhfuil dlínse acu de réir na rialacha gnáthnóis imeachta shibhialta. Mura mian leat leanúint leis na himeachtaí sa chás sin, is cóir duit d’iarratas a tharraingt siar.
Éileamh airgeadaíochta nó éileamh eile: Is cóir duit a chur in iúl ar airgead atá á éileamh agat agus/nó rud éigin eile (nach éileamh airgeadaíochta), mar shampla, seachadadh earraí, agus ansin 7.1 agus/nó 7.2, faoi seach, a líonadh isteach agus más amhlaidh nach éileamh ar airgead an t-éileamh atá á dhéanamh agat, cuir luach measta d’éilimh in iúl. I gcás éileamh nach éileamh airgeadaíochta, is cóir duit a chur in iúl an bhfuil éileamh tánaisteach ar chúiteamh agat más rud é nach féidir an t-éileamh bunaidh a shásamh.
Más mian leat costais na n-imeachtaí (e.g. costais aistriúcháin, táillí aturnaetha, costais a bhaineann le doiciméid a sheirbheáil etc.) a éileamh, ansin is cóir duit é sin a chur in iúl in 7.3. Tabhair do d’aire nach ionann na rialacha a bhaineann leis na costais a fhéadann cúirteanna/binsí a dhámhachtain i mBallstáit éagsúla. Gheobhaidh tú mionsonraí i dtaobh earnálacha costas sna Ballstáit ar shuíomh gréasáin an Líonra Bhreithiúnaigh Eorpaigh in Ábhair Shibhialta agus Thráchtála ag http://eceuropa.eu/civiljustice.
Más mian leat aon ús conarthach a éileamh, mar shampla, ús ar iasacht, is cóir duit an ráta agus an dáta óna bhfuil sé iníoctha a chur in iúl. Féadfaidh an chúirt/an binse ús reachtúil ar d’éileamh a dhámhachtain agus má éiríonn leat agus más mian leat ús a éileamh, cuir é sin agus an dáta ónar chóir don ús a bheith iníoctha in iúl.
7. I dtaobh d’éilimh
7.2 Éileamh eile:
7.3 An bhfuil costais na n-imeachtaí á n-éileamh agat-
7.3.1 Tá ....
7.3.2 Níl ....
7.3.3 Má tá, sonraigh na costais agus cuir an méid atá éilithe nó tabhaithe go dtí seo in iúl:
7.4 An bhfuil ús á éileamh agat-
Tá ....
Níl ....
má tá, maidir leis an ús:
An ús conarthach é? ..... más ea, téigh chuig 7.4.1
An ús reachtúil é? ..... Más ea, téigh chuig 7.4.2
7.4.1 Más ús conarthach é
(1) is ionann an ráta agus:
........ %
........ % os cionn bhonnráta an BCE
eile: ....
(2) is cóir don ús a bheith iníoctha ó: ..../.... /.....(dáta)
7.4.2 Más ús reachtúil é
is cóir don ús a bheith iníoctha ó: ...../...../........ (dáta)
8. Mionsonraí i dtaobh éilimh
8.1 Tabhair cúiseanna le d’éileamh, mar shampla, céard a tharla, an áit inar tharla sé agus nuair a tharla sé.
8.2 Tabhair tuairisc ar an bhfianaise is mian leat a chur ar aghaidh mar thaca le d’éileamh agus sonraigh na pointí san éileamh a bhfuil sí mar thaca leo. Is cóir duit doiciméid tacaíochta iomchuí a chur isteach, más cuí.
| 8.2.1 Fianaise i scríbhinn .... | sonraigh thíos |
| 8.2.2 Finnéithe .... | sonraigh thíos |
| 8.2.3 Eile .... | sonraigh thíos |
Éisteacht ó bhéal: Tabhair do d’aire gur nós imeachta i scríbhinn é an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga. Féadfaidh tú a iarraidh, áfach, san fhoirm seo nó ag dáta níos déanaí, go ndéanfar éisteacht ó bhéal a thionól. Féadfaidh an chúirt/an binse a chinneadh éisteacht ó bhéal a thionól má bhreithníonn sí/sé gur gá sin chun na himeachtaí a sheoladh go cóir nó féadfaidh sí/sé í a dhiúltú ag féachaint d’imthosca uile an cháis.
9. Deimhniú
Féadfar breithiúnas arna thabhairt i mBallstát sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga a aithint agus a fhorfheidhmiú i mBallstát eile. Más rud é go bhfuil ar intinn agat aithint agus forfheidhmiú a iarraidh i mBallstát seachas Ballstát na cúirte/an bhinse, féadfaidh tú a iarraidh san fhoirm seo go ndéanfaidh an chúirt/an binse, tar éis di/dó breith a thabhairt i d’fhabhar, deimhniú a eisiúint a bhaineann leis an mbreithiúnas sin.
10. Dáta agus síniú
Cinntigh go scríobhfaidh tú d’ainm go soiléir agus go síneoidh tú agus go gcuirfidh tú dáta le d’iarratas ag deireadh an iarratais.
Foscríbhinn a ghabhann leis an bhfoirm éilimh (Foirm A)
Mionsonraí bainc (*) chun an táille iarratais a íoc
Sealbhóir an chuntais/sealbhóir an chárta creidmheasa: ........
Ainm an bhainc, BIC nó cód bainc iomchuí eile/cuideachta cárta creidmheasa: ........
Uimhir chuntais IBAN/uimhir cárta creidmheasa, dáta éagtha agus uimhir shlándála an chárta creidmheasa: .........
(*) Roghnach |