Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na Cúirte Cuarda

Leasuithe ar: Ginearálta
I.R. Uimh. 618 de 2015: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Dlínse agus Aithint agus Forghníomhú Breithiúnas in Ábhair Shibhialta nó Tráchtála) 2015


1. (1) Na Rialacha Cúirte Cuarda (Dlínse agus Aithint agus Forghníomhú Breithiúnas in Ábhair Shibhialta nó Tráchtála), 2015, is teideal do na Rialacha seo agus tiocfaidh siad i ngníomh an 30ú lá de Nollaig, 2015.

(2) Déanfar na Rialacha seo a fhorléiriú i dteannta na Rialacha Cúirte Cuarda.

(3) Na Rialacha Cúirte Cuarda 2001 go 2015 is teideal do na Rialacha Cúirte Cuarda arna leasú leis na Rialacha seo.

(4) D’ainneoin thosach feidhme na Rialacha seo, aon iarratas chun na Cúirte Cuarda:

      (a) maidir le breithiúnas arna thabhairt in imeachtaí dlíthiúla arna dtionscnamh i mBallstát den Aontas Eorpach (seachas an Stát) roimh an 10 Eanáir, 2015;

      (b) maidir le hionstraim bharántúil arna tarraingt suas nó arna clárú go foirmiúil roimh an 10 Eanáir, 2015; nó

      (c) maidir le socraíocht chúirte arna ceadú nó arna tabhairt i gcrích roimh an 10 Eanáir, 2015,

a thagann faoi raon Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 an 22 Nollaig 2000 ón gComhairle ar dhlínse agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála, féadfar é a thionscnamh, a choimeád i bhfeidhm agus a chinneadh amhail is nár tháinig na Rialacha seo i bhfeidhm.

2. Déantar forálacha “Léiriú Téarmaí” na Rialacha Cúirte Cuarda a leasú:

      (i) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “sainchónaí” i mír 9—

        “9. tá “sainchónaí” le cinneadh de réir fhorálacha Alt 15 d’Acht 1998 agus Airteagail 52 agus 53 de Choinbhinsiún 1968 nó, de réir mar a bheidh, fhorálacha Airteagail 62 agus 63 de Rialachán (CE) Uimh. 1215/2012 nó fhorálacha Airteagail 59 agus 60 de Choinbhinsiún Lugano.”;

      (ii) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle” i mír 25—

        “25. Ciallaíonn “Rialachán Uimh. 1215/2012” Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 an 12 Nollaig 2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar dhlínse agus ar aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (athmhúnlú) (I.O. L. 351/1 an 20 Nollaig 2012)”.