Rialacha na nUaschúirteannaPáirtnéireacht shibhialta agus comhchónaí : I.R. Uimh. 348 de 2011
Foirmeacha:
Uimh.1 ¦ Uimh.2 ¦ Uimh.3 ¦ Uimh.4
O. 70B, rr, 5, 16(5)
AN ARD-CHÚIRT
PÁIRTNÉIREACHT SHIBHIALTA [nó, de réir mar a bheidh, COMHCHÓNAÍ]
MAIDIR LE hALT ..... DEN ACHT UM PÁIRTNÉIREACHT SHIBHIALTA AGUS UM CHEARTA AGUS OIBLEAGÁIDÍ ÁIRITHE DE CHUID COMHCHÓNAITHEOIRÍ, 2010
IDIR/
A.B.
Iarratasóir agus
C.D.
Freagróir
MIONNSCRÍBHINN ACMHAINNE MIONNAÍMSE, .........., ............. [cuir isteach slí bheatha],
as ........, atá 18 mbliana d’aois agus os a chionn agus deirim mar a leanas:—
1. Deirim gur mise an t-iarratasóir/an freagróir [scrios de réir mar is cuí] sna himeachtaí a bhfuil an teideal thuas orthu agus déanaim an mhionnscríbhinn seo de bhun fíoras is feasach dom féin ach amháin nuair is léir a mhalairt agus nuair is léir amhlaidh creidim an céanna a bheith fíor.
2. Deirim go bhfuil na sócmhainní, an mhaoin agus na hacmhainní airgeadais go léir a bhfuil teideal dlí nó tairbhiúil agam chucu agus modh teachta na sócmhainní, na maoine agus na n-acmhainní airgeadais sin leagtha amach agam sa Chéad Sceideal.
3. Deirim go bhfuil an t-ioncam go léir a fhaighim, lena n-áirítear aon ioncam nó sochair a bhfuil teideal agam chuige nó chucu le reacht nó faoi reacht, agus foinse (foinsí) an ioncaim sin, agus mionsonraí i dtaobh m’fhostaíochta reatha agus i dtaobh m’ionchas fostaíochta, leagtha amach agam sa Dara Sceideal.
4. Deirim go bhfuil mo chuid fiach, dliteanas, oibleagáidí airgeadais agus freagrachtaí airgeadais go léir agus, más iomchuí, na daoine a bhfuil na fiacha agus na dliteanais sin dlite dóibh, leagtha amach agam sa Tríú Sceideal.
5. Deirim go bhfuil mionsonraí i dtaobh mo chuid eisíocaíochtaí rialta leagtha amach sa Cheathrú Sceideal.
6. Deirim, de réir mar is fearr is eol dom, mar a cuireadh i bhfios dom agus mar a chreidim, go bhfuil an fhaisnéis go léir i dtaca le pinsean is feasach dom agus is iomchuí maidir leis na himeachtaí seo leagtha amach sa Chúigiú Sceideal. [I gcás go mbeidh faisnéis faighte ó iontaobhaithe na scéime pinsean lena mbaineann faoi Acht na bPinsean, 1990, is ceart an fhaisnéis sin a fhoilseánadh agus i gcás nach mbeidh an fhaisnéis sin faighte, is ceart don Teisteoir teistiú a dhéanamh maidir leis an gcúis (na cúiseanna) nach bhfuarthas an fhaisnéis sin].
AN CHÉAD SCEIDEAL
[Leag amach anseo, i míreanna uimhrithe, na sócmhainní, an mhaoin agus na hacmhainní airgeadais go léir, cibé acu a shealbhaítear iad in ainm aonair an iarratasóra/an fhreagróra nó i gcomhpháirt le duine eile, cibé acu a shealbhaítear iad go dlíthiúil nó go tairbhiúil, an modh ar a sealbhaítear na sócmhainní, cibé acu atá siad faoi réir morgáiste nó faoi réir muirir nó liain eile agus cibé mionsonraí breise agus mionsonraí eile is cuí].
AN DARA SCEIDEAL
[Leag amach anseo, i míreanna uimhrithe, ioncam uile an teisteora, lena n- áirítear aon ioncam nó sochair a bhfuil teideal ag an teisteoir chuige nó chucu le reacht nó faoi reacht, agus foinse (foinsí) an ioncaim sin go léir, agus mionsonraí i dtaobh fhostaíocht reatha an teisteora, más ann, agus i dtaobh ionchais fostaíochta an teisteora amach anseo].
AN TRÍÚ SCEIDEAL
[Leag amach anseo, i míreanna uimhrithe, fiacha, dliteanais, oibleagáidí agus freagrachtaí uile an teisteora agus, más iomchuí, an duine dá bhfuil gach fiach, dliteanas, oibleagáid airgeadais nó freagracht airgeadais den sórt sin dlite].
AN CEATHRÚ SCEIDEAL
[Leag amach anseo mionsonraí iomlána i dtaobh eisíocaíochtaí pearsanta rialta].
AN CÚIGIÚ SCEIDEAL
[Is ceart mionsonraí iomlána i dtaobh cineáil scéime pinsean, i dtaobh sochar is iníoctha fúithi, i dtaobh gnáthaoise inphinsin agus i dtaobh tréimhse seirbhíse ináirithe a liostú anseo de réir mar is fearr is eol don teisteoir, mar a cuireadh i bhfios dó nó di agus mar a chreideann sé nó sí].
ARNA MHIONNÚ etc.
O. 70B, rr, 6(6), 16(5)
AN ARD-CHÚIRT
PÁIRTNÉIREACHT SHIBHIALTA
[nó, de réir mar a bheidh, COMHCHÓNAÍ]
MAIDIR LE MÍR (a) D’ALT *56(1) **179(1) DEN ACHT UM PÁIRTNÉIREACHT SHIBHIALTA AGUS UM CHEARTA AGUS OIBLEAGÁIDÍ ÁIRITHE DE CHUID COMHCHÓNAITHEOIRÍ, 2010
IDIR/
A.B.
Iarratasóir/Creidiúnaí Cothabhála agus
C.D.
Freagróir/Féichiúnaí Cothabhála
RÁITEAS MAIDIR LE TUILLEAMH Deirimse, ........., .......... [cuir isteach slí bheatha], as .........., atá 18 mbliana d’aois agus os a chionn mar a leanas:—
1. Is mise an freagróir/an féichiúnaí cothabhála [scrios de réir mar is cuí] sna himeachtaí a bhfuil an teideal thuas orthu.
2. Tá ainm agus seoladh gach fostóra ag a bhfuil mé ar fostú, mar aon leis na sonraí lena gcumasaítear do gach fostóir díobh sin mé a aithint, agus sonraí mo chuid tuillimh agus an tuilleamh a bhfuil súil agam leis as gach fostaíocht díobh sin agus foinsí eile, mo chuid acmhainní agus riachtanas, leagtha amach agam sa Chéad Sceideal.
AN CHÉAD SCEIDEAL
†Ainm agus seoladh an Fhostóra (na bhFostóirí) ...........
(nó ainm agus seoladh iontaobhaí scéime pinsean faoina bhfuil sochair phinsin thréimhsiúla á bhfáil ag an bhféichiúnaí cothabhála) ...........
Dáta tosaithe ................
Cineál na hoibre ..............
An Áit Oibre .................
Tuilleamh seachtainiúil ...............
Athruithe a bhfuil súil leo ar an tuilleamh seachtainiúil .............
Uimhir/cód aitheantais fostaí/conraitheora (más ann) ..............
Uimhir P.S.P. ................
‡Ioncam ó aon fhoinsí eile ...................
Cineál an ioncaim ....................
Foinse ..................
Uimhir/cód aitheantais/cuntais (más ann) ..........
Ioncam seachtainiúil .........
‡Acmhainní airgeadais
Cineál na hacmhainne ............ Ionad (e.g. cuntas bainc) .............
Luach comhlán ...........................................
Riachtanais
[Leag amach anseo mionsonraí iomlána i dtaobh eisíocaíochtaí pearsanta rialta].
Arna Dhátú: .... 20...
Arna shíniú ..........
* I gcás imeachtaí dlí páirtnéireachta sibhialta
** I gcás imeachtaí comhchónaithe
† Déan arís le haghaidh gach fostóra ar leithligh, gach soláthraí pinsean ar leithligh, nó le haghaidh ioncaim mar fhéinfhostóir
‡ Déan arís le haghaidh gach foinse ioncaim ar leithligh nó, de réir mar a bheidh, le haghaidh gach acmhainne ar leithligh.
O. 70B, rr, 6(6), 16(5)
AN ARD-CHÚIRT
PÁIRTNÉIREACHT SHIBHIALTA [nó, de réir mar a bheidh, COMHCHÓNAÍ]
MAIDIR LE MÍR (a) D’ALT *56(1) **179(1) DEN ACHT UM PÁIRTNÉIREACHT SHIBHIALTA AGUS UM CHEARTA AGUS OIBLEAGÁIDÍ ÁIRITHE DE CHUID COMHCHÓNAITHEOIRÍ, 2010
IDIR/
A.B.
Iarratasóir/Creidiúnaí Cothabhála
agus
C.D.
Freagróir/Féichiúnaí Cothabhála
RÁITEAS MAIDIR LE TUILLEAMH
Deirimse, .........., .......... [cuir isteach slí bheatha], as .........., atá 18 mbliana d’aois agus os a chionn mar a leanas:—
1. Is mise fostóir an fhéichiúnaí cothabhála sna himeachtaí a bhfuil an teideal thuas orthu (nó is iontaobhaí mé de chuid scéime pinsean faoina bhfuil sochair phinsin thréimhsiúla á bhfáil ag an bhféichiúnaí cothabhála).
2. Deimhním na sonraí seo a leanas i dtaobh an fhéichiúnaí cothabhála:
AN CHÉAD SCEIDEAL
Ainm agus seoladh an Fhostóra (na bhFostóirí) .................
(nó ainm agus seoladh na n-iontaobhaithe) ...............
Dáta tosaithe ............
Cineál na hoibre ................
An Áit Oibre ...............
uilleamh seachtainiúil .............
Athruithe a bhfuil súil leo ar an tuilleamh seachtainiúil ................
Uimhir/cód aitheantais fostaí/conraitheora (más ann) an fhéichiúnaí cothabhála .............
Uimhir P.S.P. an fhéichiúnaí cothabhála ..........
Arna Dhátú: ............. 20
Arna shíniú
*Le haghaidh imeachtaí dlí páirtnéireachta sibhialta
**Le haghaidh imeachtaí comhchónaithe
O. 70B, rr, 7(1), 8(3), 16(5)
AN ARD-CHÚIRT
PÁIRTNÉIREACHT SHIBHIALTA
[nó, de réir mar a bheidh, ................ COMHCHÓNAÍ]
MAIDIR LE hALT DEN ACHT UM PÁIRTNÉIREACHT SHIBHIALTA AGUS UM CHEARTA AGUS OIBLEAGÁIDÍ ÁIRITHE DE CHUID COMHCHÓNAITHEOIRÍ, 2010
IDIR/
A.B.
Iarratasóir agus
C.D.
Freagróir
FÓGRA D’IONTAOBHAITHE
BÍODH SEO INA FHÓGRA gur éiligh an t-iarratasóir/an freagróir faoiseamh sna himeachtaí a bhfuil an teideal thuas orthu de bhun an Achta um Páirtnéireacht Shibhialta agus um Chearta agus Oibleagáidí Áirithe de chuid Comhchónaitheoirí, 2010 agus, go háirithe i ndáil le ........ [cuir isteach anseo mionsonraí i dtaobh an phinsin a bhfuil faoiseamh á éileamh ina leith].
AGUS BÍODH SEO INA FHÓGRA THAIRIS SIN
†go bhféadfar aon uiríll atá le déanamh chun na Cúirte a dhéanamh trí mhionnscríbhinn uiríll a chomhdófar agus a sheirbheálfar ar na páirtithe go léir san fhógra seo laistigh de 28 lá ón dáta a sheirbheáiltear an fógra seo ortsa
†go ndéanfar iarraidh chuig an gcúirt go soláthróidh tú na ríomhanna dá dtagraítear in alt *126(2) **alt 192 den Acht sin.
Arna dhátú an .... ú lá de ....... 20 ....
Arna shíniú:................
Aturnaetha thar ceann an Iarratasóra/an Fhreagróra
Do: Iontaobhaithe na scéime pinsean lena mbaineann
agus
Do: An tIarratasóir/An Freagróir [nó na haturnaetha más cuí]
† Scrios i gcás nach n-oireann
* Le haghaidh imeachtaí dlí páirtnéireachta sibhialta
** Le haghaidh imeachtaí comhchónaithe |