Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na Cúirte Dúiche

Sceideal: C - Foirmeacha in imeachtaí sibhialta

Foirm: 54.3 Toghairm chothabhála - An tAcht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 alt 5A(1)

SCEIDEAL C

O.54, r.4 (2)

Uimh. 54.3

AN tACHT UM AN DLÍ TEAGHLAIGH (COTHABHÁIL CÉILÍ AGUS LEANAÍ), 1976

Alt 5A(1)

TOGHAIRM CHOTHABHÁLA


Ceantar Cúirte Dúiche

Dúiche Uimh.

............... Iarratasóir

................ Freagróir

DE BHRÍ go ndearna an t-iarratasóir thuasainmnithe, *(a chónaíonn) *(atá ag gabháil do ghairm, gnó nó slí bheatha) i ................ *(sa cheantar cúirte agus sa dúiche réamhráite), is tuismitheoir

................. a rugadh an ................,

................ a rugadh an ...............,

*(leanbh cleithiúnach) *(leanaí cleithiúnacha) nach bhfuil a thuismitheoirí/a tuismitheoirí/a dtuismitheoirí pósta ar a chéile, iarratas chun toghairm a eisiúint ag lorg ordú cothabhála i do choinne ar na forais GO bhFUIL MAINNITHE AGATSA, an freagróir thuasainmnithe, *(a chónaíonn) *(atá ag gabháil do ghairm, gnó nó slí bheatha) i ................... *(sa cheantar cúirte agus sa dúiche réamhráite), agus ar tú tuismitheoir eile *(an linbh) *(na leanaí) sin, AN CHOTHABHÁIL is cuí sna himthosca a sholáthar *(don leanbh) *(do na leanaí) sin.

CUIRTEAR d’AITHNE LEIS SEO ORTSA, an freagróir, láithriú ag an suí den Chúirt Dúiche don cheantar cúirte agus don dúiche réamhráite a thionólfar i ................. an ..... lá de ....... 19... , ar ..... a.m./p.m., tráth éisteachta an iarratais sin ar ordú cothabhála.

Arna dhátú an ..... lá seo de ....... 19....

Arna shíniú ................

Breitheamh den Chúirt Dúiche

(nó )

Feidhmeannach Síochána

(nó )

Cléireach Cúirte Dúiche

Do

as

an freagróir thuasainmnithe

*Scrios na focail nach n-oireann