Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na Cúirte Cuarda

Leasuithe ar: Ginearálta
I.R. Uimh. 155 de 2010: Na Rialacha Cúirte Cuarda (An tAcht um Athchóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha 2009) 2010


1. Tiocfaidh na Rialacha seo, arb é na Rialacha Cúirte Cuarda (An tAcht um Athchóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha 2009) 2010 is teideal dóibh, i ngníomh an 13ú lá de Bhealtaine 2010.

2. Déanfar na Rialacha seo a fhorléiriú i dteannta na Rialacha Cúirte Cuarda 2001 go 2010.

3. Leasaítear na Rialacha Cúirte Cuarda:

.....

      (i) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “Agra Cothromais” agus “Imeacht Cothromais” sna forálacha a bhaineann le “Léiriú Téarmaí”:
“Folaíonn “Agra Cothromais” agus “Imeacht Cothromais”:
        (a) aon imeachtaí a luaitear sa Tríú Sceideal d’Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961, ag uimhreacha tagartha 17 go 23, go huile, 24 (a mhéid a bhaineann sé le himeachtaí mar gheall ar chúram eastát mionaoiseach) agus 25 go 28, go huile, agus

        (b) a mhéid nach luaitear iad i mír (a) nó nach bhforáiltear dóibh ar shlí eile sna Rialacha seo, aon imeachtaí a luaitear in alt 33 den County Officers and Courts (Ireland) Act 1877;”;