Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na Cúirte Cuarda

Leasuithe ar: Ginearálta
I.R. Uimh. 188 de 2008: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Dlínse, Aithint, Forghníomhú agus Seirbheáil Imeachtaí) 2008


1. Tiocfaidh na Rialacha seo, arb é na Rialacha Cúirte Cuarda (Dlínse, Aithint, Forghníomhú agus Seirbheáil Imeachtaí) 2008, is teideal dóibh, ngníomh an 9ú lá d’Iúil 2008.

2. Forléireofar na Rialacha seo in éineacht leis na Rialacha Cúirte Cuarda 2001.

3. Leasaítear na Rialacha Cúirte Cuarda:

.....

      (iii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach díreach i ndiaidh Riail 24 de na forálacha a bhaineann le Léiriú Téarmaí:

        “25. Aon tagairtí d’aon Rialachán, Treoir, Cinneadh nó Creat-Chinneadh a bheidh glactha ag Comhairle an Aontais Eorpaigh, cibé acu i gcomhpháirt le haon institiúid eile den Aontas Eorpach nó nach ea, measfar (ach amháin i gcás nach mbeidh feidhm dlí sa Stát ag aon leasú nó leathnú den sórt sin) gur tagairtí iad don Rialachán, don Treoir, don Chinneadh nó don Chreat-Chinneadh sin arna leasú nó arna leathnú ó am go ham, agus más rud é go bhforáiltear amhlaidh go sainráite le haon Rialachán, Treoir, Cinneadh nó Creat-Chinneadh dá éis sin lena n-aisghairtear an Rialachán, an Treoir, an Cinneadh nó an Creat-Chinneadh sin, do Rialachán, Treoir, Cinneadh nó Creat-Chinneadh dá éis sin.”
......