Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na Cúirte Cuarda

Leasuithe ar: Ginearálta
I.R. Uimh. 276 de 2014: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Post Cláraithe), 2014


1. (1) Tiocfaidh na Rialacha seo, arb é na Rialacha Cúirte Cuarda (Post Cláraithe), 2014, is teideal dóibh, i ngníomh an 7ú lá d’Iúil, 2014.

(2) Forléireofar na Rialacha seo i dteannta na Rialacha Cúirte Cuarda, 2001 go 2013.

(3) Na Rialacha Cúirte Cuarda, 2001 go 2014, is teideal do na Rialacha Cúirte Cuarda arna leasú leis na Rialacha seo.

2. Leasaítear na Rialacha Cúirte Cuarda:

      (i) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach sna forálacha i dtaobh Léiriú Téarmaí díreach tar éis an mhínithe atá iontu ar “An Príomh-Acht”:

        “20A. Ciallaíonn “Post cláraithe” seirbhís míreanna cláraithe (de réir bhrí alt 16(12) den Acht um Rialáil Cumarsáide (Seirbhísí Poist), 2011, arna soláthar ag duine a meastar de thuras na huaire de réir alt 38 den Acht sin gur soláthraí seirbhíse poist é nó í atá údaraithe chun seirbhís míreanna cláraithe a sholáthar agus atá cláraithe sa cháil sin sa chlár arna chothabháil de réir alt 40 den Acht sin, agus déanfar “post cláraithe réamhíoctha”, “litir chláraithe”, “post árachaithe” agus gach abairt ghaolmhar a fhorléiriú dá réir sin.”;