Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na Cúirte Cuarda

Leasuithe ar: Ginearálta
I.R. Uimh. 317 de 2013: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Dóchmhainneacht Phearsanta), 2013


1. (1) Tiocfaidh na Rialacha seo, arb é na Rialacha Cúirte Cuarda (Dócmhainneacht Phearsanta), 2013, is teideal dóibh, i ngníomh an 9ú lá de Lúnasa, 2013.

(2) Forléireofar na Rialacha seo in éineacht leis na Rialacha Cúirte Cuarda. (3) Na Rialacha Cúirte Cuarda, 2001 go 2013, is teideal do na Rialacha Cúirte Cuarda arna leasú leis an Rialacha seo.

2. Leasaítear na Rialacha Cúirte Cuarda:

      (i) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “An Breitheamh” sna forálacha a bhaineann le Léiriú Téarmaí:

      “11. ciallaíonn “An Breitheamh” Breitheamh den Chúirt Chuarda agus folaíonn sé, d’fhonn amhras a sheachaint, i gcás go gceadaítear nó go n-éilítear amhlaidh é sa chomhthéacs, Breitheamh Speisialta den Chúirt Chuarda.”;