Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na Cúirte Cuarda

Sceideal: B - Meabhrán

Meabhrán i ndáil le heisiúint billí sibhialta

Tá na Rialacha is infheidhme i ndáil le Billí Sibhialta a eisiúint in Ordú 11 de na Rialacha seo. Is mian le Coiste Rialacha na Cúirte Cuarda nósanna imeachta a bheith infheidhme sa Chúirt Chuarda cosúil leis na nósanna imeachta atá ag leibhéal na hArd-Chúirte, trína n-eiseofaí an doiciméad tionscnaimh ón Oifig agus trína measfaí é a eisiúint an tráth sin chun críche Reacht na dTréimhsí, 1957. Coisctear an aidhm sin a bhaint amach le halt 7 d'Acht na gCúirteanna, 1964, ina luaitear go meastar, i gcás Bille Sibhialta a sheirbheáil leis an bpost cláraithe (agus is é sin an gnáthmhodh seirbheála anois), an Bille Sibhialta sin a eisiúint amhail tráth na postála. Rinneadh na Rialacha láithreacha a dhréachtú i slí a choinníonn tagairt do cheanglais alt 7 agus coinnítear tagairt shonrach d'alt 7 mar gheall ar na drochiarmhairtí fíormhóra is féidir teacht d'easpa soiléireachta i ndáil leis an dáta eisiúna. Coisctear comhfhreagairt amhail idir na Rialacha Cúirte Cuarda agus Rialacha nanUaschúirteanna le halt 7, áfach, agus coisctear riail ghinearálta leis trína n-eisítear gach Bille Sibhialta ar dháta áirithe, i.e., an dáta ar a n-eisítear iad san Oifig. Tá an Coiste den tuairim, freisin, gur cúis mhóréiginnteachta agus mhórmhearbhaill (a bhféadfaidh go dtiocfaidh caingne chun bheith faoi urchosc reachta, contrártha d'ionchais na bpáirtithe agus a ndlíodóirí, de thoradh air sin) atá in alt 7 mar go ndéantar socrú leis maidir le dáta eisiúna eile in imthosca áirithe, i.e., i gcás go n-eisítear an Bille Sibhialta leis an bpost cláraithe agus ar an gcaoi sin go ndéantar aonfhoirmeacht a chosc. Dá bhrí sin, áitíonn Coiste Rialacha na Cúirte Cuarda go ndéanfaí alt 7 d'Acht na gCúirteanna, 1964, a aisghairm go práinneach.

Coiste Rialacha na Cúirte Cuarda,

Iúil, 1999.