Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na nUaschúirteanna

Aguisín : W

Costais

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

UimW-I.R. Uimh. 161 De 2019


Níl na foirmeacha go léir ar fáil fós sa Ghaeilge don aguisín seo.
Cliceáil ar an nasc 'English' thuas chun an doiciméad seo a fheiceáil sa Bhéarla.

----------------------
I.R. Uimh. 14 de 2014
Chuid II
COSTAIS BHREITHIÚNAS D'ÉAGMAIS LÁITHRIS

        “(1) DLÍNSE NA CÚIRTE DÚICHE: Mura mó ná €15,000 méid an bhreithiúnais

        — Cibé suim ba chuí do bhreithiúnas i leith méid dá shamhail sa Chúirt Dúiche.

        (2) DLÍNSE NA CÚIRTE CUARDA: Más mó ná €15,000 ach nach mó ná €75,000 méid an bhreithiúnais

        — Cibé suim ba chuí do bhreithiúnas i leith méid dá shamhail sa Chúirt Chuarda.

        (3) DLÍNSE NA hARD-CHÚIRTE: Más mó ná €75,000 méid an bhreithiúnais

        — €121 mar aon le €12 ar gach seirbheáil bhreise tar éis na chéad seirbheála; agus, i ngach cás, beidh an méid sin ar leith ó gach eisíoc iarbhír riachtanach agus de bhreis air.

----------------------
I.R. Uimh. 616 de 2003
CUID VI
TÁILLÍ IS INÍOCTHA LE COIMISINÉIRÍ MIONNAÍ.
      1. Ar mhionnscríbhinn, dearbhasc nó dearbhú a thógáil ... ... ... ... ... ... ... ... ... Euro 10

      2. Ar fhoilseáin a mharcáil a mbeidh tagairt déanta dóibh sa chéanna agus a mbeidh ceangailte iad a mharcáil —


        ar gach foilseán ... ... ... ... ... ... ... ... ... ... ... ... ... Euro 2

        ach nach mó, ar na foilseáin go léir, ná ... Euro 30


      3. Ar fhorghníomhú banna a fhianú ... ... ... Euro 10”.
2. (1) Rialacha na nUaschúirteanna (Táillí is Iníoctha le Coimisinéirí Mionnaí), 2003, is teideal do na rialacha seo.

(2) Tiocfaidh na rialacha seo i ngníomh an 11ú lá de Nollaig, 2003.