Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na nUaschúirteanna

Ordú: 11

Seirbheáil lasmuigh den dlínse

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

No11-S.I. No. 14 Of 1989: Rules Of The Superior Courts (No. 1), 1989.
Uim11-I.R. Uimh. 243 De 1995: Rialacha Na Nuaschúirteanna (Uimh. 1) 1995
No11-S.I. No. 109 Of 2006: Rules Of The Superior Courts (Arbitration) 2006
No11-S.I. No. 242 Of 2006: Rules Of The Superior Courts (Proceeds Of Crime And Financing Of Terrorism) 2006
No11-S.I. No. 361 Of 2010: Rules Of The Superior Courts (Arbitration) 2010


1. Féadfaidh an Chúirt a cheadú toghairm thionscnaimh, nó fógra faoi thoghairm thionscnaimh, a sheirbheáil lasmuigh den dlínse—
      (a) nuair is é is ábhar iomlán don chaingean talamh a bheidh laistigh den dlínse (le cíosanna nó brabúis, nó dá n-éagmais), nó buanú fianaise maidir le talamh laistigh den dlínse; nó

      (b) nuair a bheifear ag iarraidh aon acht, gníomhas, uacht, conradh, oibleagáid nó dliteanas a bhainfidh le talamh nó le hoidhreachtáin a bheidh laistigh den dlínse a fhorléiriú, a cheartú, a chur ar ceal nó a chur i bhfeidhm sa chaingean; nó

      (c) nuair a iarrfar aon fhaoiseamh i gcoinne aon duine a mbeidh sainchónaí nó gnáthchónaí air laistigh den dlínse; nó

      (d) nuair is é caingean a bheidh ann caingean chun eastát pearsanta aon duine éagtha, agus sainchónaí a bheith air laistigh den dlínse tráth a bháis, a riaradh, nó chun iontaobhais aon ionstraime scríofa a fhorghníomhú (i dtaobh maoine a bheidh laistigh den dlínse), ar iontaobhaí ina leith an duine a bheidh le seirbheáil, agus ar chóir iad a fhorghníomhú de réir dhlí na hÉireann; nó

      (e) nuair is é caingean a bheidh ann caingean arna tionscnamh chun conradh a chur i bhfeidhm, a chealú, a dhíscaoileadh nó a neamhniú, nó chun difear a dhéanamh dó ar shlí eile, nó chun damáistí nó faoiseamh eile a ghnóthú mar gheall ar shárú ar chonradh nó i leith sárú ar chonradh—


        (i) arna dhéanamh laistigh den dlínse; nó

        (ii) arna dhéanamh ag gníomhaire nó trí ghníýomhaire, a bheidh ag trádáil nó a mbeidh cónaí air laistigh den dlínse, thar ceann príomhaí a bheidh ag trádáil nó a mbeidh cónaí air lasmuigh den dlínse; nó

        (iii) a bheidh, de réir a théarmaí nó de réir mar is intuigthe as, faoi rialú ag Dlí na hÉireann, nó nuair is é caingean a bheidh ann caingean arna tionscnamh i leith sárú arna dhéanamh laistigh den dlínse ar chonradh, cibé áit a mbeidh sé déanta, bíodh go mbeidh, roimh an sárú sin nó ina theannta, an conradh sin sáraithe lasmuigh den dlínse, ionas nach bhféadfaí an chuid den chonradh a chomhlíonadh ba chóir a chomhlíonadh laistigh den dlínse; nó


      (f) nuair is é is bonn don chaingean tort arna dhéanamh laistigh den dlínse; nó

      (g) nuair a iarrfar aon urghaire i dtaobh aon ní a bheidh le déanamh laistigh den dlínse, nó nuair a bheifear ag iarraidh aon núis laistigh den dlínse a chosc nó a dhíchur, cibé acu a iarrfar nó nach n-iarrfar damáistí ina leith freisin; nó

      (h) nuair is gá nó is cuí aon duine lasmuigh den dlínse a bheith ina pháirtí i gcaingean arna tionscnamh go cuí i gcoinne duine éigin eile a bheidh seirbheáilte go cuí laistigh den dlínse; nó

      (i) nuair a bhainfidh an t-imeacht le naíon nó duine mímheabhrach a mbeidh sainchónaí air in Éirinn, nó ar saoránach d’Éirinn é; nó

      (j) nuair is é imeacht a bheidh ann imeacht idirphléadála a bhainfidh le maoin laistigh den dlínse; nó

      (k) nuair a bhainfidh an t-imeacht le headráin arna seoladh nó a bheidh le seoladh laistigh den dlínse; nó

      (l) nuair a bhainfidh an t-imeacht le forghníomhú dámhachtana faoi Chuid III den Acht Eadrána, 1980, nó le forghníomhú na n-oibleagáidí airgid a bheidh forchurtha le dámhachtain faoi Chuid IV den Acht Eadrána, 1980; nó

      (m) nuair is é imeacht a bheidh ann imeacht ag morgáistí nó ag morgáisteoir i ndáil le morgáiste ar mhaoin phearsanta a bheidh laistigh den dlínse agus go n-iarrfar ann faoiseamh den chineál nó den sórt seo a leanas, is é sin le rá, díol, tabhairt suas seilbhe ag an morgáisteoir, fuascailt, atíolacadh, tabhairt suas seilbhe ag an morgáistí; ach nach n-iarrfar (mura gceadófar agus sa mhéid amháin go gceadófar é faoi fho-mhírcheann (e) den riail seo) aon bhreithiúnas pearsanta nó ordú chun aon airgead a bheidh dlite faoin morgáiste a íoc.

      San fho-mhírcheann seo ciallaíonn an abairt ‘‘maoin phearsanta a bheidh laistigh den dlínse’’ maoin phearsanta a bheadh, ar úinéir uirthi d’fháil bháis ina dhíthiomnóir, ina hábhar chun litreacha riaracháin a dheonú i leith a eastáit as an Oifig Phrobháide; ciallaíonn an focal ‘‘morgáiste’’ morgáiste, muirear nó lian de thuairisc ar bith; ciallaíonn an focal ‘‘morgáistí’’ páirtí a bheidh i dteideal morgáiste nó a mbeidh leas aige i morgáiste de thuras na huaire; agus ciallaíonn an focal ‘‘morgáisteoir’’ páirtí a bheidh i dteideal maoine a bheidh faoi réir morgáiste, nó a mbeidh leas aige inti, de thuras na huaire); nó

      (n) nuair a thionscnófar an t-imeacht faoi na forálacha a bhaineann le hiompar d’aer den Acht um Aer-Loingseoireacht agus Aer-Iompar, 1936; nó

      (o) nuair a bhainfidh an t-imeacht le long a bheidh cláraithe nó a mbeidh ceangailte í a chlárú faoin Acht Loingis Thráchtála, 1955, nó le haon scair nó leas inti; nó

      (p) nuair a bhainfidh an t-imeacht le húinéireacht trádmhairc a bheidh cláraithe nó a mbeifear ag iarraidh é a chlárú san Oifig Chláraitheachta Maoine Tionscail agus Tráchtála.

2. I gcás ina n-iarrfar cead ar an gCúirt chun toghairm nó fógra ina thaobh sin a sheirbheáil faoi riail 1, tabharfaidh an Chúirt ar chuici a dhéanfar an t-iarratas sin aird ar mhéid nó luach an éilimh nó na maoine dá ndéanfar difear agus ar chostas comparáideach agus ar chaoithiúlacht imeachtaí in Éirinn, nó san áit ina mbeidh áit chónaithe an chosantóra, agus go háirithe i gcásanna éileamh beag má tá cónaí ar an gcosantóir i Sasana, in Albain nó i dTuaisceart Éireann, ar chumhachtaí agus ar dhlínse, faoi na reachtanna á mbunú nó á rialáil, na gcúirteanna dlínse teoranta nó áitiúla i Sasana, in Albain nó i dTuaisceart Éireann faoi seach.

3. (1) Féadfaidh na páirtithe in aon chonradh a chomhaontú—

      (a) go mbeidh dlínse ag an gCúirt aon imeacht i leith an chonartha sin a bhreithniú agus, freisin, nó mar mhalairt,

      (b) go bhféadfar aon toghairm in aon imeacht den sórt sin a sheirbheáil in áit ar bith laistigh nó lasmuigh den dlínse ar aon pháirtí, nó ar aon duine thar ceann aon pháirtí, nó ar aon mhodh a bheidh sonraithe nó curtha in iúl sa chonradh sin.

(2) In aon chás den sórt sin, d’ainneoin aon ní atá sna Rialacha seo, measfar gur seirbheáil mhaith éifeachtach é, cibé áit a mbeidh cónaí ar na páirtithe, aon toghairm den sórt sin a sheirbheáil san áit (más ann) nó ar an bpáirtí nó ar an duine (más ann) nó ar an modh (más ann) a bheidh sonraithe nó curtha in iúl sa chonradh. Mura mbeidh aon áit, nó modh, nó duine sonraithe nó curtha in iúl amhlaidh, féad- far a ordú an toghairm sin a sheirbheáil lasmuigh den dlínse.

4. I gcaingne probháide féadfaidh an Chúirt seirbheáil toghairme, nó fógra faoi thoghairm, lasmuigh den dlínse a cheadú.

5. Gach iarratas ar chead chun toghairm nó fógra faoi thoghairm a sheirbheáil ar chosantóir lasmuigh den dlínse, beidh mionnscríbhinn, nó fianaise eile, mar thaca leis, a luafar inti an teisteoir a bheith á chreidiúint cúis mhaith chaingne a bheith ag an ngearánaí, agus a léireofar inti cá háit nó cén tír ina mbeidh an cosantóir nó inar dócha go bhfaighfear é, agus cibé acu is saoránach d’Éirinn é an cosantóir sin nó nach ea, agus, i gcás ina n-iarrfar cead chun toghairm nó fógra ina thaobh sin a sheirbheáil faoi riail 1, a luafar inti na sonraí is gá chun a chur ar chumas na Cúirte rogha chuí a dhéanamh ar an modh a shonraítear i riail 2; agus ní thabharfar aon chead mura gcuirfear ina luí go leormhaith ar an gCúirt gur cás cuí é le haghaidh seirbheála lasmuigh den dlínse faoin Ordú seo.

6. Déanfar an t-iarratas sin sula n-eiseofar an toghairm agus, nuair nach mbeidh aon imeacht ar feitheamh, is é teideal a chuirfear ar an mionnscríbhinn a bheidh mar fhoras leis an iarratas ná amhail idir na páirtithe san imeacht a bheidh beartaithe agus ‘‘Maidir leis na hAchtanna Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1961, agus Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1981.’’

7. Déanfar le haon ordú lena gceadófar seirbheáil a dhéanamh, nó fógra a thabhairt, lasmuigh den dlínse tréimhse ama a cheapadh, tar éis na seirbheála nó an fhógra sin, ina mbeidh ar an duine a bheidh le seirbheáil láithreas a thaifeadadh, agus braithfidh an tréimhse ama sin ar an áit nó an tír ina mbeidh an toghairm le seirbheáil nó an fógra le tabhairt, agus féadfar an cead sin a thabhairt leis an ordú céanna lena dtabharfar cead chun an toghairm a eisiúint lena seirbheáil lasmuigh den dlínse nó a mbeidh fógra fúithi le tabhairt lasmuigh den dlínse.

8. I gcás nach saoránach d’Éirinn an cosantóir, nó nach eol nó nach gcreidfear gur saoránach d’Éirinn é, is fógra faoin toghairm, agus ní hé an toghairm féin, a sheirbheálfar air.

9. Faoi réir fhorálacha an Ordaithe seo, is ar an modh a seirbheáltar toghairmeacha a thabharfar fógra in ionad seirbheála.

10. Aon uair a dhéanfar ordú lena gceadófar toghairm nó fógra ina thaobh sin a sheirbheáil ar chosantóir lasmuigh den dlínse, seirbheálfar cóip den ordú sin i dteannta na toghairme nó an fhógra, de réir mar a bheidh.

11. Beidh feidhm ag an Ordú seo, a mhéid is indéanta agus is infheidhme, maidir le himeachtaí cibé acu a bheidh siad tionscanta le toghairm thionscnaimh nó ar mhodh éigin eile, agus maidir le haon ordú nó fógra in aon imeachtaí den sórt sin. I gcás nach saoránach d’Éirinn an duine a bheidh le seirbheáil, dé anfar cóip den doiciméad tionscnaimh (seachas toghairm thionscnaimh) nó den ordú nó den fhógra a sheirbheáil in ionad an doiciméid bhunaidh, agus ina theannta sin cuirfear in iúl i scríbhinn imeacht nó próis i bhfoirm na cóipe a bheith eisithe nó seolta ar shlí eile nó ordú i dtéarmaí na cóipe a bheith déanta (de réir mar a bheidh).

12. Ní dhéanfaidh aon ní atá san Ordú seo dochar nó difear ar shlí ar bith d’aon chleachtas nó cumhacht de chuid na Cúirte faoina bhféadfaidh an Chúirt, nuair a bheifear ag iarraidh go ndéileálfaí nó go mbainfí le tailte, cistí, ábhair i gcaingean, cearta nó maoin laistigh den dlínse, a chur faoi deara, gan a airbheartú dlínse a bheith á feidhmiú aici ar dhuine ar bith lasmuigh den dlínse, go gcuirfear in iúl don duine sin na himeachtaí a bheith ar bun nó cad é an cineál iad, ionas go mbeidh caoi ag an duine sin éileamh a dhéanamh, cur i gcoinne na n-imeachtaí nó idiragairt ar shlí eile.