Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na nUaschúirteanna

Leasuithe ar: Ordú 1A
I.R. Uimh. 13 de 2018: Rialacha na nUaschúirteanna (Idirghabháil) 2018


1. (1) Féadfar Rialacha na nUaschúirteanna (Idirghabháil), 2018 a ghairm de na Rialacha seo agus tiocfaidh siad i ngníomh an 22ú lá d’Eanáir, 2018.

(2) Forléireofar na Rialacha seo i dteannta Rialacha na nUaschúirteanna.

(3) Féadfar Rialacha na nUaschúirteanna, 1986 go 2018 a ghairm de Rialacha na nUaschúirteanna arna leasú leis na Rialacha seo.

2. Leasaítear Rialacha na nUaschúirteanna:

      (i) tríd an bhfo-riail seo a leanas a chur isteach in Ordú 1A, díreach tar éis fho-riail (4) de riail 12:

        “(5) Féadfaidh an Chúirt ordachán a thabhairt faoi alt 15 den Acht ar fhoriarratas dá cuid féin ar aon ócáid a bheidh an chaingean díobhálacha pearsanta os comhair na Cúirte.”;