Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na Cúirte Dúiche

Ordú: 11

Seirbheáil lasmuigh den dlínse : S.I. No. 635 de 2005

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

No11-S.I. No. 367 Of 2009: District Court (Service In Member States Of Judicial And Extra-Judicial Documents In Civil Or Commercial Matters) Rules 2009
Uim11-I.R. Uimh. 145 De 2019

Mínithe

1. San Ordú seo—

ciallaíonn ‘‘Údarás Láir’’, nuair a ú sáidtear i ndáil leis an Stát é, Máistir na hArd-Chú irte agus, nuair a úsáidtear i ndáil le haon Stát eile is páirtí i gCoinbhinsiún na Háige é, an t-údarás nó na húdaráis arna ainmniú nó arna n-ainmniú amhlaidh ag an Stát sin faoi Airteagal 2 den Choinbhinsiún sin chun iarrataí chun doiciméid a sheirbheáil a ghlacadh;

foláýonn ‘‘doiciméad’’ doiciméad seachbhreithiú nach;

ciallaíonn ‘‘Coinbhinsiún na Háige’’ Coinbhinsiún na Háige dar dáta 15 Samhain 1965 ar Sheirbheáil Doiciméad Dlíýthiúil agus Seachdhlíthiú l in Ábhair Shibhialta nó Tráchtála ar an gCoigríoch;

ciallóidh ‘‘dlínse’’ dlínse an Stáit.

Cásanna ina bhféadfar seirbheáil lasmuigh den dlínse a cheadú

2. Féadfaidh an Chúirt a cheadú toghairm shibhialta nó doiciméad tionscnaimh eile, nó fógra ina leith, a sheirbheáil lasmuigh den dlínse sna cásanna seo a leanas—

      (a) in imeachtaí i leith eisiachtana nuair atá an t-áitreabh a n-iarrtar é a aisghabháil laistigh den dlínse;

      (b) in imeachtaí atá bunaithe ar chonradh más rud é


        (i) gur laistigh den dlínse a rinneadh an conradh sin, nó

        (ii) gur gníomhaire a bhíýonn ag trádáil, nó a bhfuil cónáý air nó uirthi, laistigh den dlínse a rinne an conradh sin, nó gur tríd nó tríthi a rinneadh é, thar ceann príomhaí a bhíonn ag trádáil, nó a bhfuil cónáý air nó uirthi, lasmuigh den dlínse, nó

        (iii) go bhfuil an conradh sin, de réir a théarmaí nó de réir mar is intuigthe as, faoi rialú Dhlí na hÉ ireann;


      (c) in imeachtaí a thionscnófar i ngeall ar shárú a rinneadh laistigh den dlínse ar chonradh, cibé áit a ndearnadh an conradh sin, fiú más rud é, sular sáráýodh an conradh sin nó nuair a bhí sé á shárú, gur sáráýodh lasmuigh den dlínse freisin é, ionas nach bhféadfáý an chuid den chonradh ba chóir a chomhlíonadh laistigh den dlínse a chomhlíonadh;

      (d) in imeachtaí atá bunaithe ar thort a tharla laistigh den dlínse;

      (e) i gcás aon fhaoiseamh a lorg i gcoinne duine a bhfuil sainchó náý nó gnáthchónáý air nó uirthi laistigh den dlínse;

      (f) i gcás aon duine lasmuigh den dlínse a bheith ina pháirtí nó ina páirtí riachtanach nó cúý i gcaingean a tionscnaíodh go cúý in aghaidh duine eile a seirbheáladh go cúý laistigh den dlínse;

      (g) in imeachtaí i ndáil le mionaoiseach nó duine mímheabhrach a bhfuil sainchónáý air nó uirthi inÉ irinn, nó is saoránach d’Éirinn.

An tslí ina ndé anfar iarratas

3. Is ina iarratas ex parte a dhéanfar iarratas ar chead chun toghairm shibhialta nó doiciméad tionscnaimh eile, nó fógra ina leith, a sheirbheáil ar dhuine lasmuigh den dlínse agus beidh mionnscríbhinn, nó fianaise eile, mar thaca leis ina ndéarfar go gcreideann an teisteoir go bhfuil cú is mhaith caingne ag an ngearánáý, agus léireoidh sí an áit nó an tír ina bhfuil an duine sin nó inar dó igh go bhfaighfear é nó í, agus cé acu is saoránach d’Éirinn é nó í an duine sin nó nach ea, mar aon leis na forais ar a bhfuil an t-iarratas á dhéanamh.

Ní thabharfar aon chead den só rt sin mura gcuirfear ina luí sách soiléir ar an gCúirt gur cás cúý é chun seirbheáil a dhéanamh lasmuigh den dlínse faoin Ordú seo.

Socróidh an Chúirt dáta na héisteachta

4. Ar ghéilleadh d’iarratas den só rt sin, socróidh an Chúirt dáta éisteachta na n-imeachtáý, agus le linn di sin a dhéanamh tabharfaidh sí aird ar an áit nó an tír ina mbeidh an toghairm, an doiciméad nó an fógra sin le seirbheáil.

Maidir leis an duine ar a ndéanfar seirbheáil, más rud é

5. Aon uair a dhéantar ordú lena dtugtar cead seirbheáil a dhéanamh lasmuigh den dlínse faoi fhorálacha an Ordaithe seo,

— gur saorá nach d’Éirinn é nó í

(1) más saoránach d’É irinn é nó í an duine atá le seirbheáil, déanfar an toghairm shibhialta nó an doiciméad tionscnaimh eile (mar aon le haon doiciméad eile is gá a sheirbheáil in aon chás ar leith) a sheirbheáil ar an duine sin;

— nach saoránach d’Éirinn é nó í

(2) más rud é nach saoránach d’Éirinn é nó í an duine atá le seirbheáil, nó nach eol nó nach gcreidtear gur saoránach d’Éirinn é nó í, is fógra i dtaobh na toghairme sibhialta nó an doiciméid tionscnaimh eile (mar aon le haon doiciméad eile is gá a sheirbheáil in aon chás ar leith), agus ní hí an toghairm féin nó an doiciméad féin, a sheirbheálfar ar an duine sin;

Ní mór cóip den ordú lena dtugtar cead a sheirbheáil freisin

(3) is gá i ngach cás cóip den ordú sin lena dtugtar cead a sheirbheáil, mar aon leis an toghairm shibhialta nó an doiciméad tionscnaimh eile nó fógra ina leith dá dtagraítear i míreanna (1) agus (2) den alt seo.

An tslí ina ndéanfar an tseirbheáil

6. (a) Aon uair a thabharfar cead faoin Ordú seo chun toghairm shibhialta nó doiciméad tionscnaimh eile, nó fógra ina leith, a sheirbheáil lasmuigh den dlínse, déanfar an tseirbheáil sin leis an bpost cláraithe nó leis an bpost árachaithe, de réir mar is cuí, nó ar cibé modh eile a chinnfidh an Chúirt.

(b) Nuair a bheidh an tseirbheáil á déanamh leis an bpost cláraithe, is ceart iarratas a dhéanamh chun na n-ú darás poist, tráth na postála, ar fhaisnéis seachadta. Is trí dhearbhú reachtúil i dtaobh seirbheála, tríýd an deimhniú postála agus tríd an bhfoirm fhaisnéis seachadta (nuair a chuirfear ar ais í) a thabhairt ar aird a chruthófar an tseirbheáil sin leis an bpost, agus taiscfear na doiciméid sin leis an gCléireach mar aon leis na cóipeanna bunaidh de na doiciméid a cuireadh sa phost. Measfar an tseirbheáil sin a dhéanamh tráth a dhéanfáý an clú dach ina raibh an chóip den toghairm shibhialta nó den doiciméad tionscnaimh eile nó an chóip den fhógra ina leith, mar aon leis an gcóip den ordú lena dtugtar cead chun seirbheáil a dhéanamh lasmuigh den dlínse (agus cóip d’aon doiciméad eile is gá a sheirbheáil), a sheachadadh i ngnáthchúrsa an phoist.

I gcásanna ina bhfuil feidhm ag Coinbhinsiún na Háige

(c) I gcás ina mbeidh an duine atá le seirbheáil i Stát eile is páirtí i gCoinbhinsiún na Háige dar dáta 15 Samhain 1965 ar Sheirbheáil Doiciméad Dlíthiúil agus Seachdhlíthiúil in Á bhair Shibhialta nó Tráchtála ar an gCoigríoch, déanfar an tseirbheáil de réir fhorálacha an Choinbhinsiú in sin (a bhféadfaidh seirbheáil leis an bpost faoi mhír (a) den alt seo a bheith san áireamh iontu, ar choinníoll nach mbeidh agó id déanta ag an Stát cinn scríbe i gcoinne na seirbheála sin faoi Airteagal 10 (a) de Choinbhinsiú n na Háige.


CUID II — SEIRBHEÁ IL FAOI CHOINBHINSIÚ N NA HÁ IGE

Nós imeachta Choinbhinsiún na Háige

7. Más rud é go mbeidh aon doiciméad a bheidh le hú sáid in imeachtaí sibhialta nó tráchtála sa Chúirt Dúiche le seirbheáil ar dhuine in aon Stát eile is páirtí i gCoinbhinsiún na Háige, déanfar an doiciméad sin a sheirbheáil de réir fhorálacha (lena n-áirítear Airteagail 8 go 11) an Choinbhinsiúin sin.

Déanfaidh páirtí doiciméid a thaisceadh leis an Máistir

8. Aon pháirtí in aon imeachtaí de chineál sibhialta nó tráchtála nó aturnae a bheidh ag gníomhú d’aon pháirt den sórt sin nó, de réir mar a bheidh, aon chléireach cúirte dúiche ar mian leis nó léi go ndéanfar doiciméad a sheirbheáil ar an gcoigríoch de bhun Choinbhinsiún na Háige, féadfaidh sé nó sí na nithe seo a leanas a thaisceadh leis an Údarás Láir, i.e. Máistir na hArd-Chúirte

      (a) iarraidh chun an doiciméad a sheirbheáil, san fhoirm a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin, agus cóip den chéanna.

      (b) dhá chóip den doiciméad atá le seirbheáil, mar aon le cóip bhreise den doiciméad le haghaidh gach duine atá le seirbheáil.

      (c) aistriú chán ar gach doiciméad go teanga oifigiúil nó go ceann de theangacha oifigiúla an Stáit chun a ndírítear é, mura bhfuil an doiciméad sin i gceann de na teangacha sin cheana féin.

      (d) gealltanas go n-íocfar na costais seirbheála, a bhfuil nó a bhféadfaidh go mbeidh a n-íoc nó a n-aisíoc á iarraidh ag Údarás Láir an Stáit chun a ndíýríýtear faoi Airteagal 12 den Choinbhinsiún sin agus beidh feidhm ag forá lacha iomchuí Ordú 11B de Rialacha na nUaschú irteanna (a cuireadh isteach le Rialacha na nUaschúirteanna (Uimh. 3), 1994) i ngach cás den sórt sin.

Deimhniú seirbheála

9. (1) Beidh deimhniú seirbheála arna chomhlánú agus arna chur ar aghaidh faoi Airteagal 6 de Choinbhinsiún na Háige ag Údará s Lá ir an Stáit chun a ndírítear é nó ag aon údarás a bheidh ainmnithe aige chun na críche sin ina fhianaise prima facie ar na fíorais a bheidh luaite ann. Aon doiciméad a airbheartaíonn gur deimhniú den sórt sin é measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur deimhniú den sórt sin é .

a thaisceadh leis an gCléireach

(2) Ar an deimhniú sin a fháil, déanfaidh an gearánaí (nó an t-aturnae thar ceann an ghearánaí) an bhunchóip de dhoiciméad tionscanta na n-imeachtaí (agus, más cuí, an fógra ina dtaobh) agus an deimhniú sin a thaisceadh leis an gcléireach ceithre lá ar a laghad roimh an dáta a bheidh socraithe don é isteacht.

Nós imeachta ar neamhláithriú an chosantóra

10. (1) Más rud é gur ghá doicimé d tionscanta imeachtaí (nó fógra ina thaobh) a sheoladh amach ar an gcoigríoch chun críocha seirbheá la faoi fhorálacha Choinbhinsiún na Háige agus nár láithrigh an cosantóir nó nár thug sé nó sí fógra chun cosaint a dhé anamh, ní thabharfar breithiú nas go dtí go suífear

      (a) go ndearnadh an doiciméad nó an fógra a sheirbheáil ar mhodh a fhorordaítear le dlí inmheánach an Stáit chun a ndírítear é chun doiciméid a sheirbheáil i gcaingne baile ar dhaoine laistigh dá chríoch, nó

      (b) go ndearnadh an doiciméad nó an fógra a sheachadadh iarbhír ar an gcosantóir nó ar áit chónaithe an chosantó ra ar mhodh eile dá bhforáiltear leis an gCoinbhinsiún sin,

agus go ndearnadh an tseirbheáil nó an seachadadh, i gceachtar de na cásanna sin, in am trátha le go bhféadfadh an cosantóir cosaint a dhéanamh.

(2) Tráth éisteachta na n-imeachtaí, déanfaidh an Cléireach aon chumarsá id nó aon chomhfhreagras a bheidh faighte ón gcosantóir a thabhairt ar aird don Chúirt.

Féadfar breithiúnas a thabhairt d’ainneoin r.7 (1)

11. D’ainneoin fhorálacha riail 10 (1) den Ordú seo, féadfaidh an chúirt breithiúnas a thabhairt fiú amháin mura mbeidh aon deimhniú seirbheála nó seachadta mar a fhoráiltear le Coinbhinsiún na Háige faighte, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go huile—

      (a) go ndearnadh an doiciméad nó fógra ina thaobh a tharchur ar cheann de na modhanna dá bhforáiltear sa Choinbhinsiún sin,

      (b) go mbeidh tréimhse ama nach lú ná sé mhí, is leordhóthanach leis an mbreitheamh sa chás á irithe sin, caite ó dháta tarchurtha an doiciméid nó an fhógra,

      (c) nach mbeidh aon deimhniú d’aon chineál faighte, d’ainneoin go mbeidh gach iarracht réasúnach dé anta ar é a fháil trí údaráis inniúla an Stáit chun a ndírítear.

Féadfar an tréimhse ama chun achomharc a dhéanamh a shíneadh

12. In aon chás inar ghá doiciméad tionscanta na n-imeachtaí lena mbaineann an tOrdú seo (nó fógra ina thaobh) a sheoladh amach ar an gcoigríoch lena sheirbheáil faoi fhorálacha Choinbhinsiún na Háige agus go mbeidh breithiúnas tugtha i gcoinne cosantóra nár láithrigh, is trí fhoriarratas iar bhfógra a bheidh aon iarratas ó n gcosantóir sin nó thar a cheann nó thar a ceann chun an tréimhse ama chun achomharc a dhéanamh i gcoinne an bhreithiúnais a shíneadh agus is é is foras dó mionnscríbhinn an pháirtí tionscanta. Ar an iarratas a éisteacht, féadfaidh an chúirt, más deimhin léi—

      (a) go ndearnadh an t-iarratas laistigh de thréimhse ama réasúnach tar é is don chosantóir eolas a bheith aige nó aici ar an mbreithiúnas agus

      (b) nach raibh eolas ag an gcosantóir, agus gan aon locht airsean ná uirthise faoi sin, ar na doiciméid in am trátha chun cosaint a dhéanamh nó, de réir mar a bheidh, eolas ar an mbreithiúnas in am trátha chun achomharc a dhéanamh agus

      (c) gur nocht an cosantóir cosaint prima facie ar an gcaingean de bhua tuillteanais,

an tréimhse ama chun achomharc a dhéanamh i gcoinne an bhreithiúnais a shíneadh ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cóir leis an gCúirt.