Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na Cúirte Cuarda

Leasuithe ar: Ordú 5
I.R. Uimh. 542 de 2004: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Uimh. 1) (An tAcht um Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta, 2003), 2004


1. Leasaítear leis seo na Rialacha Cúirte Cuarda:
      (i) tríd an riail seo a leanas a chur isteach in Ordú 5 díreach i ndiaidh riail 5 den Ordú sin:

        ‘‘5A. I gcás imeachtaí ar gá a dtionscnamh a údarú de réir ailt 14, 17, 32, 36 nó 49, nó rialacha faoi alt 46(3) den Acht um Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta, 2003, beidh i bhformhuiniú an éilimh ráiteas:

            (a) á dhaingniú go bhfuil na himeachtaí údaraithe ag an mBord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta,

            (b) ina sonraítear an t-alt den Acht um Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta, 2003 nó an riail arna déanamh faoi alt 46(3) den Acht sin ar dá réir a eisíodh an t-údarú sin, agus

            (c) ina luaitear dáta eisiúna an údaraithe agus aon uimhir thagartha nó uimhir thaifid a bhaineann leis an údarú sin.’’

....
2. Tiocfaidh na Rialacha seo i ngníomh an 16ú lá de Mheán Fómhair 2004.

3. Forléireofar na Rialacha seo in éineacht leis na Rialacha Cúirte Cuarda 2001, arna leasú, agus na Rialacha Cúirte Cuarda (Uimh. 1) (An tAcht um Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta 2003) 2004 is teideal dóibh.