Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na Cúirte Cuarda

Leasuithe ar: Ordú 5
I.R. Uimh. 312 de 2007: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Ginearálta) 2007


1. Tiocfaidh na Rialacha seo, arb é na Rialacha Cúirte Cuarda (Ginearálta) 2007, is teideal dóibh, i ngníomh an 20ú lá d’Iúil 2007.

2. Forléireofar na Rialacha seo i dteannta na Rialacha Cúirte Cuarda 2001.

.....

6. Leasaítear Ordú 5 de na Rialacha Cúirte Cuarda tríd an méid seo a leanas a chur in ionad Rialacha 8 agus 9—

      “8. Is san fhoirm a leagtar amach i bhFoirm 1 de Sceideal na bhFoirmeacha a bheidh an Toiliú a fhorordaítear le hAlt 22(1)(b) d’Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961 lena ndéantar socrú maidir le dlínse na Cúirte a leathnú le toiliú na bpáirtithe, agus déanfar é a thaisceadh leis an gCláraitheoir Contae roimh an éisteacht nó tráth ar bith lena linn.

      9. Aon uair a thionscnófar caingean, cúis nó ábhar nach mbeidh dlínse ag an gcúirt é a thriail agus a chinneadh, más léir ar éadan an doiciméid tionscnaimh nach bhfuil dlínse ann, déanfaidh an Chúirt an chaingean, an chúis nó an t-ábhar a scriosadh amach, maille le costais, mura mbeidh an Toiliú a fhorordaítear le hAlt 22(1)(b) d’Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961 sínithe. Aon uair a thionscnófar caingean, cúis nó ábhar nach bhfuil dlínse ag an gcúirt é a thriail agus a chinneadh, má bhaineann an uireasa dlínse leis an ionad agus más léir ar éadan an doiciméid tionscnaimh nach bhfuil dlínse ann, féadfaidh an Chúirt an chaingean, an chúis nó an t-ábhar a aistriú chuig an gcuaird chuí nó féadfaidh sí an chaingean, an chúis nó an t-ábhar a scriosadh amach, maille le costais, de réir mar is cuí léi.”

....