Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na Cúirte Cuarda

Leasuithe ar: Ordú 5B
I.R. Uimh. 358 de 2012: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Caingne maidir le Seilbh agus Faoiseamh Deimhin-Mhuirearaithe), 2012


3. Leasaítear Ordú 5B de na Rialacha Cúirte Cuarda:
      (i) tríd an bhfo-riail seo a leanas a chur in ionad fho-riail (2) de Riail 5:

        “(2) Déanfaidh cosantóir a bheartaíonn imeachtaí lena mbaineann an tOrdú seo a chosaint Láithreas a thaifeadadh san Oifig i bhFoirm 5 i Sceideal na bhFoirmeacha laistigh de dheich lá tar éis an Bille Sibhialta a sheirbheáil air agus cosnóidh sé éileamh an ghearánaí trí mhionnscríbhinn fhreagartha ar mhionnscríbhinn an ghearánaí a chomhdú ina leagfar amach cosaint an chosantóra agus trí chóip den mhionnscríbhinn sin (agus cóipeanna d’aon fhoilseáin a ghabhann leis an mionnscríbhinn sin) a sheirbheáil ar an ngearánaí tráth nach déanaí ná ceithre lá roimh an dáta chun é a chur ar ais.”

      (ii) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (e) d’fho-riail (1) de Riail (7):

        “(e) i gcás nach ndearnadh láithreas a thaifeadadh ná mionnscríbhinn de réir riail 5(2) ina leagtar amach cosaint a chomhdú agus a sheachadadh, ordú i leith seilbhe a dhéanamh de réir mhír (xxxiii) nó (xxxiv) den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht na gCúirteanna agus na nOifigeach Cúirte, 1995;”;

      (iii) tríd an bhfo-riail seo a leanas a chur in ionad fho-riail (2) de riail (7): “(2) I gcás ina mbeidh mionnscríbhinn ina leagtar amach cosaint comhdaithe de réir riail 5(2), déanfaidh an Cláraitheoir Contae an Bille Sibhialta, nuair a bheidh sé in ord le haghaidh éisteachta, a aistriú chuig liosta an Bhreithimh ar an gcéad áiméar.”, agus

      (iv) tríd an bhfo-riail seo a leanas a chur in ionad fho-riail (4) de riail 7:


        “(4) Féadfar fianaise maidir le mainneachtain láithreas a thaifeadadh nó mionnscríbhinn a chomhdú laistigh den tréimhse ama a cheadaítear leis na Rialacha seo a thabhairt trí dheimhniú neamhláithris a eisítear ón Oifig a thabhairt ar aird nó ar shlí eile de réir mar a cheadóidh an Cláraitheoir Contae.”