Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na Cúirte Cuarda

Leasuithe ar: Ordú 4
I.R. Uimh. 409 de 2006: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Séala na Cúirte) 2006


1 Tiocfaidh na Rialacha seo, arb é na Rialacha Cúirte Cuarda (Séala na Cúirte) 2006 is teideal dóibh, i ngníomh an 28ú lá de Lúnasa, 2006.

2 Déanfar na Rialacha seo a fhorléiriú i dteannta na Rialacha Cúirte Cuarda 2001.

3 Leasaítear Ordú 4 de na Rialacha Cúirte Cuarda tríd an méid seo a leanas a chur in ionad Riail 1:

      ‘‘1. (1) Beidh ag an gCúirt, lena úsáid i ngach Con-tae, Séala cabhraíochta nó, in imthosca ina mbeidh ilsuímh ag an Oifig, Séalaí cabhraíochta, le hinscríbhinn chuí, mar a ordóidh an tAire, a shonróidh ainm na Cuarda a mbeidh sé le húsáid ina leith. Cuirfear an Séala sin faoi choimeád an Chláraitheora Contae agus coinneoidh seisean ina choimeád é. Ní gá go síneodh an Breitheamh aon Fhoraithne, Ordú, Barántas nó doiciméad eile.

      (2) Gach doiciméad is gá faoi aon fhoráil de chuid reachta nó ionstraime reachtúla, faoi aon riail dlí nó faoi aon Ordú eile de na Rialacha seo a eisiúint faoi Shéala na Cúirte, déanfar é a fhíordheimhniú le Séala na Cúirte arna mhúnlú air agus


        (a) le síniú an Chláraitheora Contae, nó

        (b) le síniú cibé duine, nó duine de cibé daoine, a bheidh ainmnithe, ar feadh cibé tréimhse a bheidh sonraithe, chun na críche sin ag an gCláraitheoir Contae.


      (3) Gach doiciméad is gá a fhíordheimhniú, seachas ceann dá dtagraítear i bhfo-riail (2), agus gach Foraithne, Ordú agus Barántas, déanfar é a fhíordheimhniú

        (a) le síniú an Chláraitheora Contae, nó

        (b) le síniú cibé duine, nó duine de cibé daoine, a bheidh ainmnithe, ar feadh cibé tréimhse a bheidh sonraithe, chun na críche sin ag an gCláraitheoir Contae.’’