Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na Cúirte Cuarda

Leasuithe ar: Ordú 2
I.R. Uimh. 597 de 2014: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Coinbhinsiún Lugano agus Rialachán Cothabhála), 2014


1. (1) Na Rialacha Cúirte Cuarda (Coinbhinsiún Lugano agus Rialachán Cothabhála), 2014, is teideal do na Rialacha seo agus tiocfaidh siad i ngníomh an 19ú lá de Nollaig 2014.

(2) Déanfar na Rialacha seo a fhorléiriú i dteannta na Rialacha Cúirte Cuarda.

(3) Na Rialacha Cúirte Cuarda 2001 go 2014 is teideal do na Rialacha Cúirte Cuarda arna leasú leis na Rialacha seo.

2. Déantar forálacha “Léiriú Téarmaí” na Rialacha Cúirte Cuarda a leasú:

....

3. Leasaítear na Rialacha Cúirte Cuarda:

      (i) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (j) agus (k) d’Ordú 2:

        “(j) Faoi réir Chaibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle nó, de réir mar a bheidh, faoi réir Theideal II de Choinbhinsiún Lugano, is trí bhreitheamh den Chúirt atá sannta de thuras na huaire don chuaird ina bhfuil gnáthchónaí ar an gcosantóir, nó ar dhuine de na cosantóirí, nó ina seolann an cosantóir, nó aon duine de na cosantóirí, aon ghairm, gnó nó slí bheatha, a fheidhmeofar dlínse na Airteagal 2, 9(1)(a), 12, 16, 19(1) nó 20 de Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle nó an choinníll a ghabhann le hAirteagal 22(1) den Rialachán sin nó, de réir mar a bheidh, de bhua Choinbhinsiún Lugano.

        (k) Féadfar dlínse na Cúirte a bhaineann le himeachtaí a fhéadfar a thionscnamh sa Stát de bhua Airteagal 9(1)(b) nó 16 de Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle nó, de réir mar a bheidh, de bhua Choinbhinsiún Lugano a fheidhmiú trí bhreitheamh den Chúirt atá sannta de thuras na huaire don chuaird ina bhfuil gnáthchónaí ar an ngearánaí, nó ar dhuine de na gearánaithe, nó ina seolann an gearánaí, nó aon duine de na gearánaithe, aon ghairm, gnó nó slí bheatha.”.

....