Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na Cúirte Cuarda

Leasuithe ar: Ordú 3
I.R. Uimh. 523 de 2011: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Róbaí na mBreithiúna), 2011


1. (1) Na Rialacha Cúirte Cuarda (Róbaí na mBreithiúna), 2011, is teideal do na Rialacha seo, a thiocfaidh i ngníomh an 14ú lá de Dheireadh Fómhair 2011.

(2) Déanfar na Rialacha seo a fhorléiriú i dteannta na Rialacha Cúirte Cuarda.

(3) Na Rialacha Cúirte Cuarda 2001 go 2011 is teideal do na Rialacha Cúirte Cuarda arna leasú leis na Rialacha seo.

2. Leasaítear Ordú 3 de na Rialacha Cúirte Cuarda tríd an riail seo a leanas a chur in ionad Riail 1:

      “1. (1) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt le Reacht nó leis na Rialacha seo, le linn shuíonna na Cúirte caithfidh na Breithiúna cóta dubh agus veist de chineál agus d’ábhar comhionann, mar a bhíodh á gcaitheamh go nuige seo ag Abhcóide Sinsir, fallaing dhubh de dhéanamh comhionann agus bandaí bána mar a bhíodh á gcaitheamh go nuige seo.

      (2) Ní cheanglófar ar Bhreitheamh peiriúic de chineál searmanach a chaitheamh le linn na suíonna sin.”