Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na Cúirte Cuarda

Leasuithe ar: Ordú 3
I.R. Uimh. 274 de 2006: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Modhanna Aithisc Breithiúna) 2006


1. Leasaítear leis seo na Rialacha Cúirte Cuarda tríd an méid seo a leanas a chur in ionad riail 2 d’Ordú 3:
      ‘‘2. (1) Déanfar Uachtarán na Cúirte Cuarda a aitheasc, sa Chúirt, faoina theideal i nGaeilge nó i mBéarla agus déanfar Breithiúna eile den Chúirt a aitheasc, sa Chúirt, ina n-aonar, i nGaeilge, faoin teideal ‘‘A Bhreithimh’’ nó, i mBéarla, faoin teideal ‘‘Judge’’. Féadfar ‘‘An Chúirt’’ a ghairm de Bhreithiúna den Chúirt, i nGaeilge, nó ‘‘The Court’’, i mBéarla.

      (2) Ní dhéanfaidh an Riail seo difear don chleachtas atá ann faoi láthair trína ndéanfar breithiúna den Chúirt a aitheasc nó trína dtagrófar dóibh, seachas sa Chúirt, faoina dteidil agus a n-ainmneacha, faoi seach, i nGaeilge nó i mBéarla.’’

2. Tiocfaidh na Rialacha seo i ngníomh an 5ú lá de Mheitheamh 2006.

3. Déanfar na Rialacha seo a fhorléiriú i dteannta na Rialacha Cúirte Cuarda 2001 go 2006 agus is é na Rialacha Cúirte Cuarda (Modhanna Aithisc Breithiúna) 2006 is teideal dóibh.