Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na Cúirte Cuarda

Leasuithe ar: Ordú 4
I.R. Uimh. 583 de 2009: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Oifigí Cúirte Comhcheangailte) 2009


1. Tiocfaidh na Rialacha seo, arb é na Rialacha Cúirte Cuarda (Oifigí Cúirte Comhcheangailte) 2009 is teideal dóibh, i ngníomh an 11ú lá d’Eanáir 2010.

2. Forléireofar na Rialacha seo i dteannta na Rialacha Cúirte Cuarda 2001 go 2009.

3. Leasaítear na Rialacha Cúirte Cuarda:

....

      (iii) trí na fo-rialacha seo a leanas a chur in ionad fho-rialacha (2) agus (3) de riail 1 d’Ordú 4:

        “ (2) Gach doiciméad a bheidh, faoi aon fhoráil de reacht nó d’ionstraim reachtúil, riail dlí nó aon Ordú eile de na Rialacha seo, le heisiúint faoi Shéala na Cúirte, fíordheimhneofar é le Séala na Cúirte arna mhúnlú air agus le síniú duine a luaitear i bhfo-riail (4).

        (3) Gach doiciméad ar gá é a fhíordheimniú seachas ceann dá dtagraítear i bhfo-riail (2), agus gach Foraithne, Ordú agus Barántas, fíordheimneofar é nó í le síniú duine a luaitear i bhfo-riail (4).

        (4) Is iad seo na daoine a fhéadfaidh múnla Shéala na Cúirte ar dhoiciméad a luaitear i bhfo-riail (2) nó doiciméad a luaitear i bhforiail (3) a fhíordheimhniú:

            (a) an Cláraitheoir Contae, nó

            (b) cibé duine, nó duine de na daoine sin, a bheidh, go ceann cibé tréimhse a bheidh sonraithe, ainmnithe ag an gCláraitheoir Contae chun na críche sin, nó

            (c) i gcás aon ghnó de chuid oifig na Cúirte i gcontae a bheith sonraithe de réir alt 14 d’Acht na gCúirteanna agus na nOifigeach Cúirte 2009 mar ghnó a dhéanfar in oifig chúirte chomhcheangailte arna bunú faoin alt sin, agus chun críocha an ghnó sin:


              (i) bainisteoir na hoifige cúirte comhcheangailte arna cheapadh nó arna ceapadh faoi alt 19 den Acht sin don oifig chúirte chomhcheangailte sin, nó

              (ii) comhalta d’fhoireann na Seirbhíse Cúirteanna a bheidh ar fostú san oifig chúirte chomhcheangailte sin faoi alt 21 d’Acht na gCúirteanna agus na nOifigeach Cúirte 2009 a bheidh, go ceann cibé tréimhse a bheidh sonraithe, ainmnithe ag bainisteoir na hoifige cúirte comhcheangailte lena mbaineann,

        thar ceann an Chláraitheora Contae.”;

....