Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na Cúirte Cuarda

Ordú: 6

Páirtithe

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

Uim6-I.R. Uimh. 312 De 2007: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Ginearálta) 2007


1. Féadfar na daoine go léir a uamadh i gcaingean amháin mar ghearánaithe a líomhnaítear go bhfuil aon cheart chun faoisimh ar marthain iontu i leith nó de dhroim na n-idirbheart céanna, cibé acu i gcomhpháirt nó go leithleach nó mar mhalairt ar a chéile é, más rud é, dá dtionscnódh na daoine sin caingne ar leithligh, go n-éireodh aon chomhcheist dlí nó fíorais; ar choinníoll, má dhealraíonn sé, ar fhoriarratas iar bhfógra ó aon chosantóir, go bhféadfadh an t-uamadh sin treampán nó moill a chur ar an triail, go bhféadfaidh an Breitheamh trialacha ar leithligh a ordú, nó cibé ordú eile a dhéanamh is ceart, agus ar choinníoll freisin nach ndéanfar gearánaí de dhuine ar bith mura dtoileoidh sé leis sin.

2. Féadfar na daoine go léir a uamadh mar chosantóirí a líomhnaítear go bhfuil an ceart chun aon fhaoisimh ar marthain ina gcoinne, cibé acu i gcomhpháirt nó go leithleach nó mar mhalairt ar a chéile é. Má tá an gearánaí in amhras cén duine a bhfuil sé i dteideal sásamh a fháil uaidh, féadfaidh sé dhá chosantóir nó níos mó a uamadh, ionas go bhféadfar an cheist i dtaobh cén duine de na cosantóirí, más aon duine acu é, atá faoi dhliteanas, agus i dtaobh mhéid an dliteanais sin, a chinneadh amhail idir na páirtithe go léir. Ní gá go mbeidh leas ag gach cosantóir i leith an fhaoisimh uile a lorgaítear, ná i leith gach cúise caingne a áirítear in aon imeachtaí ina choinne; ach féadfaidh an Breitheamh cibé ordú is cóir leis a dhéanamh, chun nach gcuirfear treampán nó costas ar aon chosantóir as bheith faoi cheangal freastal ar aon imeachtaí nach bhfuil leas ar bith aige iontu.

3. Féadfaidh an gearánaí, dá rogha féin, na daoine go léir nó aon duine de na daoine atá go leithleach, nó i gcomhpháirt agus go leithleach, faoi dhliteanas maidir le haon chonradh áirithe, lena n-áirítear páirtithe i mbillí malairte agus i nótaí gealltanais, a uamadh mar chosantóirí sa chaingean chéanna.

4. Ní dhéanfar aon chaingean, cúis nó ábhar a threascairt de bhíthin mí-uamadh nó neamhuamadh páirtithe, agus féadfaidh an Breitheamh i ngach caingean, cúis nó ábhar déileáil leis an ábhar faoi chonspóid a mhéid a bhaineann sé le cearta agus leasanna na bpáirtithe os a chomhair iarbhír. Féadfaidh an Breitheamh, ag aon chéim de na himeachtaí, a ordú, ar iarratas ó pháirtí ar bith nó gan aon iarratas, agus ar cibé téarmaí is cóir leis, go scriosfar amach ainm aon pháirtí, cibé acu is gearánaí nó cosantóir é, a uamadh go mícheart, agus go gcuirfear isteach sa chúis, mar ghearánaí nó mar chosantóir, ainm aon duine ba chóir a uamadh mar pháirtí, nó a bhféadfaidh sé gur gá é a bheith os comhair na Cúirte ionas go bhféadfaidh an Breitheamh na ceisteanna uile a bhaineann leis an gcúis nó leis an ábhar a bhreithniú agus a shocrú. Ní chuirfear duine ar bith isteach sa chúis mar ghearánaí ag agairt gan neaschara, nó mar neaschara gearánaí faoi aon mhíchumas, mura dtoileoidh sé leis sin i scríbhinn. Gach duine a gcuirfear a ainm isteach i gcúis amhlaidh mar chosantóir seirbheálfar Bille Sibhialta air i cibé slí a fhorordófar le haon Ordú ón gCúirt, agus ní mheasfar tús a bheith curtha leis an gcaingean, leis an gcúis nó leis an ábhar, amhail i gcoinne an pháirtí sin, go dtí go mbeidh an Bille Sibhialta sin seirbheáilte.

5. Féadfaidh naíon agra a dhéanamh trína neaschara, agus sa chás sin taiscfear leis an mBille Sibhialta údarás i scríbhinn, á údarú an t-agra a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh thar ceann an naín agus ainm an duine sin a úsáid mar neaschara, arna shíniú ag an duine sin.

6. Féadfaidh naíon cosaint a dhéanamh trína chaomhnóir ad litem arna cheapadh chuige sin de réir Ordú 19 de na Rialacha seo.

7. Má tionscnaíodh imeachtaí thar ceann nó i gcoinne naín, féadfaidh an Chúirt neaschara nó caomhnóir ad litem a cheapadh chun gníomhú don naíon sin nó thar ceann an naín sin, agus féadfaidh sí aon neaschara nó caomhnóir ad litem a athrú, agus duine eile a cheapadh ina ionad, agus féadfaidh sí freisin, má dhearbhaítear sna himeachtaí sin go bhfuil an naíon sin i dteideal aon airgid nó maoine pearsanta eile, a ordú ant-airgead nó an mhaoin sin a urrú nó a infheistiú chun tairbhe don naíon sin i cibé slí a mheasfaidh an Breitheamh is inmholta.

8. Féadfaidh duine mímheabhrach, cibé acu a breithníodh ina dhuine mímheabhrach ag ionchoisne é nó nár breithníodh, agra a dhéanamh trína chúramaí nó trína neaschara, agus féadfaidh sé cosaint a dhéanamh tríd an gcúramaí nó tríd an gcaomhnóir ad litem arna cheapadh chuige sin de réir Ordú 19 de na Rialacha seo, nó ag an gCúirt.

9. Féadfaidh iontaobhaithe, seiceadóirí agus riarthóirí agra a dhéanamh, agus féadfar agra a dhéanamh orthu, thar ceann, nó mar ionadaithe, na maoine nó an eastáit arb iontaobhaithe nó ionadaithe ina leith iad, gan aon duine de na daoine a bhfuil leas tairbhiúil acu san iontaobhas nó san eastát a uamadh, agus measfar iad a bheith ina n-ionadaithe do na daoine sin; ach féadfaidh an Breitheamh, ag aon chéim de na himeachtaí, a ordú páirtithe a dhéanamh d'aon daoine de na daoine sin i dteannta nó in ionad na bpáirtithe a bhí ann roimhe sin. Bainfidh an riail seo le hiontaobhaithe, seiceadóirí agus riarthóirí a agrófar in imeachtaí chun urrús a chur i bhfeidhm trí dhíol nó eile.

10. Ach amháin i gcaingne a bheidh bunaithe ar thort, má bhíonn go leor daoine ann a bhfuil an leas céanna acu san aon chaingean amháin nó san aon ábhar amháin, féadfaidh duine amháin nó níos mó de na daoine sin agra a dhéanamh, nó féadfar agra a dhéanamh air nó orthu, nó féadfaidh an Breitheamh a údarú dó nó dóibh cosaint a dhéanamh, sa chaingean nó san ábhar sin, thar ceann nó chun tairbhe na ndaoine go léir a bhfuil leas acu amhlaidh.

11. Má thionscnaítear imeachtaí chun talamh a aisghabháil, féadfar aon tionónta, fothionónta, nó aon duine eile atá iarbhír i seilbh namaoine a bhfuiltear ag iarraidh í a aisghabháil, nó i seilbh aon choda di, a ainmniú mar chosantóir agus díreofar an Bille Sibhialta chun an tionónta, an fhothionónta, nó an duine eile sin, agus na focail “agus do gach duine lena mbaineann” curtha leis.

12. Más rud é go dtionscnófar imeachtaí mar a luaitear sa riail deiridh roimhe seo, féadfaidh aon duine nár ainmníodh sa Bhille Sibhialta, nó nár seirbheáladh sin air, láithriú agus cosaint a dhéanamh, le cead ón mBreitheamh, ag an éisteacht, agus féadfaidh an Breitheamh déileáil ina dhiaidh sin leis an duine sin, maidir le costais agus eile, amhail is gur seirbheáladh an Bille Sibhialta air a chéaduair mar chosantóir.

13. I gcás duine ar bith a bhfuil cónaí air lasmuigh den Chuaird, ach laistigh den Stát, a bheith ina pháirtí riachtanach cuí in imeacht a tionscnaíodh go cuí sa Chúirt i gcoinne duine éigin laistigh den Chuaird, féadfar an Bille Sibhialta nó an doiciméad eile a sheirbheáil ar an duine céadluaite sin gan cead speisialta.

14. Faoi réir cheanglais Riail 9 d'Alt 66 den Chancery (Ireland) Act, 1867, más rud é, in aon chaingean chun eastát duine éagtha a riaradh, nó chun iontaobhais aon ghníomhais nó ionstraime a fhorghníomhú, nó chun aon oidhreachtáin a idir-roinnt nó a dhíol, gur fógraíodh breithiúnas nó ordú a dhéanann difear do chearta nó leasanna daoine nach páirtithe sa chaingean, féadfaidh an Chúirt a ordú fógra i dtaobh an bhreithiúnais nó an ordaithe a sheirbheáil ar aon daoine a bhfuil leas acu san eastát, nó faoi na hiontaobhais, nó sna hoidhreachtáin; agus tar éis an fhógra sin beidh na himeachtaí ina gceangal ar na daoine sin amhail is dá mba rud é go ndearnadh páirtithe díobh a chéaduair, agus beidh cead acu freastal ar na himeachtaí faoin mbreithiúnas nó faoin ordú. Féadfaidh aon duine a sheirbheálfar amhlaidh a iarraidh ar an gCúirt, laistigh de mhí tar éis na seirbheála sin, an breithiúnas nó ant-ordú sin a urscaoileadh nó a athrú, nó cur leis.