Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na Cúirte Cuarda

Ordú: 5B

Nós imeachta i gcaingne áirithe maidir le seilbh talún agus i gcaingne maidir le faoiseamh deimhin-mhuirearaithe : I.R. Uimh. 264 de 2009

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

Uim5B-I.R. Uimh. 358 De 2012: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Caingne Maidir Le Seilbh Agus Faoiseamh Deimhin-Mhuirearaithe), 2012
Uim5B-I.R. Uimh. 346 De 2015: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Caingne Maidir Le Seilbh Agus Faoiseamh Deimhin-Mhuirearaithe), 2015
Uim5B-I.R. Uimh. 171 De 2016

      1. Tá feidhm ag an Ordú seo maidir le haon imeachtaí ina n-éilíonn an gearánaí aon cheann de na faoisimh seo a leanas:

        (a) seilbh aon talún a aisghabháil ar scór morgáiste nó muirir dhlíthiúil;

        (b) ordú ina ndearbhaítear an méid atá dlite ar scór morgáiste atá le deimhin-mhuirearú ar thalamh.


      2. Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite leis an Ordú seo, i gcás go n-éireoidh aon easaontas idir foráil aon rialach de chuid an Ordaithe seo agus aon fhoráil eile de chuid na Rialacha seo, beidh forlámhas ag an bhforáil den riail de chuid an Ordaithe seo i leith aon imeachtaí lena mbaineann an tOrdú seo.

      3. (1) Tionscnófar imeachtaí lena mbaineann an tOrdú seo trí Bhille Sibhialta i bhFoirm 2R de Sceideal na bhFoirmeacha. Déanfar an t-éileamh aéilítear agus na forais atá leis, maille leis na mionsonraí go léir is gá, a lua go sonrach i bhformhuiniú speisialta an éilimh sa Bhille Sibhialta sin.

      (2) Seirbheálfar Bille Sibhialta lena mbaineann an tOrdú seo, mar aon le cóip den mhionnscríbhinn a luaitear i riail 5, ar gach cosantóir tráth nach déanaí ná 21 lá roimh an dáta chun é a chur ar ais a luaitear i riail 4.

      4. Déanfar, maidir le gach Bille Sibhialta lena mbaineann an tOrdú seo, ar é a eisiúint, dáta a shannadh os comhair an Chláraitheora Contae chun é a chur ar ais agus taifeadfar an dáta sin sa Bhille Sibhialta.

      5. (1) Seirbheálfar i dteannta an Bhille Shibhialta cóip de mhionnscríbhinn (agus cóipeanna d’aon fhoilseáin a ghabhann leis an

      (2) Déanfaidh cosantóir a bheartaíonn imeachtaí lena mbaineann an tOrdú seo a chosaint Láithreas a thaifeadadh san Oifig i bhFoirm 5 i Sceideal na bhFoirmeacha laistigh de dheich lá tar éis an Bille Sibhialta a sheirbheáil air agus cosnóidh sé éileamh an ghearánaí trí mhionnscríbhinn fhreagartha ar mhionnscríbhinn an ghearánaí a chomhdú agus trí chóip den mhionnscríbhinn fhreagartha sin (agus cóipeanna d’aon fhoilseáin a ghabhann leis an mionnscríbhinn sin) a sheirbheáil ar an ngearánaí tráth nach déanaí ná ceithre lá roimh an dáta chun é a chur ar ais.

      6. (1) Ní bheidh ceart in imeachtaí lena mbaineann an tOrdú seo ag aon pháirtí aon fhianaise a thabhairt ar aird seachas trí mhionnscríbhinn, ach amháin—


        (a) le cead ón mBreitheamh,

        (b) i gcás ina gceadaítear é de réir riail 7(4) nó riail 8(1), nó

        (c) i gcás ina mbeidh na himeachtaí curtha ar atráth lena n-éisteacht go hiomlánach de réir riail 8(2).


      (2) Aon pháirtí ar mian leis teisteoir a chroscheistiú a mhionnaigh mionnscríbhinn arna comhdú thar ceann an pháirtí fhreasúraigh, féadfaidh sé fógra i scríbhinn a sheirbheáil ar an bpáirtí a chomhdaigh an mhionnscríbhinn sin á cheangal an teisteoir a thabhairt ar aird lena chroscheistiú, agus mura dtabharfar an teisteoir sin ar aird amhlaidh, ní úsáidfear a mhionnscríbhinn mar fhianaise mura bhfaighfear cead speisialta óngCúirt.

      7. (1) Ar an dáta a mbeidh an Bille Sibhialta le cur ar ais (nó ar aon atráth ar an dáta sin), féadfaidh an Cláraitheoir Contae, i dteannta aon ordaithe eile a bhfuil cumhacht ag an gCláraitheoir Contae é adhéanamh:


        (a) a ordú an Bille Sibhialta a sheirbheáil ar aon duine eile;

        (b) ordú adhéanamh lena bhfadófar an tréimhse ama chun láithreas a thaifeadadh;

        (c) ordacháin a thabhairt agus teorainneacha ama a shocrú chun aon mhionnscríbhinní breise ó aon pháirtí nó páirtithe a chomhdú agus a sheachadadh;

        (d) aon ordacháin eile a thabhairt chun na himeachtaí a ullmhú le haghaidh trialach;

        (e) i gcás nach ndearnadh láithreas a thaifeadadh ná mionnscríbhinn fhreagartha de réir riail 5(2) ina nochtar cosaint prima facie a chomhdú agus a sheachadadh, ordú i leith seilbhe a dhéanamh de réir mhír (xxxiii) nó (xxxiv) den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht na gCúirteanna agus na nOifigeach Cúirte 1995;

        (f) i gcás inar páirtithe sui juris na páirtithe, ordú adhéanamh chun toiliú afháil agus riail cúirte a dhéanamh den chéanna.


      (2) I gcás ina mbeidh mionnscríbhinn fhreagartha comhdaithe de réir riail 5(2) ina nochtar cosaint prima facie,déanfaidh an Cláraitheoir Contae an Bille Sibhialta, nuair a bheidh sé in ord le haghaidh éisteachta, a aistriú chuig liosta an Bhreithimh ar an gcéad áiméar.

      (3) Chun críocha na rialach seo, nó chun críocha aon éisteachta os a chomhair féin, féadfaidh an Cláraitheoir Contae an tréimhse ama a fhadú chun mionnscríbhinní a chomhdú agus cibé ordacháin a thabhairt agus an cás a chur ar atráth os a chomhair féin de réir mariscuí leis.

      (4) Féadfar fianaise maidir le mainneachtain láithreas a thaifeadadh laistigh den tréimhse ama a cheadaítear leis na Rialacha seo a thabhairt trí dheimhniú neamhláithris a eisítear ón Oifig a thabhairt ar aird nó ar shlí eile de réir mar a cheadóidh an Cláraitheoir Contae.

      8. (1) Másrud é,aon tráth i gcúrsa imeachtaí arna dtionscnamh trí Bhille Sibhialta de réir an Ordaithe seo, gur dealraitheach don Bhreitheamh nó don Chláraitheoir Contae gur gá aon saincheist a chinneadh chun an bhreith chuí nó an rialú cuí a thabhairt maidir leis an bhfaoiseamh a bheidh le deonú sna himeachtaí sin nó maidir le haon ní aéireoidh iontu, féadfaidh an Breitheamh, nó féadfaidh an Cláraitheoir Contae ar thoiliú afháil, an tsaincheist sin a shocrú lena triail, agus féadfar fianaise maidir le haon saincheist fíorais a thabhairt ó bhéal nó trí mhionnscríbhinn nó go páirteach ó bhéal agus go páirteach trí mhionnscríbhinn de réir mar is cuí leis an mBreitheamh sna himthosca.

      (2) Féadfaidh an Breitheamh, i gcás inar cuí leis é, Bille Sibhialta atá liostaithe os a chomhair faoin Ordú seolenaéisteacht go hiomlánach achurar atráth amhail is dá dtionsncófaí na himeachtaí ar shlí eile seachas de réir an Ordaithe seo, maille le cibé ordacháin maidir le pléadálacha nó follasú is cuí.

      9. Ar aon Bhille Sibhialta lena mbaineann an tOrdú seo a éisteacht, féadfaidh an Breitheamh breithiúnas a thabhairt le haghaidh an fhaoisimh ar dealraitheach go bhfuil an gearánaí ina theideal.

      10. (1) Féadfaidh an Breitheamh aon ordacháin speisialta a thabhairt a bhaineann le hiompar nó forghníomhú aon bhreithiúnais nó ordaithe, nó le seirbheáil an chéanna ar dhaoine nach páirtithe iad, de réir mar is dóigh leis is cóir.

      (2) Féadfaidh an Breitheamh nó an Cláraitheoir Contae cibé ordú a dhéanamh maidir le costais is dóigh leis is cóir, lena n-áirítear ordú ag tomhas aon chostas a bheidh dáfa.”

4. Déanfar Foirm 2R atá i gceangal leis seo a chur le Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na Rialacha Cúirte Cuarda díreach i ndiaidh Fhoirm 2Q.