Gnó giúiré
Bíonn giúiréithe ag teastáil i dtrí réimse de chuid an chórais chúirteanna:
Cúirteanna Coiriúla Cuarda
Príomh-Chúirteanna Coiriúla
An Ard-Chúirt (caingne sibhialta seachas díobhálacha pearsanta)
Bíonn an Cláraitheoir Contae freagrach as giúiré a roghnú do na cúirteanna coiriúla cuarda i ngach ceann de na sé chontae is fiche. Ní reáchtáiltear ach líon beag trialacha coiriúla i roinnt contaetha.
Ní ghlaoitear ach ar an íoslíon giúróirí i roinnt contaetha toisc go gcaithfear glao ar ghiúróirí do thrialacha den sórt sin ón gcontae ina n-éistfear leis an triail.
Déantar tromlach na ngiúróirí, mar sin, a thoghairm istigh i mBaile Átha Cliath.
Bunaítear roghnú an ghiúiré ar rolla de thoghthóirí i ngach contae.
Cuireann an t-údarás áitiúil an rolla ar fáil.
Roghnaítear giúiréithe ar bhonn timthriallach cheithre bliana .i. ní ghlaofar ar ghiúróirí ar glaodh orthu sa chéad bhliain den timthriall i rith na chéad trí bliana eile.
Eisítear toghairmeacha do na daoine a roghnaíodh sé seachtaine roimh dháta an tsuí chúirte agus freagróidh líon áirithe acu. Ní bheidh roinnt de na daoine sin a thabharfaidh freagra incháilithe m.sh. baill foirne cúirte, gardaí.
Beidh leithscéal ag roinnt acu de réir cirt m.sh. os cionn 70 bliain d'aois, bodhar, neamhlitearthacht.
Glactar le leithscéal ó roinnt acu faoi rogha an Chláraitheora Chontae.
Aontóidh an líon atá fágtha le seirbheáil ar an ngiúiré.
Eisítear meabhrúcháin chuig na daoine sin nach dtugann freagra.
Féadtar a thuilleadh faisnéise faoi sheirbhís ghiúiré a fháil i roinn na Seirbhíse Giúiré.