Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Scrúdaitheoir na hArd-Chúirte - Agraí riaracháin


Naisc Ghaolmhara
Oifig an Scrúdaitheor na hArd-Chúirte

Agraí riaracháin (eastáit sócmhainneacha/dócmhainneacha) lena n-áirítear ceisteanna ó neasghaolta.

D'fhéadfadh eastát (maoin) daoine éagtha a bheith mar ábhar in imeachtaí Cúirte áit a dtagann ceisteanna chun cinn maidir le haon cheann díobh seo a leanas nó iad ar fad:

(a) conas a riaradh an eastát go dtí seo

(b) cad atá san eastát

(c) cé atá i dteideal tairbhe a bhaint as an eastát

(d) cé hé/hí creidiúnaí de chuid an eastáit

Tús le hagra riaracháin/ceist neasghaoil

Cuirtear tús le himeachtaí den sórt sin go hiondúil san Ard-Chúirt trí shoghairm speisialta. Eisítear toghairm speisialta i bPríomh-Oifig na hArd-Chúirte agus liostáiltear i dtús báire iad os comhair Máistir na hArd-Chúirte. Aistrítear iad chuig liosta foriarratais na cúirte seansaireachta nuair a bhíonn siad réidh le héisteacht (seansaireacht 1 nó 2).

Imeacht os comhair an Scrúdaitheora

I ndiaidh ordú cúirte a dhéanamh ag cur an ábhair ar aghaidh chuig Oifig an Scrúdaitheora leis an treoir cuntais áirithe a thógáil agus fiosrúcháin áirithe a dhéanamh, téann an t-ábhar ar aghaidh in Oifig an Scrúdaitheora.

D'fhonn téarmaí an Ordaithe a chur i bhfeidhm bíonn sé riachtanach don pháirtí a bhfuil cúram an agra orthu go hiondúil an Gearánaí Fógra Leanúna a eisiúint os comhair an Scrúdaitheora.

Le linn cuntais den sórt sin a bheith á nglacadh agus fiosrúcháin den sórt sin a bheith á ndéanamh tugann an Scrúdaitheoir treoir go hiondúil:

  • mionnscríbhinní a chomhadú (doiciméid mhionnaithe) ag déileáil le
    (i) maoin an eastáit á leagan amach de réir cineáil de réir na dtreoracha a thugtar in Ordú na cúirte agus
    (ii) daoine aitheanta as teaghlach duine mhairbh áirithe áit a bhfuil fiosrúchán maidir le neasgaol treoraithe - tugtar mionnscríbhinn ginealach ar an mionnscríbhinn sin
  • cuntais a bhaineann le hidirbhearta airgeadais eastát an duine éagtha a chur isteach
  • fógraí le haghaidh creidiúnaithe agus tairbhithe, de réir mar a d'éileodh an cás;

Cuimsítear torthaí an Scrúdaitheora i ndoiciméad foirmiúil ar a dtugtar teastas riaracháin/neasghaol.

I ndiaidh Teastas Riaracháin a chomhadú déantar iarratas go hiondúil ar Liosta Cúirte an Scrúdaitheora le hábhair a nochtadh sa Teastas sin a Mheabhrú Tuilleadh nó ina áit sin a bheith ábalta riarachán an eastáit a thabhairt chun críche.

Cé go bhféadfadh foráil a bheith in Orduithe Eatramhacha le haghaidh cistí a bhaineann leis an eastát a lóisteáil sa chúirt éiríonn lóisteáil cistí den sórt sin go hiondúil de bhua Ordaithe a rinneadh ag éisteacht de Mheabhrú Tuilleadh.

Agra riaracháin a thabhairt chun críche

Leithroinntear na cistí a lóisteáiltear sa chúirt (chomh fada agus a shíneann siad) ina measc sin a mheastar atá i dteideal iad a fháil de réir thorthaí Teastas an Scrúdaitheora agus arna chinneadh de réir an dlí de réir sceidil cionroinnte agus Íocaíochta a chaithfidh an Scrúdaitheoir a shocrú.

Ní féidir na cistí sa chúirt a íoc amach gan ordú na cúirte agus déantar iarratas dá shórt go hiondúil tar éis an sceideal cionroinnte agus iocaíochta a shocrú.

Imeacht malartach chun eastát duine a fhaigheann bás go dócmhainneach a riaradh

Ceadaíonn an tAcht Féimheachta 1988 Cuid VI Alt 115 go dtí 122 eastát duine a fhaigheann bás agus iad dócmhainneach a riaradh ach Achainí a thíolacadh ar an gCúirt trí:

(a) creidiúnaí a mbeadh a fhiachas leordhóthanach chun tacú le hAchainí Féimheachta in aghaidh an duine éagtha i gcás é bheith beo, nó

(b) ionadaí pearsanta an duine éagtha.

Nuair a chuirtear achainí den sórt sin i láthair bíonn maoin an duine éagtha dílsithe sa Sannaí Oifigiúil, mar a tharlaíonn i gcás féimheachta.

Ní dhealraíonn sé gur cuireadh aon achainí mar sin i láthair na cúirte ó rinneadh achtú ar an alt luaite.

Reachtaíocht chuí

Acht Dliteanais 1931
An tAcht Uchtála 1952
An tAcht um Riaradh Eastát 1959
An tAcht Comharbais 1965
An tAcht um Stádas Leanaí 1987
Rialacha na nUaschúirteanna (I.R. Uimh. de 1986)

Léitheoireacht bhreise
Practice and Procedure in Administration and Mortgage Suits in Ireland - Scanlon

 






Teastaíonn tacaíocht do JavaScript chun an suíomh Gréasáin seo a úsáid. Déan cinnte go bhfuil do bhrabhsálaí cothrom le dáta agus go dtacaíonn sé le JavaScript.