Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Colscaradh agus idirscaradh dlíthiúil

Naisc gaolmhara
Séanadh
Tréigean

Colscaradh Éireannach

Nuair a dheonaíonncCúirteanna na hÉireann foraithne colscaratha, díscaoiltear pósadh na gcéilí colscartha agus cuirtear deireadh lena stádas dlíthiúil mar chéilí a chéile.

Ar an ábhar sin, má fhaigheann duine bás agus é/í díthiomnach, agus má fuair sé/sí colscaradh in Éirinn, agus má ordaítear don chleachtóir iarratas a dhéanamh chuig an Oifig Probháide le haghaidh litreacha riaracháin san eastát, ba cheart go gcuirfí san áireamh an fhaisnéis a leanas sa mhionn don riarthóir:

  • fuair an marbh bás agus é/í díthiomnach agus bhí sé/sí colscartha de bhun ordú na cúirte dár dháta an .... lá de .... 20.... 
    agus,
  • caidreamh an iarratasóra leis an marbh (is é sin, an neasghaol i gcomhréir leis na gnáthchearta comharbais).

Is ionann a bhíonn an chuid eile den cháipéisíocht a theastaíonn nuair a bhíonn iarratas á dhéanamh ar dheonú caighdeánach riaracháin.

Ba cheart cóip den ordú cúirte a sheoladh ar aghaidh leis na páipéir.

 

Socruithe idirscartha

Nuair a idirscarann lánúin phósta (cibé acu trí ghníomh idirscartha nó trí idirscaradh breithiúnach), ní dhíscaoiltear a bpósadh agus coimeádtar a stádas dlíthiúil mar chéile a chéile. Ní críochnaitheach agus conclúideach don chomhaontú idirscartha agus féadfaidh an lánúin é a leasú tráth ar bith nó é a chur de láimh, go deimhin.

Sa chás go bhfaigheann duine de na páirtithe bás díthiomnach, agus go bhfuil iarratas á dhéanamh ar litreacha riaracháin san Oifig Probháide, ba cheart do chleachtóirí an fhaisnéis a leanas a thabhairt faoi deara.

D’ordaigh an breitheamh Probháide go bhfuil an beartas a leanas mí-oiriúnach i gcásanna idirscartha dhlíthiúil:

  1. Sa chás go ndéantar iarratas ar an Oifig Probháide ar dheonú riaracháin dhíthiomnaigh in eastát duine mhairbh ar iontráil sé/sí le linn a s(h)aoil i gcomhaontú idirscartha, scrúdóidh an Oifig Probháide an comhaontú idirscartha sin agus, más dealraitheach uaidh sin gur thréig nó gur shéan an duine sin a c(h)earta comharbais faoi seach, cuirfear toimhde infhrisnéise i ngníomh a chuirfidh i gcrích go bhfanfaidh an tréigean nó an séanadh sin i bhfeidhm amhail dáta an bháis atá faoi chaibidil agus ní bheidh aon tréigean nó séanadh breise ag teastáil ón gcéile marthanach.
  2. Sa chás go gcuirtear comhaontú idirscartha i láthair nach ndeachthas i ngleic le cearta comharbais ann, coimeádfaidh an céile a t(h)eidlíocht chun an deonú a bhaint mura bhfeidhmíonn sé/sí a c(h)eart chun tréigean nó séanadh a fheidhmiú san ábhar.
  3. Sa chás go dtagann ceisteanna chun solais, d’fhéadfadh go mbeadh an t-ábhar le cur faoi bhráid na Cúirte Probháide ar an ngnáthbhealach ach ba cheart tuairim an Oifigigh Phrobháide nó an Oifigigh Chúnta Phrobháide a fháil ar dtús.

Colscarthaí iasachta

Faoin Acht um Shainchónaí agus Aithint Colscarthaí Coigríche, 1986, déantar foráil chun colscarthaí iasachta a aithint ag cúirteanna na hÉireann.  Tá an t-aitheantas seo, áfach, faoi réir go mbaintear roinnt critéar amach i ngach cás agus níl ag an Oifigeach Probháide, mar oifigeach reachtúil, an dlínse lena dheimhniú cibé acu ar sásaíodh nó nár sásaíodh na critéir sin.

Go hachomair, is gá an t-ábhar a chur faoi bhráid na cúirte, ar an ábhar sin. D’fhonn an mhoill a sheachaint a bhíonn air seo a dhéanamh, áfach, mar aon leis na himpleachtaí costais d’eastát, cuirtear i bhfeidhm an beartas a leanas:

Nuair a fhaigheannpáirtí a fuair colscaradh iasachta bás, agus nuair a chuirtear i láthair na hOifige Probháide iarratas ar dheonú riaracháin ina (h)eastát, trí shaincheist an mhairbh, ba cheart tréigean ón gcéile marthanach colscartha a chomhdú leis an iarratas. Ní mór an tréigean seo a sholáthar sa mhionn don riarthóir.

Má tá iarratas á dhéanamh ag páirtí seachas saincheist an mhairbh ar an deonú, ní mór séanadh ón gcéile marthanach colscartha a chomhdú agus ní mór seo a sholáthar sa mhionn don riarthóir.

Mura bhfuil an tréigean nó an séanadh (amhail is cuí) le teacht, ní mór iarratas a dhéanamh de bhun alt 27(4) den Acht Comharbais, 1965 a dhéanamh chuig an mbreitheamh probháide de bhun fógra tairisceana agus mionnscríbhinn forais.

barr

 

SÉANADH ............. I NDIADH BÁS

 

DÍTHIOMNACH

a fuair bás ar an    lá de         20  .
 
Déantar AN GNÍOMH SÉANTA seo an   lá de 20 
agamsa                          ó
i gContae         
DE BHRÍ:

  1. Go bhfuair                           , nach maireann, ó                (dá ngairtear "an marbh" feasta)
    bás ar an      lá de       20  tar bás a fháil agus é/í díthiomnach maidir leis an leas a shéantar leis seo
  2. Bá é/í                 an Marbh                    agus maireann
    agus                        go fóill (luaigh cé atá ag maireachtáil go fóill, e.g. Céile agus beirt leanaí nó de réir mar a bheidh)
  3. Ba mise                      leis an Marbh.
  4. Níor ghlac mé le haon sciar ó Ionadaí Pearsanta an Mhairbh ná eile agus níor fheidhmigh mé aon úinéireachta, rialú nó seilbh thairbhiúil ar bith, maidir le haon sciar den eastát sin.

FIANAÍTEAR ANOIS, LEIS SEO, GO SÉANAIMSE GO NEAMH-INCHÚLGHAIRTHE go hiomlán an ceart iomlán atá agam i leith aon sciar a d'fhéadfainn bheith i dteideal a fháil maidir leis an eastát thuasluaithe

(Iontráil an t-alt a leanas murar eisíodh Deonú don duine a bhfuil an séanadh á dhéanamh acu nó má shínigh sé/sí Tréigean cheana féin)

AGUS AITHNÍM, LEIS SEO ar chur i gcrích an tSéanta seo dom, go gcaillfidh mé aon cheart a d’fhéadfadh bheith agam (de bhua mo theidlíochta i leith an sciar thuasluaite) chun Deonú Riaracháin chuig Eastát an Mhairbh a bhaint

I BHFIANAISE air sin, tá mé tar éis mo lámh agus mo shéala a chur leis seo ar an lá agus sa bhliain a scríobhtar thuas i dtosach

ARNA SHÍNIÚ,  ARNA SHÉALÚ AGUS ARNA SHEACHADADH

 

Ag                (thuasluaite)
i láithair :-
(Finné Neamhleasmhar)

barr


 

TRÉIGEAN RIARACHÁIN

San Ard-Chúirt um Cheartas - Clárlann Phrobháide

________________________

In Earraí an                                                                     nach maireann
DE BHRÍ
A chónaigh in
I gContae
Nach maireann, a fuair bás as                lá de                       20
ag
*Luaigh cibé acu Díthiomnach, a*
Stócach, Baintreach etc.

AGUS DE BHRÍ GO bhfuilimse,
ó             leis/léi*
Déanaimse anois,                   (thuasluaite) atá 18 mbliana nó níos sine, leis seo, mo chearta go léir a thréigean i leith Litreacha Riaracháin eastát an mhairbh
I BHFIANAISE AIR SIN, tá mé tar éis mo lámh a chur leis seo an

                   Lá de         20

ARNA SHÍNIÚ,  ARNA SHÉALÚ AGUS ARNA SHEACHADADH

 

Ag                (thuasluaite)
i láithair :-
*(Is leor Finné Neamhleasmhar amháin)

barr

 

______________________
Nua-shonrú: 29 Márta 2017