Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Ráiteas príobháideachais

Do cheart ar phríobháideachas

Tá meas iomlán againn ar do cheart ag príobháideachas, agus tú i mbun an láithreáin ghréasáin a úsáid.

Bailiúchán agus úsáid na faisnéise pearsanta

Ní bhailímid aon sonraí pearsanta fút ar ár láithreán, seachas faisnéis a thugann tú go deonach (mar shampla trí ríomhphost a sheoladh againn nó trínár n-áis aiseolais a úsáid). Ní chuirtear aon fhaisnéis, a sholáthraíonn tú ar an mbealach seo, ar fáil do thríú páirtithe. Déileáiltear leis ar an gcaighdeán is airde slándála agus rúndachta, ag teacht go dian de réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 úsáidte againn don chuspóir inar soláthraíodh é.  Má tá tú ag iarraidh aon cheist a phlé maidir le próiseáil na faisnéise pearsanta ar ár láithreán, scríobh chuig: Síle O'Neill, An Stiúrthóir Gréasáin, Teach an Fhionnuisce, 15/24 Sráid an Fhionnuisce Thuaidh, Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath 7. Ríomhphost: seoneill@Courts.ie

Bailiúchán agus úsáid na faisnéise teicniúla

Tá sonraí teicniúla maidir le cuairteanna ar ár láithreán logáilte ag ár soláthraí seirbhísí Idirlín dár gcuspóirí staitistiúla. Níl aon fhaisnéis bailithe go bhféadfaí a úsáid chun cuairteoirí ar an láithreán gréasáin a aithint.

Tá na sonraí teicniúla a logáiltear teoranta go dtí na téarmaí a leanas:

  • seoladh IP freastalaí gréasáin an chuairteora
  • an t-ainm fearainn ard-leibhéil a úsáidtear (mar shampla .ie, .com, .org, .net)
  • seoladh an láithreáin ghréasáin roimhe seo ónar shroich an cuairteoir muid, ag cuimsiú aon téarmaí cuardaigh a úsáideadh
  • sonraí sruthchliceála a léiríonn trácht na gcuairteoirí mórthimpeall an láithreáin ghréasáin seo (mar shampla leathanaigh a rinneadh a rochtain agus cáipéisí íoslódáilte)
  • an cineál brabhsálaí a úsáideadh ag an gcuairteoir láithreáin ghréasáin.

 

Ní dhéanaimid aon iarracht cuairteoirí aonair a aithint, nó ceangal a dhéanamh idir na sonraí teicniúla liostaithe thuas agus aon duine aonair. Tá sé mar bheartas againn gan faisnéis theicniúil a nochtadh riamh le tríú páirtí ar bith maidir le cuairteoirí indibhidiúla an láithreáin ghréasáin (seachas ár soláthraí seirbhísí Idirlín, a ríomhann sonraí mar iad ar ár son agus atá faoi cheangal ag forálacha rúndachta ina leith seo), mura bhfuil dualgas orthu an t-eolas a nochtadh de réir riail an dlí. Muid féin amháin a úsáideann an fhaisnéis theicniúil, agus ní úsáidimid í ach do chuspóirí staitistiúla agus cuspóirí eile riaracháin cosúil le measúnú a dhéanamh ar líon na gcuairteoirí ar rannóga difriúla ár láithreáin agus nádúr na faisnéise is mó úsáide agus is lú úsáide a aithint.

Úsáid na bhfianán

Is píosaí beaga faisnéise iad 'fianáin' a leagann láithreán gréasáin ar do ríomhaire agus, ar féidir an láithreán gréasáin iad a léamh go hiondúil ar do chuid cuairteanna ina dhiaidh sin. D'fhéadfadh an t-eolas a stóráiltear i bhfianán a bheith bainteach le do nósanna brabhsála ar an leathanach gréasáin, nó d'fhéadfadh sé uimhir aitheantais ar leith a chuimsiú ionas gur féidir leis an láithreán tú a 'mheabhrú' nuair a thugann tú cuairt arís. Ní úsáideann ár láithreán fianáin. Is féidir le cuairteoirí ár láithreán a úsáid gan aon chaillteanas feidhmiúlachta, má dhíchumasaítear na fianáin ón mbrabhsálaí gréasáin.

Naisc le tríú páirtithe

Cuimsíonn ár láithreán naisc go dtí láithreán gréasáin thríú páirtithe. Nílimid freagrach as beartais phríobháideacha nó ábhar láithreáin mar iad.