Réamhrá
Tá giúróirí ina gcuid riachtanach de riaradh ceartais sa tír seo. Ní bheadh ar chumas na gcúirteanna feidhmiú gan a gcomhoibriú. Roghnaítear giúróirí go randamach agus geallann siad breithiúnas a thabhairt bunaithe ar an bhfianaise i gcás cúirte. Is í an tuairim atá taobh thiar de seo ná gur féidir le gnáthdhaoine breithiúnas cóir agus réasúnta a dhéanamh trí úsáid a bhaint as a ngnáth chiall.
Is minic go bhfuil freastal ar ghiúiré ar an mbealach is fearr do dhaoine aonair páirt a ghlacadh inár rialtas. Ní hionann le vótáil atá ina phribhléid de shaoránacht, is dualgas poiblí atá i seirbhís giúiré, ach do go leor daoine is ceann é gur fiú go mór é agus a chuimhnítear i gcónaí air.
Bíonn an dlí ag brath ar ghiúiréithe cinneadh a dhéanamh maidir le fíricí a mbíonn achrann ann mar gheall orthu. Is i gcomhair trialacha coiriúla is mó a bhíonn giúiréithe ag teastáil. Ní bhíonn gá leo i gcomhair formhór cásanna sibhialta. I gcás coiriúil, tá sé de dhualgas ar an ngiúiré cinneadh a dhéanamh an bhfuil an duine atá cúisithe ciontach nó neamhchiontach as an gcion atá curtha ina leith. Ní mór ciontacht dhuine cúisithe a chruthú thar teora amhrais réasúnta.