Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Deiseanna Fostaíochta

Teachtaire Cúirte, An tSeirbhís Chúirteanna, Co Luimnigh

 

Tugann an tSeirbhís Chúirteanna cuireadh d’iarratais don phost thuas.

Is é a bheidh i gceist leis an ról ná tacaíocht a sholáthar don Chláraitheoir Contae i gContae Luimnigh ina cháil mar shirriam agus faoi théarmaí an Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926, arna leasú.
 
Is cuid riachtanach den phost í iompar ar fud Chontae Luimnigh mar sin ní mór d’iarratasóirí ceadúnas tiomána iomlán, árachas gluaisteáin agus a iompar féin a bheith acu. Íocfar as costais taistil na Státseirbhíse caighdeánaigh.

Tá sé inmhianaithe go mbeadh taithí oibre cuí roimhe seo agus scileanna TF maith ag iarratasóirí. Bheadh leibhéal líofachta sa Ghaeilge mar bhuntáiste ach níl sé riachtanach.

Is é an tuarastal seachtainiúl don phost seo ná €440.64. Tá tuilleadh eolais maidir le téarmaí agus coinníollacha fostaíochta ar fáil sa lámhleabhar eolais don phost seo.

Is féidir an fhoirm iarratais agus an lámhleabhar eolais a fháil trí ríomhphost ag corkro@courts.ie nó trí dhul i dteagmháil le Miriam Stack, An tSeirbhís Chúirteanna, Oifig Réigiúnach an Deiscirt, Aonard 74 Coladh Penrose
Cé Penrose, Corcaigh. (Teil. +353 21 4509374)

Ní mór d’iarratasóirí a bhfoirm iarratais comhlánaithe a sheoladh trí ríomhphost chuig corkro@courts.ie nó tríd an post chuig

Miriam Stack,
An tSeirbhís Chúirteanna,
Oifig Réigiúnach an Deiscirt,
Aonard 74, Coladh Penrose,
Cé Penrose,
Corcaigh,

roimh Dé hAoine 27 Deireadh Fómhair, roimh 4.00 p.m.

Ní mór an t-imchlúdach a mharcáil “Folúntas Teachtaire Cúirte” Tá iarratasóirí freagrach as seachadadh slán a gcuid foirmeacha iarratais.

Reáchtálfar an comórtas seo de réir an chód cleachtais ullmhaithe ag an gCoimisiún um Cheapúcháin Seirbhíse Poiblí (CPSA) .

Tá an tSeirbhís Chúirteanna tiomanta do pholasaí comhdheise.

Court Messenger application form 
Courts Messenger information booklet