Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

An dara deonú nó deonuithe ina dhiaidh sin

Ar uairibh, d’fhéadfadh go mbeadh gá leis an dara deonú a bhaint in eastát. Tarlaíonn seo, (ní i gcónaí), nuair a fuair an chéad ionadaí dlíthiúil pearsanta bás gan riarachán an eastáit a chomhlánú.

Tá ann saghsanna éagsúla deonuithe a thagann faoin gcatagóir seo, lena n-áirítear:

Riarachán díthiomnóra de bonis non

Má eisítear deonú do riarthóir a fhaigheann bás ina dhiaidh sin gan an t-eastát a riaradh go hiomlán, féadfaidh na páirtithe atá i dteideal iarratas a dhéanamh ar an saghas seo deonaithe le riarachán an eastáit a chomhlánú.

Féach an seicliosta riarachán de bonis non chun teacht ar bhreis faisnéise ar na cáipéisí a theastaíonn.

Riarachán maille le huacht de bonis non

Sa chás go bhfuair an páirtí a ghlac an chéad deonú (nó deonuithe ina dhiaidh sin) agus gur glanadh gach seiceadóir agus sa chás nár riaradh go hiomlán an t-eastát, is cuí don saghas seo den dara deonú (nó deonuithe ina dhiaidh sin) faoi na cúinsí.

Féach seicliosta riaracháin maille le huacht de bonis non chun teacht ar bhreis faisnéise ar na cáipéisí a theastaíonn.

Probháid dhúbailte

Má bhaineann seiceadóir amháin deonú agus má cosnaíodh cearta an tseiceadóra eile, féadfaidh an seiceadóir ar cosnaíodh a c(h)earta iarratas a dhéanamh ar dheonú probháide dúbailte fad atá an seiceadóir fós beo.

Féach an seiclíosta seiceadóra chun teacht ar bhreis faisnéise ar na cáipéisí a theastaíonn.

Probháid neamhriartha

Má bhaineann seiceadóir deonú amháin, a chosnaíonn cearta seiceadóra eile, féadfaidh an seiceadóir ar cosnaíodh a c(h)earta iarratas a dhéanamh ar an dara deonú faoi chúinsí ina bhfuair an chéad seiceadóir (an seiceadóir cruthaithe) bás.  Is éard atá i gceist leis seo deonú probháid neamhriartha.

Féach seicliosta riaracháin maille le huacht de bonis non chun teacht ar bhreis faisnéise ar na cáipéisí a theastaíonn.