Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Breithiúnais airgeadaíochta

Bíonn rannóg na mbreithiúnas ag déileáil leis na réimsí seo a leanas:-

Nasc gaolmhara
Judgment sets and orders of fieri facias 

1. Iontráil breithiúnais trí mhainneachtain láithris, is do shuimeanna leachtaithe iad seo de ghnáth, agus iontráil breithiúnais de bhun ordú Mháistir na hArd-Chúirte. Aguisín E fhoirm uimh. 1 & 4 Rialacha na nUaschúirteanna.

2. Clárú na mbreithiúnas a faightear san Ard-Chúirt, sa Chúirt Chuarda agus sa Chúirt Dúiche.

Féadfaidh tú clár na mbreithiúnas a chuardach ach €25 a íoc i gcás gach cuardach.

3. Forfheidhmiú breithiúnas agus orduithe

  1. trí fieri facias - ordú don sirriam nó do chláraitheoir an chontae méid an bhreithiúnais agus na costais a thobhach ó mhaoin an chosantóra;

  2. astú agus cimiú - a úsáidtear chun iallach a chur ar dhuine rud a dhéanamh nó a chosc ó rud a dhéanamh;

  3. trí ordú seilbhe - ordú don sirriam nó do chláraitheoir an chontae seilbh a ghlacadh ar thailte faoi leith agus ar áitribh ainmnithe san ordú cúirte. Aguisín F Cuid 1 uimh. 4 agus Cuid 2 uimh. 5 Rialacha na nUaschúirteanna.

4. Taifeadadh sásaimh maidir le breithiúnais na hArd-Chúirte a chomhlíon an féichiúnaí agus clárú sásaimh bhreithiúnais maidir le breithiúnais na hArd-Chúirte, na Cúirte Cuarda agus na Cúirte Dúiche.

5. Clárú lis pendens nuair atá caingean ar feitheamh san Ard-Chúirt nó sa Chúirt Chuarda maidir le díospóid faoi theideal maoine. Cuirtear lis pendens ar ceal ar ordú na cúirte cuí. Tá fasaigh na bhfoirmeacha seo ar fáil ó Phríomh-oifig na hArd-Chúirte nó ó stáiseanóirí dlí.

6. Rollú, clárú agus comhdú ionstraimí dlíthiúla áirithe, ina measc gníomhais aonpháirtí, cumhachtaí aturnae, dí-shainoidhrú gníomhas agus billí díola.

7. Ordú subpoena a eisiúint faoi shéala na hArd-Chúirte chun iallach a chur ar fhinné freastal ar thriail. Beidh siad seo ag teastáil uait;

(a) praecipe subpoena agus subpoena ad testificandum - chun a bheith i láthair agus fianaise a thabhairt; Aguisín D Foirmeacha uimh. 1 agus 2 Rialacha na nUaschúirteanna,

(b) praecipe subpoena agus subpoena duces tecum - chun a bheith i láthair agus fianaisí sonraithe áirithe a sholáthar; Aguisín D Foirmeacha uimh. 2 agus 3 Rialacha na nUaschúirteanna.

 

 

___________________________________________________
Rinneadh nuashonrú ar an leatheanach seo ar an: 7 Márta 2017