Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Cabhair le cuardach

Is féidir an painéal ar thaobh na láimhe clé agus na naisc ag bun gach leathanach a úsáid chun an láithreán seo a nascleanúint. Roghnaigh ainm na rannóige atá de dhíth ort agus cliceáil air.

Laistigh de gach rannóg is féidir leat filleadh ar leathanach baile na rannóige sin trí chliceáil ar an nasc taobh thuas den bharra uachtarach nascleanúna a léiríonn ainm na rannóige agus an Leathanach Baile. Mar shampla ...

Is féidir faisnéis gur suim le gairmithe dlí a fháil sna rannóga a leanas - Téarmaí & Suíonna, Dialann Dlí, Rialacha & Táillí, Foirmeacha Cúirte, Treoracha Cleachtais agus Breithiúnais.

Is féidir leat an áis chuardaigh a úsáid chomh maith ag barr gach leathanach.

Iontráil do théacs cuardaigh sa rannóg 'Cuardaigh do' agus 'Cliceáil chun Cuardaigh' ansin.  Is féidir leat roghnú an láithreán gréasáin ar fad a roghnú trí 'Gach Rannóg' a roghnú, nó má tá a fhios agat go bhfuil an t-eolas atá uait i rannóg ar leith amháin, roghnaigh an ceann sin m.sh. Dialann Dlí.

Ard-chuardach

Más mian leat Ard-Chuardach a dhéanamh, roghnaigh an rogha sa bharra uachtarach.  Laistigh den rogha seo, is féidir leat do chuid roghanna cuardaigh a theorannú nó a leathnú mar a leanas:

Cuardach ag úsáid focail amháin

Déan iarracht cuardach a dhéanamh ag úsáid focail amháin 'mionnscríbhinní' i dtosach. Má tá an-iomarca aisfhillidh, déan iarracht 'acmhainne', 'íocaíocht' agus 'costas' a chur leis, scartha ag AND. Aimsíonn sé seo na cáipéisí ar fad ag cuimsiú na bhfocal seo.

Bítear sonrach

Úsáid focail a cheapann tú atá sna cáipéisí amháin a theastaíonn uait. Úsáid athfhriotail chun frásaí beachta a chuardach - 'mionnscríbhinn acmhainne'.  Chomh maith leis sin, trí spásanna a chur idir na focail singile, aisfhilleann an téacs in ord beacht.

Ag úsáid 'Leaganacha de Fhocail' agus 'Cuardach Doiléir'

Leathnaítear do chuardach leis seo, á dhéanamh níos cuimsithí. Chomh luath agus atá na roghanna seo roghnaithe agat, is féidir leat iarracht páirt de na focail a úsáid - 'dlí*' chun 'dlínse' a aimsiú, nó 'lit' chun 'litir' nó 'éilitheoir' a aimsiú.

Úsáid focal difriúil leis an míniú céanna

Aimsíonn úsáid 'OR' idir na focail difriúla leis an mbrí chéanna cáipéis a chuimsíonn aon chuid de na focail seo.

Torthaí Cuardaigh

D'fhéadfadh cuid de na torthaí cuardaigh a bheith aibhsithe i nglas. Má iarrtar ort pasfhocal a iontráil chun rochtain ar cháipéis, tugann sé seo le fios nach bhfuil an cháipéis réidh chun foilsithe.

Mura bhfuil go leor torthaí agat nó má tá an-iomarca agat, déan iarracht do chuardach a athfhoirmliú.

Má tá an-iomarca torthaí, déan iarracht AND a úsáid idir na focail - aisfhilleann mionnscríbhinn AND leas torthaí leis an dá fhocal = níos mó torthaí.
Mura bhfuil go leor torthaí, déan iarracht OR a úsáid idir na focail - mionnscríbhinn OR acmhainne a aisfhilleann ceann nó an ceann eile = níos lú torthaí

Focail agus carachtair fhorchoimeádta

Ní ceadmhach duit cuardach do na focail 'or', 'and', 'field', 'contains' agus 'not'
Ina theannta sin, ní féidir leat úsáid a bhaint as carachtair cosúil le /  ;  :   & %  srl..