Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Do chás a thionscnamh

Naisc ghaolmhara
toghairm iomlánach
toghairm achomair
toghairm speisialta
toghairm díobhála pearsanta
achainí
fógra tionscnaimh fhoriarratais

Féadfaidh tú imeachtaí de chineálacha éagsúla a thionscnamh sa Phríomh-Oifig agus leas a bhaint as ceann de na cáipéisí tionscnaimh liostaithe:-

Braithfidh an cineál cáipéise a bhaineann tú leas as chun tús a chur le do chás Ard-Chúirte ar an gcineál caingne ar mhian leat a thionscnamh.

Ba chóir duit toghairm iomlánach a eisiúint sa Phríomh-Oifig na hArd-Chúirte, mar shampla, má tá tú ag iarraidh damáistí a fháil de bharr briseadh conartha.

Tabharfar uimhir taifeadta do cháis duit nuair a thionscnaíonn tú do chaingean. Ní foláir an uimhir seo a bhreacadh ar gach cáipéis a chomhdaítear ina dhiaidh sin maidir leis an gcás, pléadálacha, foriarratais, mionnscríbhinní agus araile.

Is iad Rialacha na nUaschúirteanna 1986 agus na treoracha cleachtais a eisíonn Uachtarán na hArd-Chúirte a rialaíonn nósanna imeachta agus cleachtais na hArd-Chúirte den chuid is mó. Caithfidh tú féin teacht go Príomh-Oifig na hArd-Chúirte, na gCeithre Cúirteanna má tá tú ag stiúradh do cháis féin, nó féadfaidh d'ionadaí dlí teacht thar do cheann, chun aon cháipéis a bhaineann le do chás a eisiúint nó a chomhdú.

Toghairm iomlánach

Cineál cáis nó caingne

  1. Damáistí de bharr briseadh conartha.
  2. Damáistí de bharr torta (faillí, foghail, núis agus clúmhilleadh mar shampla)
  3. Caingean probháide, ag iarraidh deonú nó aisghairm probháide nó litreacha riaracháin nó faoiseamh den sórt.
  4. Sainfheidhmiú conarthaí idir díoltóirí agus ceannaitheoirí talún, lena n-áirítear conarthaí faoi léasanna mar aon le sainfheidmhiú chonarthaí eile a d'fhéadfadh an chúirt ordú a thabhairt faoina fheidhmíocht.
  5. Díscaoileadh comhphairtíochta nó glacadh comhpháirtíochta nó cuntais eile.
  6. Cealú conartha.
  7. Faoiseamh urghaire ag iarraidh go n-ordófaí do pháirtí gníomh faoi leith a dhéanamh nó gan a dhéanamh.
  8. Achomharc a dhéanamh in aghaidh bailíochta reachtaíochta.

 

Toghairm achomair:

Cineál cáis nó caingne

  1. Na caingne nuair nach bhfuil an gearánaí ag iarraidh a aisghabháil ach fiach nó éileamh leachtaithe in airgead iníoctha ag an gcosantóir mar aon le hús nó gan ús, de bharr -


    (a) conartha, bíodh sé sainráite nó intuigthe (bille malairte mar shampla, nóta gealltanais, seic nó fiach conartha simplí); nó
    (b) ar bhanna nó conradh faoi shéala d'íocaíocht méid leachtaithe airgid; nó
    (c) faoi reacht nuair is suim shocruithe airgid an tsuim atáthar ag iarraidh a aisghabháil nó gur de bhunbhrí fiachais an tsuim agus nach pionós í; nó
    (d) ar ráthaíocht bíodh sé faoi shéala nó ná bíodh, nuair atá an t-éileamh á dhéanamh ar an bpríomhshuim maidir le fiach nó le héileamh leachtaithe amháin; nó
    (e) ar iontaobhas.

  2. Caingne ina bhfuil an tiarna talún ag iarradh seilbhe talún a aisghabháil, mar aon le héileamh (nó gan cileamh) ar chíos nó foghailbhrabúis -


    (a) in aghaidh tionónta a bhfuil a t(h)éarma istigh nó a bhfuil fógra fágála cuí tugtha dó nó di le foirceannadh a chur lena léas; nó
    (b) de bharr neamhíoc an chíosa.

  3. Iarratais ar mhian leis an ngearánaí go gcuirfí san áireamh iad mar chéad chéim.

  4. Is féidir glacadh le nós imeachta na toghairme achoimre le cead na bpáirtithe go léir i gcás éilimh nach mbaineann le haon aicme de Riail 1.

 

Toghairm speisialta

Cineál cáis nó caingne

  1. Riaradh eastáit réadaigh nó pearsanta duinemhairbh, nó riaradh iontaobhais aon ghníomhais nó ionstraime ach amháin nuair atá chúiseamh déanta maidir le mainneachtain thoiliúil nó sárú iontaobhais.
  2. Cinneadh a dhéanamh faoi aon cheist a bhaineann le cearta nó le leas aon duine a éilíonn gur chreidiúnaí, réadtiomnaí, leagáidí, neasghaol nó oidhre ginearálta duine mhairbh é nó í, nó iontaobhas cestui que faoi iontaobhas aon gníomhais nó ionstraime, nó éileamh trí shannadh nó eile faoi aon duine den sórt.
  3. Aon airgead i lámha seiceadóirí, riarthóirí nó iontaobhaithe a íoc leis an gcúirt.
  4. Treoir a thabhairt do sheiceadóirí, riarthóirí nó iontaobhaithe beart faoi leith a bhaineann lena gcáilíocht mar sheiceadóirí, riarthóirí nó iontaobhaithe a dhéanamh nó gan a dhéanamh (soláthar agus dearbhú cuntas san áireamh).
  5. Aon díol, ceannach, comhréiteach, nó aon idirbheart eile a bhaineann le faomhadh riaradh aon eastáit nó iontaobhais.
  6. Cinneadh a dhéanamh faoi cheist ar bith a eascraíonn de bharr riaradh aon eastáit nó iontaobhais, agus fionnadh a dhéanamh ar aon aicme creidiúnaithe, leagáidithe, réadtiomnaithe, neasghaol, oidhre ginearálta nó eile.
  7. Cinneadh a dhéanamh faoi aon cheist mhínithe a eascraíonn ó aon ghníomhas, uacht nó ó aon ionstraim eile i scríbhinn agus dearbhú a dhéanamh faoi chearta na ndaoine leasmhara.
  8. Cinneadh a dhéanamh faoi alt 14 (2) den Finance Act, 1894, maidir le díospóid faoin dleacht eastáit a chaithfidh aon mhaoin nó duine a iompar.
  9. Aon fhaoiseamh faoi na Settled Land Acts, 1882 go 1890, nó faoi na Conveyancing Acts, 1881 go 1911.
  10. Iarratas maidir le ceann ar bith de na nithe seo a leanas más rud é nach bhfuil aon imeacht ar feitheamh toisc naíonán a bheith ina c(h)oimirce cúirte:-


    (a) Ailt 12, 16 agus 17 den Infants Property Act, 1830, arna gcur i bhfeidhm in Éirinn faoin Infants Property (Ireland) Act, 1835; alt 4 den Leasing Powers Act for Religious Worship in Ireland, 1855, arna síneadh leis an Glebe Lands (Ireland) Act, 1875, agus na Leases for Schools (Ireland) Act, 1881;


    (b) socraíocht ar phósadh maidir le maoin aon naíonáin faoin Infants Settlements Act, 1855, arna cur i bhfeidhm in Éirinn faoin Infants Settlements (Ireland) Act, 1860;


    (c) caomhnóireacht, cúram agus cothabháil nó cur ar aghaidh aon naíonáin.

  11. Iontaobhaí nó iontaobhaí nua a cheapadh, bíodh ordú dílseacháin nó aon ordú iarmhartach ann nó ná bíodh; nó ordú dílseacháin nó aon ordú iarmhartach ar cheapachán iontobhaí nua, bíodh an ceapachán sin déanta agus an gcúirt nó lasmuigh den chúirt; nó ordú dílseacháin nó aon ordú iarmhartach eile in aon chás inar tugadh breith nó ordú maidir le díol, tíolacadh nó aistriú aon talamh nó stoc; nó ordú dílseacháin faoi alt 39 den Trustee Act, 1893; nó ordú ag tabhairt treorach do dhuine tíolacadh a dhéanamh.
  12. Cinneadh a dhéanamh faoi cheist ar bith faoi alt 9 den Vendor and Purchaser Act, 1874.
  13. Aon fhaoiseamh faoi alt 12 den Acht um Stádas Ban Pósta, 1957.
  14. Aon fhaoiseamh faoi alt 42 nó 44 den Trustee Act, 1893.
  15. Díol, soláthar seilbhe le morgáisteoir, nó fuascailt; atíolacadh, nó soláthar seilbhe le morgáistí.
  16. Aon fhaoiseamh maidir le cistí lóistithe sa chúirt de bhun alt 69 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845.
  17. Ordú idirphléadála.
  18. Iarratais maidir le lóisteáil aon chiste sa chúirt, infheistiú aon chiste a lóisteáladh sa chúirt, íocaíocht as aon chiste a lóisteáladh sa chúirt, bíodh sé seo de bhun forálacha aon reachta nó ná bíodh; nuair nach bhfuil aon imeacht ar feitheamh maidir leo agus nach bhfuil aon imeacht fhorordaithe nó riachtanach de bhun na rialacha seo.
  19. Iarratais ar chánachas agus soláthar billí costais agus go soláthródh aon aturnae gníomhais, cáipéisí agus páipéir nuair nach bhfuil aon imeacht ar feitheamh ina bhféadfaí an t-iarratas a dhéanamh.
  20. Aon imeachteile a bhfuil nós imeachta ag baint léi ina bhfuil toghairm speisialta riachtanach di nó ceadaithe faoi Rialacha na nUaschúirteanna, ina measc siúd atá imeachtaí dlí teaghlaigh lena n-áirítear:-


    (a) Aon imeacht de bhun alt 36 den Acht um an Dlí Teaghlaigh, 1995 nó de bhun an ailt sin arna cur i bhfeidhm ag alt 44 den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Colscaradh), 1996.


    (b) Iarratas de bhun an Achta Uchtála, 1974 nó de bhun alt 3 den Acht Uchtála, 1988.


    (c) Iarratas de bhun alt 3(8), 4, 5 nó 9 den Acht um Chaomhnú Áras an Teaghlaigh, 1976.


    (d) Aon iarratas de bhun alt 6 nó 7 den Acht um an Dlí Teaghlaigh, 1981.


    (e) Aon imeacht de bhun an tAcht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964, an Acht um an Dlí Teaghlaigh Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 nó de bhun an tAcht um Fhoréigean Baile, 1996 atá tionscanta agus caomhnaithe san Ard-Chúirt de bhun alt 34.3.1 de Bhunreacht na hÉireann.


    (f) Iarratas ar fhoraithne idirscartha bhreithiúnaigh de bhun alt 3 den Acht um Idirscaradh Breithiúnach agus Athchóiriú an Dlí Teaghlaigh, 1989 agus aon réamhiarratas nó iarratas cúnta a bhaineann leis faoi Chuid II den Acht um Dlí Teaghlaigh,


    (g) Aon imeacht a aistríodh chun na hArd-chúirte de bhun alt 31(3) den Acht um Idirscaradh Breithiúnach agus Athchóiriú an Dlí Teaghlaigh, 1989


    (h) Iarratas ar fhoraithne colscartha de bhun alt 5 den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Colscaradh), 1996 agus aon réamhiarratas nó iarratas cúnta a bhaineann leis faoi Chuid III den Acht céanna.


    (i) Iarratas chun imeachtaí a thionscnamh chun faoiseamh a fháil i ndiaidh colscartha nó idirscartha lasmuigh den Stát seo de bhun alt 23 den Acht um an Dlí Teaghlaigh, 1995.


    (j) Iarratas de bhun alt 15(A) nó alt 25 den Acht um an Dlí Teaghlaigh 1995 nó de bhun alt 18 den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Colscaradh), 1996.


    (k) Iarratas ar dhearbhú faoi stádais phósta faoi Chuid IV den Acht um an Dlí Teaghlaigh, 1995 (féach ordú 70A de Rialacha na nUaschúirteanna).

  21. Aon imeacht eile a bhfuil sé riachtanach nó ceadaithe de réir reachta go dtabharfaí í ar bhealach achomair os comhair cúirte agus nach bhfuil aon nós imeachta eile leagtha síos di faoi Rialacha na nUaschúirteanna - faoi mar atá i gcás éileamh faoi ailt áirithe den Acht Comharbais, 1965.
  22. Aon ghnó eile a mheasann an chúirt gur chóir déileáil leis le toghairm speisialta.

 

Toghairm díobhála pearsanta:

Is é an chéad chéim in éileamh maidir le díobháil phearsanta ná cur isteach ar an mBord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta (BMDP). Féadtar toghairm díobhála pearsanta a eisiúint nuair a chuireann an BMDP deimhniú ar fáil ina luaitear go bhfuil sé ag scaoileadh an éilimh.

Le hOrd 1A de Rialacha na nUaschúirteanna soláthraítear an t-eolas agus an nós imeachta atá le leanúint agus toghairm díobhála pearsanta á eisiúnt. I bhfoirm 1 in Aguisín CC a ghabhann le Rialacha na nUaschúirteanna, leagtar amach formáid na toghairme díobhála pearsanta.

Achainí

Cineál cáis nó caingne

  1. Iarratais áirithe faoi Acht na gCuideachtaí 2014 mar shampla nuair a iarrtar ordú chun cuideachta a fhoirceannadh (creidiúnaí de chuid na cuideachta a iarrann a leithéid de ghnáth) nó cuideachta a aischur ar Chlár na gCuideachtaí tar éis di a bheith bainte de toisc gur theip uirthi tuairisceán a comhdú nó ordú a chomhdú le scrúdaitheoir a cheapadh do chuideachta. Féach orduithe 74, 74A & 75 de Rialacha na nUaschúirteanna 1986 arna leasú.
  2. Nuair a iarrtar ordú maidir le neamhniú pósta.


Fógra tionscnaimh fhoriarratais:

Cineál cáis nó caingne

  1. Iarratas faoi alt 27 den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1976 ag éileamh ordú coiscthe maidir le forbairt nó úsáid neamhcheadaithe tailte.
  2. Iarratas ar athbhreithniú breithiúnach nuair atá cead na cúirte faighte chun a leithéid d'iarratas a dhéanamh.
  3. Iarratais ar bhannaí.
  4. Iarratais faoi ailt áirithe d'Acht na gCuideachtaí 2014 (féach ordú 75 de Rialacha na nUaschúirteanna arna leasú).
  5. Achomhairc chun na hArd-Chúirte de bhun alt 42(1) alt 42(2) nó alt 42(3) den Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997 (féach ordú 130 de Rialacha na nUaschúirteanna - I.R. 325 de 1998).
  6. Iarratais faoi na hAchtanna Aturnaetha, 1954 - 1990.

 

 

______________________________________________________
Rinneadh nuashonrú ar an leatheanach seo ar an: 22 Feabhra 2017