Fáilte go dtí ár leathanaigh do scoileanna. Féadfaidh tú foghlaim anseo faoin gcaoi a bhfeidhmíonn córas na gcúirteanna in Éirinn.
Féadfaidh tá fáil amach faoin ngnáthlá oibre a bheadh ag daoine éagsúla a oibríonn sna cúirteanna, ina measc aturnae agus cláraitheoir cúirte.
Féadfaidh tú rudaí spéisiúla a fháil amach freisin.
An raibh a fhios agat, mar shampla, gur oibrigh an fear a scríobh 'Dracula', Bram Stoker, mar chléireach sa chúirt sin ina bhfuil Cúirt Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath inniu?
Faigh amach an chaoi le cuairt ar na Cúirteanna Breithiúnais Coiriúla a chur in áirithe le haghaidh do ranga. agus faigh amach an rud a tharlaíonn i seomra cúirte trí pháirt a ghlacadh i dtriail bréige.