Réamhrá
Is iad Rialacha na nUaschúirteanna 1986 go príomha agus na treoracha chleachtais arna n-eisiúint ag Uachtarán na hArdchúirte a rialaíonn cleachtas agus nós imeachta na hArdchúirte.
Eisítear (cuirtear tús le) cineálacha éagsúla imeachtaí na hArdchúirte i bPríomh-Oifig na hArdchúirte atá lonnaithe sna Ceithre Cúirteanna i mBaile Átha Cliath.
Féadfaidh tú (má tá tú ag láimhseáil do chás féin) nó féadfaidh d'ionadaí dlíthiúil dul go dtí Príomh-Oifig na hArdchúirte chun aon doiciméad i do chás a eisiúint nó a chomhdú.
A mhalairt de sin, féadfaidh tú (nó d'ionadaí dlíthiúil) do dhoiciméad a chomhdú trí phost, nó trí sheirbhís malartaithe doiciméad (DX), nó trí na doiciméid a chur i mbosca atá ar fáil san oifig. Féach eolas maidir le comhdú neamh-phearsanta.
Tuilleadh eolais faoi Phríomh-Oifig na hArdchúirte.
Ní eisítear imeachtaí sna cineálacha cásanna seo a leanas sa Phríomh-Oifig, ach in Oifigí ábhartha na hArdchúirte mar a liostaítear thíos:-
Déileálann an Oifig Phrobháide le rúin probháide
Déileálann Oifig na gCoimircithe Cúirte le hachainíocha agus rúin coimircíochta
Déileálann Oifig Scrúdaitheoir na hArdchúirte le toghairmeacha agus rúin féimheachta
D'fhéadfadh cúrsaí a dhéileáiltear leo san Ardchúirt a bheith cuíosach teicniúil agus moltar dul i gcomhairle le haturnae faoi na cúrsaí sin.
Bain úsáid as na naisc thuas le haghaidh tuilleadh eolais maidir le cúrsaí na hArdchúirte.
Nóta: Ní doiciméad dlíthiúil é seo agus ní cheart a mheas gur comhairle dhlíthiúil atá inti. Más rud é go bhfuil comhairle dhlíthiúil uait ba cheart duit dul i gcomhairle le haturnae.
___________________________________________________
Rinneadh nuashonrú ar an leatheanach seo ar an: 7 Márta 2017