Cúirt: Uachtarach
Ábhar: Fuadach leanaí - Coinbhinsiún na Háige
Catagóir: Sibhialta
SC04 - Acht um Fhuadach Páistí agus Forfheidhmiú Orduithe Caomhnóireachta, 1991 - Coinbhinsiún na Háige
I ngach gcás tar éis an 1ú lá de Dheireadh Fómhair 2007 ina dtaisctear fógra achomhairc ó bhreithiúnas de chuid na hArd-Chúirte in imeachtaí faoin acht thuasluaite, déanfar an cás a liostáil lena lua ar an Déardaoin dar gcionn. Ní mór do na cleachtóirí san achomharc bheith in ann a léiriú don chúirt, nuair a ghlaoitear an chúis ar an lá sin, na bearta a cuireadh i bhfeidhm lena chinntiú go mbeifear in ann an t-achomharc a éisteacht go tapa. Tabharfaidh treoracha ag an tráth sin maidir le comhdú aighneachtaí scríofa agus socrófar dáta luath d'éisteacht an achomhairc.
Má thaisctear fógra achomhairc i rith na saoire, liostálfar an t-achomharc le haghaidh a luaite ar an gcéad Déardaoin den téarma dár gcionn nó ar dháta eile faoi mar a threorófar.
Tagann an treoir chleachtais seo in áit na treorach cleachtais den 17ú Iúil 2003 agus tá sí á heisiúint le cinntiú go gcomhlíonfaidh an Stát na forálacha de chuid Choinbhinsiún na Háige a éilíonn go ndéileálfar go pras gan mhoill le himeachtaí faoin gCoinbhinsiún.
John L. Murray
Príomh-Bhreitheamh
An 28ú Meán Fómhair 2007