Cúirt: Uachtarach
Ábhar: Nótairí poiblí
Catagóir: Sibhialta
SC12 - Ceapadh nótairí poiblí ag an bPríomh-Bhreitheamh
De bhun na gcumhachtaí a dílsíodh dom faoi ordú 127 de Rialacha na nUaschúirteanna (Uimh. 2 de 1993) eisím leis seo na an treoir agus an rialachán seo a leanas maidir le ceapadh nótaire poiblí:
1. Tabharfaidh an tachainíoch gealltanas cuí ina (h)iarratas go gceapfaí é/í mar nótaire poiblí go gcomhlíonfaidh sé/sí Cód Iompar le haghaidh nótairí poiblí ar ghlac Dhámh na Nótairí Poiblí in Éirinn leis ar 21 Deireadh Fómhair, 1986, mar aon leis na rialacha, na rialúcháin agus na fodhlithe a bhaineann le cleachtais agus iompar gairmiúil na nótairí poiblí in Éirinn, agus go gcloífidh sé/sí leis na caighdeáin sin ar chóir a bheith acu agus a fhoilseoidh Dhámh na Nótairí Poiblí in Éirinn ó am go chéile.
2. Beidh feidhm leis an treoir seo ar 2 Deireadh Fómhair, 2006 agus ar aghaidh.
John L. Murray
PRÍOMH-BHREITHEAMH
20 Meán Fómhair 2006