Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Suíonna Ard-Chúirte: Téarmaí Dlí

Nasc gaolmhar
Legal Diary: High Court lists

Beidh ceithre suíonna ag an gCúirt Uachtarach agus ag an Ard-Chúirt i mBaile Átha Cliath gach bliain, is iad sin ná: suíonna na Féile Michíl, suíonna na Féile Bríde, suíonna na Cásca agus suíonna na Tríonóide;

tosóidh suíonna na Féile Michíl ar an gcéad Luan i mí Dheireadh Fómhair agus críochnóidh siad ar an 21 Nollaig;

tosóidh suíonna na Féile Bríde ar an 11 Eanáir agus críochnóidh siad ar an Aoine den tseachtain roimh saoire na Cásca;

tosóidh suíonna na Cásca ar an Luan den tseachtain i ndiaidh saoire na Cásca agus críochnóidh siad ar an Déardaoin roimh Dhomhnach Cincíse;

agus

tosóidh suíonna na Tríonóide ar an gCéadaoin den tseachtain i ndiaidh seachtain na Cincíse agus críochnóidh siad ar an 31 Iúil,

ar an gcoinníoll go dtosóidh suíonna na Féile Bríde ar an Luan i ndiaidh an 11 Eanáir, más Satharn nó Domhnach é an lá sin. Ordú 118 Rialacha na nUaschúirteanna

Suíonn an Ard-Chúirt gach lá i rith an téarma sna Ceithre Chúirt, Baile Átha Cliath. Suíonn sé in ionaid réigiúnacha freisin ar laethanta atá sceidealta do shuíonna.

2019

Suíonna na Féile Bríde: 11 Eanáir - 12 Aibreán
Suíonna na Cásca: 29 Aibreán - 06 June
Suíonna na Trionóide: 19 Meitheamh - 31 Iúil
Suíonna na Féile Michíl: 7 Deireadh Fómhair - 20 Nollaig

2020

Suíonna na Féile Bríde: 13 Eanáir - 03 Aibreán
Suíonna na Cásca: 20 Aibreán - 28 Bealtaine
Suíonna na Trionóide: 10 Meitheamh - 31 July
Suíonna na Féile Michíl: 5 Deireadh Fómhair - 21 Nollaig

Saoire:

Bíonn breitheamh ar fáil le linn na saoirí ar fad chun éisteacht le cúrsaí atá sách práinneach agus leanfaidh na liostaí bannaí seachtainiúil atá ar siúl i dTeach Cúirte Chnoc na Seimre i rith an téarma ar aghaidh sna saoirí.

Téigh i dteagmháil leis an bPríomh-Oifig ag teil: +353 (0)1 888 6000 / 6505 / 6514 i gcomhair tuilleadh sonraí.

Nollag: 24 Nollaig - 6 Eanáir
An Cháisc: An Luan den tseachtain roimh sheachtain na Cásca - Satharn sheachtain na Cásca
Cincís: An Aoine den tseachtain roimh Dhomhnach Cincíse - Satharn na seachtaine Cincíse
Saoire fada: 1 Lúnasa - 30 Meán Fómhair

 

______________________
Nuashonrú: 21 Márta 2019