Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Cúirt: Uachtarach
Ábhar: Aighneachtaí scríofa
Catagóir: Sibhialta

SC05 - Aighneachtaí scríofa

Is minic nach ngéilltear don treoir chleachtais maidir le hInnéacs athscríbhinní, innéacs cáipéisí agus leabhair na núdarás i gcás aighneachtaí. Go háirithe, is minic nach gcuirtear innéacs athscríbhinní nó innéacs cáipéisí ar fáil nuair a éilíonn téarmaí na treorach cleachtais iad sin go sonrach agus is minic nach dtaisctear leabhar na nÚdarás go dtí go gearr roimh tosú na héisteachta.

Iarrtar ar chleachtóirí aire a thabhairt do na riachtanais seo le cabhrú le hobair na cúirte agus chun an leas is fearr a bhaint as am na cúirte.

Eiseoidh Oifig na Cúirte Uachtaraí cóipeanna den treoir chleachtais mar aon le teastas ullmhachta. Is féidir cóipeanna breise den treoir chleachtais a fháil ó Oifig na Cúirte Uachtaraí ach iad a iarradh.

Ronan Keane,
Príomh-Bhreitheamh.
27 Márta 2003.