Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Táillí na Cúirte Uachtaraí, na Cúirte Achomhairc agus na hArd-chúirte

Treoracha agus díolúintí san I.R. Uimh 492 de 2014

Sceidil Táillí na Cúirte Uachtaraí, an Cúirte Achomhairc agus na hArd Chúirte

1. (1) Féadfar an tOrdú um an gCúirt Uachtarach, um an gCúirt Achomhairc agus um an Ard-Chúirt (Táillí), 2014 a ghairm den Ordú seo.

(2) Tiocfaidh an tOrdú seo i ngníomh an 30 Deireadh Fómhair 2014.

2. San Ordú seo, tá le “Sannaí Oifigiúil” an bhrí chéanna atá leis in alt 3 (arna leasú le halt 27 den Acht um Chúirteanna agus an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2013 (Uimh. 32 de 2013)) den Acht Féimheachta, 1988 (Uimh. 27 de 1988).

3. Maidir le gach ítim a leagtar amach i gcolún (1) de gach Cuid de Sceideal 1, déanfar an táille a leagtar amach i gcolún (2) den Chuid lena mbaineann os coinne lua na hítime a mhuirearú sna hoifigí a ghabhann leis an gCúirt Uachtarach, leis an gCúirt Achomhairc, leis an Ard-Chúirt agus le hUachtarán na hArd-Chúirte agus i gclárlanna probháide ceantair.

4. (1) I ngach bliain airgeadais beidh na céatadáin a shonraítear i gCuid 1 de Sceideal 2 iníoctha, ar mhodh táillí cúirte, ar an ioncam bliantúil sa bhliain sin ó mhaoin gach duine mhímheabhraigh faoin dlínse a dhílsítear don Ard-Chúirt le halt 9 d’Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 (Uimh. 39 de 1961), agus maidir le forálacha Chuid sin 1, is forálacha iad in ionad fhorálacha alt 109 den Lunacy Regulation (Ireland) Act, 1871.

(2) I ngach bliain airgeadais beidh na céatadáin a shonraítear i gCuid 2 de Sceideal 2 iníoctha, ar mhodh táillí cúirte, ar an ioncam bliantúil sa bhliain sin ó mhaoin gach mionaoisigh faoin dlínse a dhílsítear don Ard-Chúirt le halt sin 9.

5. Ní bheidh aon táille iníoctha faoin Ordú seo i dtaca leis na nithe seo a leanas—

(a)    imeachtaí faoi Airteagal 40.4 den Bhunreacht,

(b)    imeachtaí faoi na hAchtanna um Eiseachadadh, 1965 go 2012,

(c)    imeachtaí faoi na hAchtanna um Barántas Gabhála Eorpach, 2003 agus 2012,

(d)    imeachtaí bannaí, nó

(e)    iarratas (in imeachtaí mar gheall ar chion coiriúil) ar athbhreithniú breithiúnach faoi Ordú 84, Riail 18 (a cuireadh isteach le Riail 2 de Rialacha na nUaschúirteanna (Athbhreithniú Breithiúnach), 2011 (I.R. Uimh. 691 de 2011)) de Rialacha na nUaschúirteanna (I.R. Uimh. 15 de 1986).

6. (1) Ní bheidh aon táille iníoctha faoin Ordú seo i dtaca leis na nithe seo a leanas —

(a)    imeachtaí dlí teaghlaigh,

(b)    cúiseanna nó ábhair maidir le pósadh,

(c)    imeachtaí faoi na hAchtanna Uchtála, 2010 go 2013, nó

(d)    imeachtaí arna dtionscnamh ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte —

(i)     faoi Achtanna na Leanaí, 1908 go 1989,

(ii)     faoi na hAchtanna um Chaomhnóireacht Leanaí, 1964 go 1997, nó

(iii)    faoi na hAchtanna um Chúram Leanaí, 1991 go 2013.

(2)    Ní bheidh aon táille iníoctha faoin Ordú seo de shárú ar mhír 3 d’Airteagal 5 de Choinbhinsiún Lucsamburg (de réir bhrí an Achta um Fhuadach Leanaí agus Forghníomhú Orduithe Coimeádta, 1991 (Uimh. 6 de 1991)).

(3)    Ní bheidh aon táille iníoctha faoin Ordú seo i dtaca le himeachtaí a bhfuil feidhm ag alt 5(5) den Acht Inimirce, 1999 (Uimh. 22 de 1999) maidir leo.

7. (1) Ní bheidh aon táille iníoctha faoin Ordú seo ag Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann, nó thar a ceann, i dtaca le himeachtaí faoin Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012 (Uimh. 44 de 2012).

(2) Ní bheidh aon táille iníoctha faoin Ordú seo, seachas i leith na n-ítimí ag uimhir thagartha 61, 62 nó 63 de Chuid 4 de Sceideal 1, i dtaca le himeachtaí faoin Acht Féimheachta, 1988.

8. Ní bheidh aon táille iníoctha faoin Ordú seo i dtaca le himeachtaí a bhfuil feidhm ag alt 3 den Acht Comhshaoil (Forálacha Ilghnéitheacha), 2011 (Uimh. 20 de 2011) maidir leo.

9. Ní bheidh aon táille iníoctha faoin Ordú seo ag, nó thar ceann, aon duine a mbeidh duine de na daoine seo a leanas ag feidhmiú ar a shon in aon imeachtaí (cibé acu imeachtaí sibhialta nó imeachtaí coiriúla) —

(a)    an Príomh-Aturnae Stáit,

(b)    an Príomh-Aturnae Ionchúisimh, nó

(c)    Aturnae Stáit áitiúil ag gníomhú dó sa cháil sin.

19. I gcás go ndiúltófar d’iarratas ó pháirtí in imeachtaí tráchtála chun na himeachtaí sin a aistriú chuig liosta tráchtála na hArd-Chúirte, aisíocfar leis an iarratasóir an táille a íocadh, i dtaca leis an iarratas sin, i leith na hítime ag uimhir thagartha 17(a) i gcolún (1) de Chuid 4 de Sceideal 1, lúide méid is comhionann leis an táille a shonraítear i gcolún (2) de Chuid 4 de Sceideal 1 os coinne uimhir thagartha 12.

11. Cúlghairtear leis seo an tOrdú um an gCúirt Uachtarach agus an Ard- Chúirt (Táillí), 2014 (I.R. Uimh. 24 de 2014).

 

________________________
Nuashonrú ar an leathanach seo: 1 Samhain 2016