Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Fógraí

3 Samhain 2016

Acht um Theangacha Oifigiúla 2003

Aighneachtaí á Lorg

Tá an tSeirbhís Chúirteanna i mbun athbhreithniú a dhéanamh ar a scéim teanga de réir Ailt 15 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus ag ullmhú dréachtscéim nua. Is í príomhaidhm an Achta ná a dheimhniú go dtiocfadh ardú ar sholáthar do sheirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge agus ardú ar chaighdeán na seirbhísí sin.

Bunaíodh an tSeirbhís Chúirteanna mar ghníomhaireacht neamhspleách ar an 9 Samhain 1999 i ndiaidh achtú an Achta um Sheirbhís Chúirteanna, 1998. Is iad feidhmeanna na gníomhaireachta seo ná:

• na cúirteanna a bhainistiú;
• seirbhísí tacaíochta a sholáthar do na breithiúna;
• eolas faoin gcóras cúirteanna a sholáthar don phobal;
• foirgnimh chúirte a sholáthar, a bhainistiú agus chothabháil a dhéanamh orthu;
•  saoráidí a chur ar fáil d'úsáideoirí na gcúirteanna;
•  feidhmeanna eile a sholáthar de réir mar a dhíreofaí in aon dlí eile.

Leagtar amach eolas maidir le ról na Seirbhíse Chúirteanna agus na seirbhísí a soláthraíonn sí don phobal sa Chairt Custaiméirí atá ar fáil ar an suíomh seo.

Tá aighneachtaí maidir le hullmhúchán na dréachtscéime nua a á n-iarraidh ag an tSeirbhís Chúirteanna ó iadsan a bhaineann úsáid as na seirbhísí a gcuirimid ar fáil. Ba chóir nach mbeadh níos mó ná 4,000 focal sna haighneachtaí seo (c. 8 leathanach ar fhad). Is fearr na haighneachtaí, a chuirfear ar fáil ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse Chúirteanna, a chur isteach go leictreonach chuig fiosruithe@courts.ie ach ina ionad sin, is féidir aighneachtaí lámhscríofa a sheoladh sa phost chuig: Eoghan Mac Gearailt, Rúnaí, an Grúpa Oibre um Acht na dTeangacha Oifigiúla, an tSeirbhís Chúirteanna, na Ceithre Cúirteanna, Cé na nÓstán, Baile Átha Cliath 7.

Ní mór do na haighneachtaí a bheith istigh faoi 5 p.m. Dé Luain, 5 Nollaig 2016, an sprioc-am bainteach.

Tá tuilleadh eolais faoin Acht um Theangacha Oifigiúla ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisinéara Teanga, chuig www.coimisineir.ie